Déanfaidh Ciarraí agus an Ghaillimh tástáil ar dhintiúir a chéile i bPáirc an Chrócaigh

Tá Ciarraí agus an Ghaillimh lán le gus i mbliana, gach súil ag fir an iarthair a léiriú gur chuid den ‘Sár-Cheathrar’ ar a laghad iad agus muintir na Ríochta ag súil le léiriú nirt óna bhfoireann a thabharfadh le fios nach bhfuil ann dáiríre ach ‘Sár-Bheirt’

Déanfaidh Ciarraí agus an Ghaillimh tástáil ar dhintiúir a chéile i bPáirc an Chrócaigh

David Clifford agus Declan Kyne. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

In ainneoin go bhfuil sé á rá i mbólaí áirithe gurbh fhearr a d’éireodh le himreoirí na Gaillimhe dá ngiorrófaí an iall de bheagán orthu, is beag seans go bhfeicfear mórán d’athrú tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh ar an gcóras docht cosanta atá i réim acu ó thosach na bliana.

Ní údar iontais an méid sin nuair is dócha gurb iad Ciarraí an fhoireann is mó a thug ar Kevin Walsh athmhachnamh a dhéanamh ar chur chuige a fhoirne. Lig an Ghaillimh i bhfad an iomarca uisce isteach nuair a chuir Ciarraí de dhroim seoil iad sna babhtaí ceathrú ceannais anuraidh, agus seans gurbh é a neafaisí is a shuncáil Kieran Donaghy iad sa chluiche sin an t-údar ba mhó ar fad leis an athrú stíle atá curtha i bhfeidhm acu ó thosach na bliana.

Múineann gá seift agus cuid de na daoine atá anois ag caitheamh anuas ar chur chuige na Gaillimhe, is iad na daoine céanna iad a bhí ag caoineadh a saontacht agus a dtámáilteacht le cúpla bliain anuas.

B’fhéidir nach bhfuil an chothromaíocht cheart aimsithe go fóill acu idir an chosaint agus an t-ionsaí, ach bhí na comharthaí ann sa dara leath i gcoinne Ros Comáin agus i gcoinne Chiarraí féin sa tsraith, mar shampla, go bhfuil an Ghaillimh ar an mbóthar ceart.

Is cinnte freisin go bhfuil imreoirí acu a chuirfidh cosantóirí Chiarraí tríd an muileann.

Cé gur léirigh leithéidí Bhriain Uí Bheaglaoich, Gavin White agus Jason Foley an mianach atá iontu i gcluiche ceannais na Mumhan, tá amhras faoi chosantóirí Chiarraí i gcónaí agus gan aon tástáil cheart curtha orthu go fóilleach. Más ansin atá an t-éasc san fhoireann seo, ní fearrde dream chun é a fháil ná Damien Comer, Shane Walsh agus Ian Burke, fear a d’imir go maith i gcoinne na Ríochta anuraidh.

Tá Ciarraí ag satailt rompu ó thús na craoibhe agus 3-50 scóráilte acu sa dá chluiche a bhí acu i gCúige Mumhan. Tá scata imreoirí óga cumasacha acu agus comparáid á déanamh fiú ag daoine le 1975, an bhliain ar chuir foireann óg eile tús leis an ré órga is órga i stair an chumainn.

An stánáil a thugadar do Chorcaigh ba chúis cuid mhór leis an gclóchas sin, ach níl an scailéathan céanna ar dhaoine ó chonacthas a ainnise is a bhí na comharsana i gcoinne Thír Eoghain sna babhtaí cáilithe.

Ní hé go raibh bainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice féin ag rith le brothall agus foireann nua á múnlú go foighneach agus go hacmhainneach aige le cúpla bliain anuas.

Ag fuineadh de réir na mine a bhí Fitzmaurice le tamall agus é ag fanacht go dtiocfadh an ghlúin óg seo chun coinlíochta. Amach anseo a thuigfear an gaisce a dhein sé cluiche ceannais na hÉireann a bhuachtaint in 2014 agus Ciarraí a choimeád gar don bharr ó shin, ach tá na himreoirí anois aige tabhairt faoin gcúram gan a bheith ag brath ar sheifteanna a tharrac chuige fhéin chun laigí móra a cheilt.

