ASNC: ‘Dearcadh diúltach’ ag 75.4% de phobal na Gaeilge i leith pobalbhreitheanna faoin nGaeilge

AR SON NA CÚISE: ‘Seo duit mo fón, cuir fios ar dhuine éigin who actually gives a shit,’ a dúirt 7% de na daoine a ghlac páirt sa mhórshuirbhé trí lá a reáchtáladh ó Thigh Kruger go Tigh Hiúdaí Beag

ASNC pobalbhreith

Tá ‘dearcadh diúltach’ ag 75.4% de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i dtaobh pobalbhreitheanna ina dtugtar le fios go bhfuil ‘dearcadh dearfach’ ag muintir na hÉireann faoin nGaeilge.

De réir na pobalbhreithe is déanaí atá déanta ag Ar Son na Cúise, nach bhfoilseofar go deo í, thug formhór de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le fios gur ‘cuma sa tsioc’ leo cén dearcadh atá ag muintir na hÉireann faoin nGaeilge.

51% díobh siúd a ceistíodh a dúirt amhlaidh.

‘Éirigh as, maith an fear, agus beidh deoch eile againn,’ a dúirt 16% de lucht na bhfreagraí nuair a ceistíodh iad faoina ndearcadh i dtaobh pobalbhreitheanna a thugann le fios go bhfuil ‘dearcadh dearfach’ ag muintir na hÉireann faoin nGaeilge.

‘Seo duit mo fón, cuir glaoch ar dhuine éigin who actually gives a shit,’ a dúirt 7% de na daoine a ghlac páirt sa mhórshuirbhé trí lá a reáchtáladh ó Thigh Kruger go Tigh Hiúdaí Beag.

‘Bua mór’ do stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a bhí i bhfoilsiú na pobalbhreithe, a dúirt urlabhraí de chuid Chonradh na Gaeilge.

Ba ag obair d’Fhoras na Gaeilge nó do cheanneagraíocht Ghaeilge a bhí 98.7% den 24.6% a dúirt go raibh ‘dearcadh dearfach’ acu i dtaobh pobalbhreitheanna a thugann le fios go bhfuil ‘dearcadh dearfach’ ag muintir na hÉireann faoin nGaeilge.

An bhliain seo chugainn, eagróidh Conradh na Gaeilge, i gcomhar le TG4 agus Foras na Gaeilge, sraith léachtaí dar teideal ‘Pimp my Pobalbhreith – Pobal na hÉireann agus an Ghaeilge 1916-2016.’

Fág freagra ar 'ASNC: ‘Dearcadh diúltach’ ag 75.4% de phobal na Gaeilge i leith pobalbhreitheanna faoin nGaeilge'