Deich gceist faoi COP26 – cruinniú cinniúnach don domhan uilig

Seo a leanas deich bhfreagra ar cheisteanna faoi aidhmeanna na comhdhála ar a dtugtar COP26, bunaithe ar an eolas atá ar fáil faoi láthair faoi aidhmeanna na gceannairí rialtais

Deich gceist faoi COP26 – cruinniú cinniúnach don domhan uilig

Dá réiteodh caint agus cruinnithe mórfhadhbanna an domhain, bheadh leigheas molta agus curtha i bhfeidhm cheana féin chun stop a chur leis an athrú contúirteach aeráide. Ainneoin fianaise na saineolaithe áfach agus ainneoin an ghéar-riachtanais a admhaítear anois níos mó ná riamh, ní léir fós an toil idirnáisiúnta a theastaíonn chun athrú aeráide a mhaolú.

An ngeallfar agus an ndéanfar dóthain leis an gcontúirt atá ag teannadh leis an bpláinéad a sheachaint? Seo a leanas deich bhfreagra ar cheisteanna faoi aidhmeanna na comhdhála ar a dtugtar COP26, bunaithe ar an eolas atá ar fáil faoi láthair faoi aidhmeanna na gceannairí rialtais a bheidh i láthair.

1 Cad é ‘COP26’?

Is iad sin túslitreacha na bhfocal Béarla ‘Conference of the Parties’ nó i bhFraincis ‘Conférence des Parties’ – teideal leamh ar chomhdháil thábhachtach faoi athrú aeráide.  Tagraíonn sé don 26ú cruinniú de bhallstáit na Náisiún Aontaithe ar tugadh cuireadh dá gceannairí freastal ar theacht le chéile a thosóidh i nGlaschú an 31 Deireadh Fómhair agus a mhairfidh ar feadh coicíse.

Is ag an gcomhdháil a tionóladh i bPáras in 2015 a fógraíodh conradh go ndéanfadh rialtais iarracht uasteorainn 1.5ºC a chur le téamh na cruinne.

2 Is é sin an conradh ar tharraing Trump na Stáit Aontaithe amach as?

Sin é go díreach. I mí Eanáir chuir an tUachtarán Biden, a bheidh ag freastal ar an gcomhdháil seo i nGlaschú, cinneadh Trump ar ceal. Cinneadh a thug misneach do mhórán go mb’fhéidir go mbeadh toradh dáiríre ar COP26. 

3 Tugaim faoi deara gur ‘cuireadh’ chun na comhdhála a dúirt tú. An ionann é sin agus leide nach mbeidh ceannairí as gach tír i láthair?

Is ionann. Shílfeá go mbeadh fonn ar a bhformhór mór a bheith i láthair chun a thabhairt le fios ar a laghad gur mian leo gníomhú in aghaidh an dainséir atá ag teannadh leis an bpláinéad, fiú mura bhfuil gníomh láidir dáiríre á thairiscint acu.

Ní féidir a bheith cinnte fós áfach go mbeidh Xi Jinping na Síne, Vladimir Putin na Rúise, Narendra Modi na hIndia ná Scott Morrison na hAstráile i láthair. Ní bheidh rath ar an gcur chuige a theastaíonn chun stop a chur le téamh na cruinne amach anseo mura dtoilíonn rialtais na dtíortha sin a bheith páirteach ann, agus mura gcuireann siad gealltanais nár thugadar fós i bhfeidhm.

4 An mbeidh an Taoiseach i láthair?

Beidh. Ní bheadh fonn air é admháil ach cé go bhfuil plean aeráide agus laghdú i ngach earnáil i saol na tíre geallta ag an rialtas, níl na socruithe crua fógartha ná curtha i bhfeidhm fós abhus – mar a léirigh an tuairisc a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil Dé hAoine.

Ainneoin na paindéime agus ainneoin na dianghlasála a bhí i bhfeidhm ar feadh tréimhsí fada anuraidh, theip ar an tír an laghdú ar astaíocht charbóin a leagadh amach sa phlean aeráide atá (in ainm agus a bheith) i bhfeidhm a bhaint amach. Ba mhaith leis an rialtas plean, ina leagfar amach na slite ina gcuirfear laghdú 51% ar ár n-astaíocht charbóin iomlán faoi 2030, a fhoilsiú sula dtéann an Taoiseach go Glaschú ach níl socrú cinnte faoin bplean sin déanta fós.

Má insíonn Micheál Martin an fhírinne lom i nGlaschú, iarrfaidh sé ar thíortha eile déanamh de réir ár mbriathra in Éirinn seachas ár ngníomh go dtí seo.

5 Is cuimhin liom an dóchas a spreag Comhaontú Pháras in 2015 go raibh rialtais an domhain ag tabhairt faoin athrú a theastódh chun stop a chur le téamh na cruinne. Cad a tharla ó shin?

