Deich gcúis nár chóir dearmad a dhéanamh ar chás Robert Troy 

Neartóidh scéal an aire rialtais a cheannaigh aon teach nó árasán déag míshásamh na mílte…

Deich gcúis nár chóir dearmad a dhéanamh ar chás Robert Troy 

Chuir an méadú ard ar bhillí leictreachais agus gáis a fógraíodh Dé hAoine i gcuimhne don rialtas agus do chách gur doimhne agus gur láidre an stoirm atá ag teannadh leo ná an míshásamh a spreag scéal Robert Troy.

Chuir éirí as oifig Troy mar aire stáit deireadh le conspóid a tharraing aird ar lagchaighdeáin pholaitiúla (mar a cíoradh i mo cholún seachtain ó shin) agus, níos tábhachtaí b’fhéidir, aird ar an ngéarchéim tithíochta.

Is fiú na cúiseanna gur chuir freagra mall Troy ar cheisteanna réasúnta an oiread míshásaimh ar mhórán a phlé sula gceapfar Teachta Dála eile (Dara Calleary, Paul McAuliffe agus James Lawless atá á lua leis an bpost) mar chomharba air.

1 Thug Troy ceacht in aghaidh a thola do gach aire nó Teachta Dála a bheidh i dtrioblóid feasta mar gheall ar neamhchloí le dlí a bhaineann lena gceird. Is féidir teacht slán uaireanta (a) má admhaítear go ndearnadh feall nó faillí (b) gan mhoill agus (c) go hiomlán. Thóg sé coicís ar Robert Troy a scéal iomlán a insint. Deimhníonn moill agus neamh-iomláine contúirt pholaitiúil i gcónaí.

2 Mhúin Troy ceacht, de thimpiste, freisin don Taoiseach agus don Tánaiste. Ní cóir tacaíocht gan choinníoll a thabhairt d’aire gan a dheimhniú roimh ré go bhfuil an fhírinne iomlán inste aige. Má thugtar beannacht róluath agus róthrócaireach dó, mar a tugadh i gcás Robert Troy, cuimhneoidh an pobal agus go leor Teachtaí Dála ar mhístuaim na gceannairí.

3 Thug an Taoiseach agus ceannaire Fhine Gael deis bhreá d’Eamon Ryan a thaispeáint nár chóir neamhaird a thabhairt ar a thionchar ar na páirtithe eile sa chomhrialtas. Ní raibh focal cáinteach ráite faoi Robert Troy ag Micheál Martin ná ag Leo Varadkar nuair a thug an ceannaire Glas “ábhar mór díomá” ar iompar Troy le linn agallaimh raidió ag am lóin Dé Céadaoin. D’fhógair Troy go raibh sé ag éirí as a phost mar aire stáit níos déanaí an lá sin.

4 Níor chuidigh Robert Troy lena chás féin nuair a dúirt sé gur oibrigh sé go dian ar feadh a shaoil, agus nach ngabhfadh sé leithscéal as a bheith ina thiarna talún. Ní trua a spreag féinmheas agus cosaint dá leithéid ach a mhalairt. Tá go leor daoine sa tír a oibríonn go dian ach nach acmhainn dóibh teacht ar áit chónaithe amháin, gan trácht ar aon cheann déag mar atá ag Robert Troy.

5 Dúirt Troy go raibh aiféala air (mar a deir airí go minic a éiríonn as oifig) gur tharraing a scéal féin súil an phobail ó chúrsaí tromchúiseacha agus ón obair bhreá, dar leis, atá á déanamh ag an Rialtas. A mhalairt atá fíor dáiríre. Léirigh a chás do chách nár chuir an ghéarchéim tithíochta as in aon chor don aire stáit. A mhalairt go deimhin; tá an oiread ionad cónaithe ina sheilbh nach raibh sé ábalta ná toilteanach iad a chuntas de réir dlí.

6 Níor cuireadh iachall ar Robert Troy éirí as toisc gur tiarna talún é. Níl a ghairm pháirtaimseartha cáinte ag duine ar bith sa bhfreasúra. Níor thug duine freagrach ar bith “bithiúnaigh” ar thiarnaí talún ach oiread, mar a dúirt Troy agus é ag éirí as a phost. Dá mbeadh lán-fhaisnéis curtha ar chlár leasanna chomhaltaí an Oireachtais aige, bheadh sé fós ina aire stáit agus slán ó bhuairt.

