Deich lá d’imeachtaí beartaithe agus clár Oireachtas fíorúil na Samhna fógartha

Beidh oscailt oifigiúil Fhéile Oireachtas Samhna ar siúl beo ar líne anocht

Deich lá d’imeachtaí beartaithe agus clár Oireachtas fíorúil na Samhna fógartha

Cuirfidh Máirtín Tom Sheáinín cláracha speisialta, Ceiliúradh an Oireachtais, i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn

Tá na sonraí curtha ar fáil ag Oireachtas na Gaeilge maidir le himeachtaí a bheidh ar siúl le linn Oireachtas ‘fíorúil’ na Samhna 2020.

Meascán d’ócáidí nua agus d’ábhar cartlainne atá ar chlár na féile i mbliana.

Bhí Oireachtas na Gaeilge le bheith ar siúl i gcathair na Gaillimhe i mbliana mar chuid de Ghaillimh 2020 ach fógraíodh mí an Mheithimh seo caite go raibh Oireachtas na Samhna á chur ar ceal den chéad uair le breis is 80 bliain de dheasca na paindéime Covid-19.

Mar sin féin, tá clár imeachtaí deich lá beartaithe ag lucht an Oireachtais idir seo agus Dé Domhnaigh, an 1 Samhain.

Beidh oscailt oifigiúil na féile ann anocht agus í á seoladh i gcomhpháirt le Muintir Uí Cheannabháin agus Éigse Mhichael Mháire Ghabha. Beidh an seoladh le feiceáil beo ar shuíomh an Oireachtais ag 7.30i.n.

Cuid d’imeachtaí Oíche Chultúir 2020 agus súil siar ar chomórtais éagsúla a bheidh le feiceáil i rith an deireadh seachtaine. Beidh scannán faoi stair 6 Sráid Fhearchair, á chur i láthair ag Cuan Ó Seireadáin, le feiceáil Dé Sathairn ag 6.00i.n. agus beidh eagráin speisialta de na cláracha Céilí House agus The Rolling Wave le cloisteáil ar RTÉ Raidió 1 ag 9.00i.n. Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh agus iad ag díriú ar cheoltóirí agus ar phearsana an Oireachtais.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl i rith na seachtaine seo chugainn, beidh buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais á bhfógairt ag meán lae Dé Máirt agus craolfar eagrán speisialta de 7 Lá faoi aos óg na Gaeltachta an oíche sin, ag 8.00pm

Beidh seimineár príobháideach ar líne ag díriú ar ghairmeacha le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar siúl maidin Dé Céadaoin ag 9.00pm. Is ag 7.30pm an oíche sin a fhógrófar buaiteoirí na nGradam Cumarsáide 2020.

Seolfar úrscéal nua Alan Titley, Lúba, ag 1.00pm Déardaoin agus beidh seoladh leabhar agus taispeántas ealaíne ann ag a 2.00pm chun 40 bliain Údarás na Gaeltachta a cheiliúradh.

Cuirfidh Máirtín Tom Sheáinín cláracha speisialta, Ceiliúradh an Oireachtais, i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn. Dé hAoine seo chugainn, ó 3pm go 5pm, beidh eagrán speisialta de Bhladhaire le cloisteáil – An tOireachtas sa Bhaile le Bladhaire. Gealltar go mbedih an clár “lán go boimbéal le ceol beo, lúibíní, amhránaíocht, sceitse, spraoi, comórtais agus neart eile”.

Tráthnóna Dé Sathairn ag 1.00pm léifear cuid den nua-fhilíocht Ghaeilge is fearr sa tír ag Cúirt Filíochta agus tabharfar deis don phobal aithne a chur ar fhilí na tíre.

Beidh Díospóireacht Ghael-Linn ann ag 2pm. agus ina diaidh reáchtálfar seimineár dar teideal ‘Na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht – Éiginnteacht agus Éigeandáil?’.

Beidh prós nua-fhoilsithe á léamh ag triúr scríbhneoirí Eithne Ní Ghallchobhair, Áine Uí Fhoghlú agus Pádraic Breathnach ag 4.30pm agus déanfar 35 bliain de Chló Iar-Chonnacht a cheiliúradh le cuidiú ó mhíreanna cartlainne.

Tiocfaidh deireadh leis an bhféile Dé Domhnaigh, an 1 Samhain, nuair a chraolfar Aifreann an Oireachtais ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 11.00am.

Fág freagra ar 'Deich lá d’imeachtaí beartaithe agus clár Oireachtas fíorúil na Samhna fógartha'