Deich nAitheanta an Scríbhneora Gaeilge…

Tá ár gcolúnaí sa mhodh ordaitheach an tseachtain seo agus is maith ann é...

Ten_Commandments

  1. Is é an réamhfhocal do shlánaitheoir; ná déan duit féin carn ainmfhocal. Ná scríobh ‘córas dea-chleachtas bainistíochta teachtaireachtaí ríomhphoist’ nuair is féidir ‘córas dea-chleachtas chun teachtaireachtaí ríomhphoist a bhainistiú’ a scríobh.
  1. Cuimhnigh: ‘Bhí an Briathar ann i dtús báire.’ Cuireann briathar brí san abairt. Ná scríobh slabhra fada focal mar ‘ceapadh straitéis earcaíochta saineolaithe oideachais’ in áit ‘straitéis a cheapadh chun saineolaithe oideachais a earcú’.
  1. Ná sléacht roimh fhoclóirí agus ná déan iad a adhradh. Fiú má tá ‘baol féideartha’ i bhfoinse éigin, ní chrosann sin ort ‘contúirt’ a scríobh.
  1. Ná tarraing chugat foclóir le mí-úsáid a bhaint as. In ainneoin delivery an Bhéarla, ná scríobh ‘leanbh a sheachadadh’ nuair is ‘leanbh a thabhairt ar an saol’ atá i gceist agat. Léigh réamhrá an fhoclóra agus an treoir d’úsáideoirí. Cuir eolas ar na noda (Jur. Ling. srl.) a chomharthaíonn na réimsí saoil ina n-úsáidtear focal. Tabhair faoin ghearrchúrsa scileanna cuardaigh ar www.tearma.ie/Course.aspx.
  1. Coimeád an dobhriathar agus naomhaigh í. Ní theitheann daoine ó thine ‘go huathoibríoch’. Ní íocann tú bille ‘go pearsanta’. Ní fhéachann daoine ‘go dona’. Is amhlaidh a theitheann daoine gan fiú smaoineamh air. Tú féin a íocann an bille. Bíonn droch-chuma ar dhaoine.
  1. Tabhair onóir don fhaí chéasta agus don aidiacht bhriathartha. Tá difear mór idir ‘maraíodh inné é’ agus ‘bhí sé marbh inné.’ Tugann an dara leagan le fios nach bhfuil an duine seo marbh níos mó. Ná scríobh é sin, mura bhfuil tú ag trácht ar Lazaras.
  1. Ná déan dia den réamhfhocal de. Ná bíodh imní ort faoin ‘praghas de bhreosla.’ Úsáidtear ‘de’ nuair a bhíonn roinnt páirteanna i rud, nó nuair a bhíonn níos mó ná rud amháin ann. Ní bhíonn ach praghas amháin ar bhreosla in am ar bith.
  1. Ná santaigh an réamhfhocal ‘le’. Is focal beag neamhurchóideach é ‘le’ agus níor cheart ualach róthrom a chur air i dtús abairte (‘Le mí fágtha roimh an toghchán, tá feachtais na bpáirtithe ag cruinniú nirt.’) ná é a chur in áit an chlásail choibhneasta (‘Ní daoine leisciúla iad, ach daoine le heaspa spriocanna.’)
  1. Ná déan dia bréige den litreoir. Is maith ann iad na litreoirí céanna ach ní chosnóidh siad thú ar thuaiplisí mar seo: ‘Iarann an cóiste ort cloígh leis na rialacha.’ D’fhéadfadh ‘iarann’, ‘cóiste’ agus ‘cloígh’ a bheith láncheart, ag brath ar an chomhthéacs. Bíonn litreoirí dall ar chomhthéacs.
  1. Tabhair onóir don ainmfhocal agus don aidiacht agus dealaigh eatarthu. Ná déan ‘cainteoir dúchasach’ den ‘cainteoir dúchais.’ Ná déan ‘comhionannas ciníoch’ den ‘comhionannas cine’.
  1. Ná gabh thar an líon focal a cheap an t-eagarthóir duit…

 

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Deich nAitheanta an Scríbhneora Gaeilge…'

  • Eoghan ONeill

    Gura maith agat a Antain. Tá mé i ndiaidh an liosta a phriontáil.

    • Mise Áine

      Mise, freisin!

  • colette bennett

    táim ag iarraidh foghlaim. Nílim ag iarraidh bheith cliste. Sé sin le rá is ceist dáiríre í seo. Cén fáth Deich nAitheanta sa teideal. Nach leanann an uimhir uatha na huimhreacha? Deich n-Aithne?

    • Antain Mac Lochlainn

      Ceist mhaith, a Colette. Is fíor duit gurb í an uimhir uatha a bheadh ann de ghnáth. Feicim gur ‘Na Deich nAithne’ atá in FGB, cuir i gcás. Ach bíodh is nach bhfuil sé iomlán caighdeánach, is leagan traidisiúnta, seanbhunaithe é ‘Na Deich nAitheanta’. Sin atá i leagan Mhá Nuad den Bhíobla Naofa, agus i mBiobla Bedell chomh maith. Tá sé rud beag cosúil leis an ainm ‘Na Ceithre Cúirteanna’, nach bhfuil iomlán caighdeánach ach atá in úsáid go fairsing.

  • máire

    mar ní raibh an Caighdeán Oifigiúil ar eolas ag Maois agus ní bhfaigheadh sé post i Rannóg an Aistriúcháin!

    • Aonghus

      Sin é! Ach tá Antain Fáidh againn le léirmhíniú a dhéanamh!

    • Mise Áine

      Go deimhin..:-)

  • Philip

    Maidir le hAithne 4 thuas, dá dtabharfadh duine aird ar an nod (Phil.) taobh leis an fhocal ‘eispéreas’ i bhfoclóir Uí Dhónaill, seans go dtiocfadh linn an ruaig a chur air as achan dara tuairisc scríofa.