Ar cheann de na laigí ba mhó acusan bhí easpa luais, rud nach bhfuil Ciarraí dá cheal i mbliana.

Ach rud amháin is ea é luas a bheith ag imreoir, rud eile ar fad is ea é leas a bhaint as an luas sin chun coimeád sna sála ar imreoirí an fhreasúra nuair a chailltear seilbh na caide. Sin rud nár dhein dóthain d’imreoirí Chiarraí nuair a fuair an Ghaillimh an ceann is fearr orthu i dTrá Lí san earrach. Dá fheabhas iad i mbun seilbhe, ceist mhór is ea í cad a dhéanfaidh imreoirí Chiarraí inniu nuair nach mbeidh seilbh na liathróide acu.

Ó thús na craoibhe, dealraíonn sé gur fearr an tuiscint anois acu ar an obair gan staonadh is gá chun go mbeadh rath ar an gcur chuige dána atá acu i mbliana.

Shane Walsh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Ráineodh gur údar faoisimh do lucht tacaíochta na Gaillimhe gur ar an mbinse a bheidh Kieran Donaghy inniu, ach beidh a ndóthain de chúram ar Sheán Aindí Ó Ceallaigh agus a chriú James O’Donaghue, Paul Geaney agus David Clifford a choimeád fé chois.

Ba mhaith mar a chruthaigh Ó Ceallaigh in aghaidh Geaney sa chluiche sraithe sin i dTrá Lí agus bhí 22 neomat caite sular leag fear an Daingin lámh ar an gcaid fiú. Dhein Eoghan Kerin an fear maith ar James O’Donaghue sa chluiche céanna leis, ach is mór idir lá fuar feanntach earraigh i dTrá Lí agus lá brothaill i lár an tsamhraidh i bPáirc an Chrócaigh.

Tá líne lántosach Chiarraí á hadhmholadh faoi láthair, ach cuirfidh an tslí atá an imirt á stiúradh le héirim agus údarás ag Seán O’Shea ón líne daichead slat éirí croí chomh maith ar lucht tacaíochta na Ríochta. Is fada ó bhí imreoir dá leithéid ag Ciarraí ag soláthar go buan do na naoscairí istigh.

Slat tomhais iontach a bheidh sa cluiche seo don dá fhoireann agus gach dealramh ar an scéal go bhfuil cath forránta fíochmhar romhainn.

Más ea, cailliúint mhór don Ghaillimh lár páirce é Ciarán Duggan, a fuair gradam laoch na himeartha i gcoinne Mhaigh Eo, go háirithe agus cur chuige Chiarraí ag brath chomh mór sin ar fhormhór de sheilbh na caide a bheith acu.

Tá gus agus gaisce sa dá fhoireann seo, gach súil ag an nGaillimh a léiriú gur chuid den ‘Sár-Cheathrar’ ar a laghad iad agus muintir Chiarraí ag súil le léiriú nirt óna bhfoireann a thabharfadh le fios nach bhfuil ann dáiríre ach ‘Sár-Bheirt’.

Ba chóir go ndéanfadh sé sárchluiche, ach is mó dánaíocht atá i bhfoireann Chiarraí agus tá an bhraistint ann go bhfuil rud éigint ag boirbeáil ó dheas agus foireann á múnlú ag Fitzmaurice chun dúshlán Bhaile Átha Cliath a thabhairt.

Sa chluiche eile i gComórtas an tSár-Ochtair i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna tabharfaidh Cill Dara aghaidh ar Mhuineachán. Tá Muineachán, a raibh an oiread sin búis fúthu ag tús na craoibhe, tagtha chucu féin sna babhtaí cáilithe i ndiaidh d’Fhear Manach teacht aniar aduaidh orthu i gCraobh Uladh. Seans maith é seo dóibh bua a fháil faoi dheireadh sa chraobh i bPáirc an Chrócaigh, ach tá Cill Dara ag bláthú i gceart ón uair a d’fhógraíodar ‘Droichead Nua nó Dada’.

Fág freagra ar 'Déanfaidh Ciarraí agus an Ghaillimh tástáil ar dhintiúir a chéile i bPáirc an Chrócaigh'