Déanfaidh McNamara agus Crowe an t-aicsean i gcontae an Chláir

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Déanfaidh McNamara agus Crowe an t-aicsean i gcontae an Chláir

Dáilcheantar: An Clár

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: Contae an Chláir ar fad. Tá cuid de chontae an Chláir a bhí le cathair Luimnigh curtha ar ais sa Dáilcheantar

Teachtaí Dála ag seasamh: Pat Breen (FG), Joe Carey (FG) agus Timmy Dooley (FF). Níl Michael Harty (NS) ag seasamh

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 30.8 39
Fine Gael 25.8 32
Lucht Oibre 7.8 1
Sinn Féin 7.4 5
Glas 3 4
Nspl/Eile 25.1 20

 


Anailís: Fuair Fine Gael dhá shuíochán in 2016 le 26% den vóta. Beirt iarrthóirí a bhí acu agus roinneadh an vóta go cothrom eatarthu agus bhí an lá le Joe Carey (FG) agus Pat Breen (FG), gan an cuóta a bhaint amach. Tá triúr iarrthóirí ag Fine Gael an babhta seo, mar atá ag Fianna Fáil. Beidh sé deacair ar Fhine Gael an dá shuíochán a choinneáil. Coinneoidh Timmy Dooley (FF) a shuíochán agus tá seans an-mhaith ag Cathal Crowe (FF) an dara suíochán a fháil dá pháirtí. Toghadh Crowe (FF) ar an gcomhairle contae anuraidh le 2,575 vóta, an dara vóta ab airde i gcontae an Chláir. Gaeilgeoir é Crowe atá ina mhéara ar an gcontae faoi láthair agus ní dhearna sé aon dochar dhó féin nuair a dhiúltaigh sé mar mhéara an Chláir don chuireadh páirt a ghlacadh sa searmanas comórtha a bhí beartaithe ag an rialtas don RIC. Is as Míleac dó, gar do chathair Luimnigh.

Feilfidh sé dó go bhfuil an-chuid den dáilcheantar thart ar a cheantar féin, ar imeall chathair Luimnigh, curtha ar ais sa Dáilcheantar.

Ó tharla nach bhfuil Michael Harty (NS), a bhí ina Theachta Dála sa 32ú Dáil, san iomaíocht, tá seans ag Fine Gael an dá shuíochán a thógáil. Braithfidh sé sin ar cé duine is mó a bhainfidh tairbhe as vótaí aistrithe an tSeanadóra Martin Conway (FG). Carey (FG) ab fhearr chun vótaí aistrithe a fháil in 2016. Is mac é Joe Carey le Dónal Carey (FG) a bhí ina aire Gaeltachta uair dá raibh. Is as Droichead an Chláir dó, in aice le hInis. Is as ceantar tuaithe, gar d’Inis, Pat Breen (FG), atá ina aire stáit, gradam a thugann buntáiste áirithe dó agus próifíl níos airde dá réir.

Ach ní féidir Michael McNamara (NS) a chur as an áireamh. Is abhcóide agus feirmeoir é as An Scairbh in iarthar an Chláir. Toghadh é ina Theachta Dála do Pháirtí an Lucht Oibre in 2011, ach baineadh ceangal aoireachta an pháirtí de nuair a vótáil sé sa Dáil in aghaidh chinneadh an chomhrialtais scaireanna an stáit in Aer Lingus a dhíol. Cuireadh fáilte ar ais sa bpáirtí roimhe ina dhiaidh sin agus fuair sé 4,472 vóta mar iarrthóir de chuid am Lucht Oibre in 2016. Tá sé suntasach gur eisean ba mhó, as na hiarrthóirí a bhí fágtha sa rása, a fuair vótaí aistrithe ón bhfarasbarr a bhí ag Michael Harty (NS) in 2016 agus ó na vótaí breise a bhí ag Noeleen Moran, iarrthóir Shinn Féin. Mar sin, má fhanann Michael McNamara (NS) chun tosaigh ar iarrthóir Chomhaontas Glas, Róisín Garvey, beidh sé san iomaíocht don cheathrú suíochán le Joe Carey (FG), sa gcás go mbeidh Pat Breen (FG) tofa cheana. Bheadh seans an-mhaith ag McNamara an suíochán a bhuachan.

Níl mórán tacaíochta ag Sinn Féin sa Dáilcheantar seo agus gan ach 5% acu sna toghcháin áitiúla anuraidh. Ní bhfuair an t-iarrthóir atá roghnaithe, Violet-Anne Wynne (SF), ach 385 vóta agus í ag seasamh i gceantar Chill Rois anuraidh.

Ar na hiarrthóirí eile tá Michael Leahy, Irish Freedom Party, Conor O’Brien, Renua, agus Theresa O’ Donoghue, Pobal Roimh Bhrabús/Neart le Chéile. Chomh maith le Michael McNamara (NS) tá triúr eile iarrthóirí neamhspleácha san iomaíocht: David Barrett, Trudy Ann Leyden agus Joseph Woulfe, a fuair 1,034 vótaí sna toghcháin áitiúla anuraidh i gceantar Chill Rois.

TUAR: Dooley (FF), Crowe (FF), Breen (FG) agus McNamara (NS)

Fág freagra ar 'Déanfaidh McNamara agus Crowe an t-aicsean i gcontae an Chláir'