‘Dearbhaímid arís go bhfuilimid go láidir in aghaidh aon reachtaíocht a thabharfaí isteach don Ghaeilge’ – An tOrd Oráisteach

Deir an tOrd Oráisteach gur ‘thubaiste’ a bheadh i reachtaíocht Ghaeilge dá bhféiniúlacht Bhriotanach

‘Dearbhaímid arís go bhfuilimid go láidir in aghaidh aon reachtaíocht a thabharfaí isteach don Ghaeilge’ – An tOrd Oráisteach

Tá seasamh láidir tógtha ag an Ord Oráisteach in aghaidh an éilimh ar acht don Ghaeilge ag paráidí Lá na nOráisteach atá ar siúl ar fud an tuaiscirt inniu.

Thagair an tOrd do cheist an achta Ghaeilge, ceann de na driseacha cosáin is mó roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont, sna teachtaireachtaí a léadh amach ag an 17 ionad inar bhailigh daoine inniu i ndiaidh a gcuid paráidí ar maidin.

“Dearbhaímid arís go bhfuilimid go láidir in aghaidh aon reachtaíocht a thabharfaí isteach don Ghaeilge. Ba thubaisteach an toradh a bheadh ag a leithéid d’athrú ar ár bhféiniúlacht Bhriotanach agus d’aithneofaí, agus údar leis, aon reachtaíocht mar bhua mór do phoblachtaigh ina gcogadh cultúrtha leanúnach i gcoinne ár bpobail,” a deirtear sa ráiteas.

Dúradh sa teachtaireacht chéanna gur údar “éadóchais” ab ea toradh an reifrinn ó dheas faoin nginmhilleadh agus go gcaithfí cur i gcoinne aon iarracht leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht ghinmhillte ó thuaidh.

Fág freagra ar '‘Dearbhaímid arís go bhfuilimid go láidir in aghaidh aon reachtaíocht a thabharfaí isteach don Ghaeilge’ – An tOrd Oráisteach'

  • leitheoir

    Ní thuigim!!! Acht Gaeilge ina thubaiste don bhféiniúlacht Bhriotanach??? Ó thuaidh???An Ghaeilge??? Scrios mór déanta aici ó dheas …..

  • Aonghus

    Céard a déarfaidís dá gcuirfí ar a súile dóibh go ndeireadh an t-easpag Protastúnch Henry Richmond (1936 – 2017), a bhí ina bhall den Ord Oráisteach i bhFearmanach, a chuid paidreacha laethúil i nGaeilge mar ‘gurb í teanga ársa a thíre í’?

  • Aonghus

    Céard a déarfaidís dá gcuirfí ar a súile dóibh go ndeireadh an t-easpag Protastúnach Henry Richmond (1936 – 2017), a bhí ina bhall den Ord Oráisteach i bhFearmanach, a chuid paidreacha laethúil i nGaeilge mar ‘gurb í teanga ársa a thíre í’?