Deich gcinn de dhushláin dlí tugtha in aghaidh Roinn na Gaeltachta ó 2011

Breis agus €400,000 de chostais dlí íoctha ag an Roinn na Gaeltachta idir 2011 agus 2014

 

Screen Shot 2015-12-05 at 11.18.51

Tá trí chás dlí á dtabhairt in aghaidh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i láthair na huaire.

Seacht gcinn a tugadh ina haghaidh idir 2011 agus 2014. Socraíodh ceithre cinn de na cásanna sin agus costais dlí €197,600 san iomlán orthu.

€212,500 a chosain socraíochtaí nó damáistí a d’eascair as na ceithre chás sin idir 2011 agus 2014.

B’éigean don Roinn costais dlí €27,500 a íoc sna trí chás eile.

Ní chuirtear san áireamh sa mhéid sin eagrais atá ag feidhmiú faoi choimirce na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ar eintitis dhlíthiúla astu féin iad.

Fág freagra ar 'Deich gcinn de dhushláin dlí tugtha in aghaidh Roinn na Gaeltachta ó 2011'