Is iad na daoine nach bhfuil teach ná árasán dá gcuid féin acu, ná dóchas acu go mbeidh ar feadh i bhfad nó in aon chor, a thabharfaidh an breithiúnas is déine ar an meon a léirigh Robert Troy. Léirigh taighdeoirí ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta le gairid go raibh laghdú mór tagtha ar an gcéatadán den daonra a bhfuil áit chónaithe dá gcuid féin acu: ó 60 faoin gcéad in 2004 go dtí 27 faoin gcéad in 2019. Tá an claonadh sin ag dul i dtreise ó shin.

8 Thug urlabhraí le fios thar ceann an Aire Caiteachais agus Athchóirithe Michael McGrath Déardaoin go mbeidh beartais chun an dlí a bhaineann le cúrsaí eitice sa saol poiblí a leasú á bhfoilsiú aige go luath. Neosfaidh an aimsir an neartóidh an leasú a mholfaidh sé an dlí, mar atá molta le breis agus deich mbliana ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

9 Tá 44 Teachta (as 160) sa Dáil ar tiarnaí talún iad nó a ligeann talamh ar cíos le daoine eile. Má chuirtear 29 Seanadóir (as 60) san áireamh, is féidir a rá go bhfuil leas i réadmhaoin ar cíos ag 37 faoin gcéad de chomhaltaí an Oireachtais.

 Ní hionann sin agus a rá go dtugtar aird iomarcach ar a dtuairimí ach is léir an fhírinne lom: níl ionadaíocht dhíreach dá leithéid ag tionóntaí nó ag daoine nach féidir leo áit chónaithe ar chíos réasúnta a aimsiú.

10 Is léir do chách an fáth gur chuir scéal Troy fearg ar mhórán. Nuair a thug an tUachtarán “teip” agus “tubaiste” ar an ngéarchéim tithíochta beagán le cois dhá mhí ó shin, ní raibh fonn ar airí rialtais a ndúirt Micheál D. Ó hUigínn a cháineadh. Faoi cheann dhá mhí go deimhin, d’admhaigh Leo Varadkar gurbh ionann an ghéarchéim agus sárú ar an gconradh sóisialta. Dúirt an Tánaiste le thejournal.ie freisin go gcaithfí iarracht eile a dhéanamh “féachaint cad is féidir linn a dhéanamh”.

   Ní raibh tairiscint ná gealltanas ar leith i gcaint an Tánaiste. Ach b’ionann é agus admháil neamhdhíreach go raibh an ceart ag an Uachtarán, agus go raibh cúis láidir mhíshásaimh ag daoine gan dídean, nó gan dídean oiriúnach.

   Neartóidh scéal an aire rialtais a cheannaigh aon teach nó árasán déag míshásamh na mílte nach léir dóibh fós an mbeidh siad ábalta oiread agus áit chónaithe amháin a cheannach uair éigin.

Fág freagra ar 'Deich gcúis nár chóir dearmad a dhéanamh ar chás Robert Troy '

  • Eoin Ó Murchú

    Alt an-stuama ar fad. Maith thú, a Chathail.

  • Séan Ó Súilleabháin

    *******************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *******************************************************************************

    A Chathail,
    Bíonn an fhírinne searbh agus is alt agus anailís den scoth a bhfuil scríofa agat.

    Go díreach an rud a tharla ná gur bhris ‘Robert Troy’ an ‘t-Aonú Aitheanta Déag’ (óna Na Deich n-Aithne) agus gabhadh é. Amach anseo tiocfaidh tuileadh eolais i dtaobh Teachtaí Dála eile – na creatúir bochta.

    Nuair atá géirchéim thithíochta, costas maireachtála ag méadú, cúrsaí sláinte ar mire, dearcadh an Stáit i dtaobh na Gaeilge ar mire fosta, reifreann i dtaobh Aontú na Tíre seo le teacht, bíonn neart ann leis an dallamulllóg a chur ar dhaoine agus dul ar aghaidh le ‘drochchaighdeáin sa saol poiblí’ nó caimiléireacht.

    Ach ar an droch-uair ní féidir córas caipitilíoch riar ar chúrsaí soisialta agus ag an am chéanna geilleagair a mhaireann ar bhrabús agus láimhseáil boilsithe a chur chun tosaigh.

    Is mise le dóchas mór ( mar dhea)
    Dónall Mac Billings mór
    Mac na Reablóide teanga agus Polaitíochta

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059

    *********************************************************************************

  • JP

    Ba mhaith le gach aon duine beo a bheith ina thiarna talún.