Dea-rúin na bliana nua…do na gasúir

AG TÓGÁIL CLAINNE: Tá na gasúir ag imeacht thart go haerach ag spraoi is ag réabadh gan cuimhne le bliain anuas. Tá roinnt dea-rún ag ár gcolúnaí dóibh le haghaidh 2016

healthy food

Tá sé thar am ag babaithe agus páistí óga beagáinín freagrachta a ghlacadh ina saol agus tabhairt faoi rúin athbhliana a leagan síos. Le fada an lá anois, tá siad ag imeacht thart go haerach ag spraoi is ag réabadh gan cuimhne ar bith acu ar an lá amárach.

Ós rud é gur cleachtas nua a bheas anseo do roinnt mhaith páistí, tá mé cinnte, ba mhaith liom cúnamh a thabhairt dóibh agus a gcuid rún á leagan síos acu. Níl anseo ach moltaí beaga d’aon pháiste gur mhaith leo rúin athbhliana a leagan síos agus b’fhéidir go gcabhródh sé leis an bpróiseas pleanála.

Níl anseo ach moladh, ach b’fhéidir gurbh fhiú cuimhneamh ar iarratas a dhéanamh uair amháin is glacadh leis go dtiocfaidh sé nuair a thiocfaidh sé. Tá sé cloiste agam gur leor gloine bainne a iarraidh uair amháin agus nach gá ‘bainne, bainne, bainne, bainne, bainne,’ a rá arís is arís eile nó go bhfaighidh tú an bainne.

Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair é seo a chreidiúint, agus b’fhéidir go gceapfá nár mhór é a iarraidh ar a laghad trí huaire nó nach bhfaighidh tú aon aird. Ach nílim ag rá leat ach triail a bhaint as. Má bhíonn tú ag iarraidh gloine bainne i mbliana, abair rud éigin cosúil le, ‘gloine bainne, más é do thoil é.’

Is fiú cuimhneamh freisin go mb’fhéidir nach bhfuil do mhuintir ag iarraidh thú a mharú nuair a éilíonn siad ort d’éadan a ghlanadh ó ham go céile. Ní hionann an cheirt is an céasadh, creid é nó ná creid. Cé go bhfuilim cinnte go mbíonn tú an-chúramach i do chuid nósanna, tá seans ann go mbíonn subh, smaois nó rud éigin anaithnid greamaithe do do leicne anois is arís. B’fhéidir gur rún maith a bheadh ann i mbliana aghaidh a thabhairt ar scéin na ceirte.

Baineann an chéad mholadh eile leis an rannóg chéanna agus tá sé dírithe orthu siúd atá fós i gclúidíní. Seans nár rith sé leat roimhe seo, ach is ar mhaithe leat a bhíonn Mamaí nó Daidí ag iarraidh do naipí a athrú.

Níl aon dabht faoi ach go gcuireann sé isteach ar do spás pearsanta ach má bhíonn tú ionraic leat féin, chaithfeá a rá nár éirigh go rómhaith leis an agóid a bhí ar bun agat anuraidh i gcoinne athrú na gclúidíní. 

Nach bhfuil sé in am a admháil go bhfuil an cath sin caillte i mbliana agus d’aghaidh a thabhairt ar spriocanna eile? Caitheamh aimsire nua a aimsiú don bhliain nua, b’fhéidir.

Níochán soithí, seans?

Fág freagra ar 'Dea-rúin na bliana nua…do na gasúir'