Déanfaidh na DUP toil na vótóirí – ach ní go fóill

Deir na DUP go n-ainmneodh siad leaschéad-aire chomh luath is a dhéanfadh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson rud orthu maidir leis an teorainn i Muir Éireann a chealú

Déanfaidh na DUP toil na vótóirí – ach ní go fóill

Cé a bhí ullamh chun oibre? I ndiaidh an toghcháin ba stairiúla ó bunaíodh Tuaisceart Éireann 101 bliain ó shin thug na teachtaí aghaidh ar Stormont maidin Dé Luain gan tuairim ag éinne cathain a d’fhéadfaí feidhmeannas a bhunú.

Bhí Sinn Féin agus an Alliance thar a bheith sásta, iad araon ag ceiliúradh a gcaithréime, ach nuair a bhí na féiníní le comhghleacaithe agus lucht tacaíochta ar fad tógtha níorbh fhéidir an éiginnteacht faoina raibh i ndán do Stormont a sheachaint. D’fhógair Michelle O’Neill, Sinn Féin, atá i dteideal a bheith ina céad-aire agus Naomi Long, Alliance, go raibh feidhmeannas rathúil dlite don bpobal agus gur cheart don DUP éirí as a mbaghcat.

Ba iad Sinn Féin agus Alliance na buaiteoirí móra. Chinntigh a dtorthaí athrú ré in Stormont fiú mura gcuirfear an t-athrú i gcrích inniu ná amárach. Tá Sinn Féin ar thús cadhnaíochta, dhá theachta sa bhreis acu ar an DUP, 27 in aghaidh 25, agus sí Michelle O’Neill an chéad phoblachtánach riamh, go deimhin an chéad náisiúnach, atá i dteideal na céad-aireachta le 101 bliain. Mhéadaigh Alliance líon a gcuid suíochán ó 8 go 17, níos mó ná a dhá oiread.

Bhí siad cíocrach chun oibre ach bhí sé fánach acu. Cé go raibh cothromaíocht na cumhachta in Stormont athraithe go drámatúil i ndiaidh vótáil na seachtaine seo caite ní raibh aon bhealach chun feidhmeannas a bhunú mura mbeadh an páirtí aontachtach ba mhó toilteanach páirt a ghlacadh. Bhí an DUP ag cur cos i dtaca.

Bhí Jeffrey Donaldson diongbháilte nach n-ainmneodh a pháirtí airí sa bhFeidhmeannas mura ndéanfaí beart sásúil faoin bprótacal iarBhreatimeachta. Dúirt sé an méid sin arís eile leis an Státrúnaí Brandon Lewis i mBéal Feirste agus b’in é a theachtaireacht in Westminster inné.

Díol suntais ab ea an soiléiriú a thug an DUP faoina bpleananna maidir le roinnt na cumhachta in Stormont. Le linn fheachtas an toghcháin, dhiúltaigh an DUP as éadan a rá an mbeidís toilteanach glacadh leis an leaschéad-aireacht dá mbeadh Michelle O’Neill ina céad-aire. Léiríodh arís agus arís eile gur ghríos an cur chuige sin daoine chun tacú le Sinn Féin, alltacht ar náisiúnaithe, agus ar dhaoine nach iad, go ndiúltódh an DUP do thoil dhaonlathach an phobail mura dtaitneodh an toradh leo.

Más ciall cheannaithe faoi ndear é nó tuiscint san DUP nach raibh fóram ar bith eile acu chun a dhul i gcion ar dhaoine d’fhógair siad go n-ainmneodh siad leaschéad-aire chomh luath is a dhéanfadh an Príomh-Aire Johnson rud orthu maidir leis an teorainn i Muir Éireann a chealú.

Ar nós Naomh Aibhistín agus an gheanmnaíocht, roinnfidh siad cumhacht ach ní go fóill. N’fheadar an bhfaighidh siad a gcuid is a mbuíochas as an teaictic sin. Chaithfeadh sé go bhfuil imní orthu faoi bheith ag brath ar Boris Johnson a lig síos iad go minic cheana. Dúirt Jeffrey Donaldson nach sásódh geallúintí é níos mó; gníomh amháin a dhéanfadh an gnó.

Bhí an dá phort cloiste ó rialtas na Breataine le seachtain anuas. Chuirfeadh siad an prótacal ar ceal go haontaobhach nó bhí comhréiteach leis an Aontas Eorpach ag teastáil uathu. Chuir an Státrúnaí Lewis leis an éiginnteacht faoi leagan amach a rialtais, é ag cur dolúbthachta i leith an AE ach gan aon fhocal a rá faoin Ríocht Aontaithe a bheith ag déanamh iarrachta.

Bhuail sé le ceannairí na bpríomhpháirtithe ach b’údar imní é nach raibh sé i gceist aige ról thairis sin a imirt in athbhunú an Fheidhmeannais. Dúirt sé i ráiteas go mbeadh sé i dteagmháil leis na ceannairí go rialta ach gur faoi na páirtithe iad féin a bhí sé a theacht ar réiteach faoin mbealach chun cinn. Chífimid. Dé hAoine a bheidh an chéad chruinniú den Tionól ann.

Fág freagra ar 'Déanfaidh na DUP toil na vótóirí – ach ní go fóill'