Deichniúr eile básaithe, 426 cás nua den víreas fógartha

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh duine ar bith eile básaithe de dheasca an víris

Deichniúr eile básaithe, 426 cás nua den víreas fógartha

Tá deichniúr eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 426 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

Bhásaigh ceathrar den deichniúr an mhí seo, bhásaigh cúigear an mhí seo caite agus is i mí Feabhra a bhásaigh an duine eile acu.

153 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 47 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil glactha ag an Rialtas le moladh gur leor snáthaid amháin le bheith vacsaínithe i gcás daoine faoi bhun 50 a bhfuil a sláinte acu agus a raibh Covid-19 orthu le sé mhí. 

Chomh maith leis sin, táthar le vacsaíní Johnson & Johnson agus AstraZeneca a thabhairt do dhaoine os cionn 50 bliain d’aois.

Táthar ag súil go gcuirfidh na moltaí maidir le AstraZeneca agus Johnson & Johnson dlús le cur i gcrích an chláir vacsaínithe

Deir an Rialtas go gcuirfear tús a luaithe agus is féidir le dáileadh na vacsaíní AstraZeneca agus Johnson & Johnson ar dhaoine idir 50-59 bliain.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 998,134 duine agus an dara dáileog faighte ag 399,927 duine.

Bhain 39 den 426 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le Dún na nGall.

Ní raibh cás ar bith le fógairt i gCiarraí inniu.

28 cás a bhain le contae na Mí, 19 cás a bhí i nGaillimh agus 16 cás a bhí i gCorcaigh. Seacht gcás a bhí i bPort Láirge agus sé chás a bhí i Maigh Eo.

Meánráta 123 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 288 atá i nDún na nGall, an ráta is airde sa tír, agus tá an ráta i gcontae na Mí, 153, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 83 atá i nGaillimh, 76 atá i Maigh Eo agus 68 atá i bPort Láirge. Ráta 43 atá i gCorcaigh agus 28 atá i gCiarraí, an dara ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh duine ar bith eile básaithe ansin de dheasca an víris. 109 cás nua a deimhníodh ansin.

64 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seachtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 919,292 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 356,403.

7,025 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,143 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,884 duine ó dheas di.

367,383 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 247,489 cás ó dheas den teorainn agus 119,894 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Deichniúr eile básaithe, 426 cás nua den víreas fógartha'