Socraíodh i bPáras gur chóir téamh an phláinéid a choinneáil faoi bhun a dó faoin gcéad (i gcomparáid leis an ré réamhthionsclaíoch) agus go ndéanfadh gach rialtas a dhícheall chun é choinneáil faoi 1.5% ar a mhéad. Socraíodh freisin gur sna tíortha forbartha a dhéanfaí an laghdú is mó ar astaíocht charbóin, agus go gcuirfeadh rialtais cabhair airgeadais ar fáil do thíortha eile chun laghdú níos lú a bhaint amach. Níor comhlíonadh na haidhmeanna sin fós.

6 Abair nach mbeidh toradh fiúntach dáiríre ar COP26 ná ar chomhdhálacha eile dá leithéid amach anseo agus nach gcuirfear stop in aon chor le síorthéamh an domhain. An bhfuil cur síos tomhaiste déanta ar an tionchar a bheadh ag téamh leanúnach ar shaol an phláinéid amach anseo?

Is i dtuairiscí an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar Athrú Aeráide atá an cur síos is cuimsithí ar an athrú atá tugtha faoi deara go dtí seo, agus ar an tionchar a bheidh ag polasaithe éagsúla amach anseo. Sa chás is tromchúisí, ina nglactar leis gur síorthéamh a fheicfear, measann saineolaithe an Phainéil go mbeidh an pláinéad thart ar 4.4°C níos teo faoi 2100. Ní féidir mionsonraí an tionchair a bheadh ag téamh gan teorainn a thuar, ach seo trí mhór-athrú tubaisteach a d’fheicfí idir an dá linn dar le saineolaithe an Phainéil:

D’fhágfadh ardú ar leibhéal na farraige talamh íseal cois cósta faoi uisce ar fud an domhain, agus Éire san áireamh.

Dhéanfadh stoirmeacha, tuilte, triomach agus mórbhabhtaí drochaimsire díobháil as cuimse ar fud an domhain.

Bheadh an teocht chomh hard i réigiúin áirithe nach bhféadfaí maireachtáil iontu in aon chor ar feadh tréimhsí gach bliain.

7 Cén t-athrú a theastaíonn, dar le saineolaithe an IPCC?

Athrú mór, gan mhoill. Laghdú caoga faoin gcéad ar astaíocht charbóin iomlán an phláinéid faoi 2030, agus laghdú eile ina dhiaidh sin ionas go sroichfear glanleibhéal nialais nó a náid faoi 2050.

8 Is cosúil an ghéarchéim chomhshaoil agus an ghéarchéim Covid-19 toisc gur léir an chontúirt do gach tír ar domhan. Má bhreathnaítear mar aonad ar an gcur chuige domhanda ó thosaigh an phaindéim, nach léir mór-ábhar imní?

Is léir gan dabht. Ach tá difríocht thábhachtach amháin idir an dá chontúirt. Leath an phaindéim ar fud an domhain in imeacht cúpla mí. Is de réir a chéile atá an ghéarchéim aeráide ag teannadh linn agus á léiriú. Fiú má theipeann mar atá á thuar ar COP26, beidh deiseanna eile ag ceannairí an domhain, ar feadh tamaill, chun tabhairt faoin laghdú práinneach ar astaíocht atá riachtanach.

9 Do bharúil, an mbeidh toradh fiúntach ar COP26?

Ní bheidh, más ag caint ar chomhaontú éifeachtach a chomhlíonfar go héifeachtach atáimid.

Dúirt an gníomhaí óg aeráide Greta Thunberg an tseachtain seo caite gur geallúintí gan bhrí dáiríre a chloisfear i nGlaschú agus go mbeadh an scéal amhlaidh go dtí gcuirfí brú láidir leanúnach ar na polaiteoirí. Tairngreacht stuama.

10 Ar chóir a bheith éadóchasach mar sin faoin toradh a bheas ar an gcaint, arís eile?

Dea-scéal agus drochscéal. Is é an dea-scéal nach mbíonn ceannairí rialtais toilteanach de ghnáth rogha chrua a dhéanamh go dtí gur léir nach bhfuil aon dul as acu. Is déine an rogha i dtíortha daonlathacha, mar a d’admhaigh iar-uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker le linn ghéarchéim airgeadais na mblianta 2008-2010. “Is léir dúinn uilig an gníomh ba chóir dúinn a dhéanamh,” a dúirt sé, “ach ní léir dúinn conas a bheimis atofa má dhéanfaimid é.’

Agus an dea-scéal? Cuimhnigh ar bhabhtaí móra drochaimsire 2021 go dtí seo. Thaispeáin na tuilte inar maraíodh suas le dhá chéad sa Ghearmáin, na tinte a chuaigh ó smacht sa Ghréig agus i gCalifornia, agus babhtaí ardteochta in iarthar Cheanada an tslí a léireofar go leanúnach an dainséar a bhaineann leis na athrú aeráide.

   Ní theastaíonn ach aird a thabhairt ar scéal na haimsire, in am trátha.

Fág freagra ar 'Deich gceist faoi COP26 – cruinniú cinniúnach don domhan uilig'