Dearthóir faisin as Gaeltacht Chonamara i seó mór san RDS

Tá gairm nua mar dhearthóir faisin ag Caterina Coyne a chaith blianta ag taisteal an domhain mar phríomhdhamhsóir le Riverdance

Caterina Coyne

Beidh bean óg as Gaeltacht Chonamara ar dhuine de na dearthóirí a bheas i gceartlár an aicsin ag an seó faisin is mó in Éirinn i mbliana san RDS i mBaile Átha Cliath ar an Déardaoin seo chugainn (8 Márta).

Éacht ann féin é do dhearthóir nua a bheith roghnaithe le dearadh a chur ar taispeáint ag an ócáid seo ach tá aitheantas eile bainte amach ag Caterina Coyne freisin – tá sí ainmnithe ar an ngearrliosta don ghradam mar dhearthóir na bliana ag The Irish Fashion Innovation Awards a bheas ar siúl coicís ina dhiaidh sin i nGaillimh, ar an 22 Márta.

Cé gur i Londain a rugadh Caterina Coyne d’fhill a tuismitheoirí ar Chonamara ar an mBóthar Buí in Indreabhán agus í ina cailín óg. I gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal a fuair sí a cuid meánoideachais. Bhíodh sí ag freastal ar ranganna sa damhsa Gaelach i Londain agus lean sí leo nuair a bhog an chlann abhaile.

In imeacht na mblianta bhuaigh sí duaiseanna go leor, ina measc cúig cinn de chraobhacha Chonnacht agus tháinig sí sa chúigiú háit tráth amháin i gcomórtais rince na cruinne.

Thug na steipeanna damhsa ar fud an domhain mhóir í agus chaith sí 10 mbliana mar phríomhdhamhsóir le Riverdance. Thug a cuid oibre leis an gcompántas sin í chomh fada leis an tSín, Meiriceá, an Astráil, an Nua-Shéalainn, Ceanada, Meicsiceo agus ar fud na hEorpa.

Bhí sí le feiceáil ag damhsa ar Good Morning AmericaThe Ellen Show agus ar iliomad cláracha mór le rá teilifíse eile. Thug sí taispeántais rince do bhanríon Shasana agus do Michelle Obama le linn a gcuairteanna siúd ar an tír seo.  Mura leor sin is í a mhúin na steipeanna damhsa do Melissa McCarthy dá páirt sa tsraith Mike and Molly ar CBS!

Bhí suim riamh ag an damhsóir óg i gcúrsaí faisin agus é mar mhian aici dul i mbun obair dheartha. Rinne sí staidéar ar dhearadh faisin agus teicstíle sa Grafton Academy agus tá sí i mbun táirgthe anois lena lipéad féin – Caterina Coyne.

Aithnítear go bhfuil scileanna táilliúireachta ar leith aici agus baineann sí úsáid mhór as lása Charraig Mhachaire Rois ina cuid oibre, lása cáiliúil atá á tháirgeadh le beagnach 200 bliain. Maidir leis an stíl a dhearann sí, deir sí féin go bhfuil sí “current and timeless” agus “edgy and always feminine”.

Deis iontach é an seó faisin mór san RDS don dearthóir nua lena cuid táirgí a chur i láthair an phobail. Beidh sí i gcomhluadar cuid de na dearthóirí is aitheanta nó is mó a bhfuil dul chun cinn luaite leo sa tír seo faoi láthair i dtaispeántas atá curtha le chéile ag Eddie Shanahan a bhfuil ardmheas air sa ghnó seo.

Rachaidh brabach iomlán na hoíche chuig cúis an-mhaith ar fad – na hionaid tacaíochta do dhaoine le hailse atá á reáchtáil ag ARC Cancer Support. Is féidir ticéad a cheannach ar €55 ach glaoch ar 01-830 7333 nó teagmháil a dhéanamh ar ríomhphost  le Jessica@arccancersupport.ie.

Fág freagra ar 'Dearthóir faisin as Gaeltacht Chonamara i seó mór san RDS'