‘Déanann sé rud iontach corparáideach den Ghaeilge. Ní trekkies atá ionainn’

Agus Oireachtas na Gaeilge 2019 buailte linn, chuir Tuairisc.ie ceist ar roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le mórfhéile na nGael, atá ar siúl in Óstán an Citywest an tseachtain seo. Is é Eoghan Mac Giolla Bhríde, scríbhneoir, amhránaí agus aisteoir atá linn an iarraidh seo…

‘Déanann sé rud iontach corparáideach den Ghaeilge. Ní trekkies atá ionainn’

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Seans go raibh mé ró-óg le cuimhní a bheith agam. Théadh muid i gcónaí le mo mháthair ag an Oireachtas. Bhí suim mhór ag mo mháthair sa cheol agus ba rud é a rinne muid ariamh. Ní cuimhin liom cá raibh sé. Níl cuimhne ar bith agam ar mo chéad Oireachtas.

2. An rud is fearr faoin Oireachtas:

Casadh le daoine, casadh le cairde, sin an rud is fearr fá dtaobh de.

3. An rud is measa faoin Oireachtas …

Nach bhfuil sé sa Ghaeltacht.

4. Citywest?

Tá sé ró-mhíphearsanta. Níl baint aige leis an phobal. Tá sé amuigh, scoite amach. Déanann sin rud iontach corparáideach den Ghaeilge. Ní trekkies atá ionainn. Bíonn comhdhálacha ag na trekkies ar fad. Bíonn siad uilig ag dul thart gléasta mar Spock. Mothaím mar Spock in áit mar sin nach bhfuil croí ar bith aige.

5. Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas

Bí ag labhairt le daoine.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Thig leat an dá rud a dhéanamh.

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Dhéanfainn iarracht é a shní isteach le pobal. Bhí sé maith nuair a bhí sé i gCluain Dolcáin mar go raibh pobal ansin, pobal láidir Gaeilge. Chas achan duine leo. Bhí sé iontach.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Má mhothaíonn tú go raibh tú páirteach i rud inteacht. Má aimsíonn tú croí agus spiorad an phobail Ghaelaigh. Sin an rud atá sé fá dtaobh de. Má thig tú na bhaile ag gáire. 

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Gan seift, gabh sa tseans. Níl a fhios agam cé chomh dáiríre is atá an cheist seo. Níl a fhios agam duine ar bith nár tháinig slán go fóill. Gan a dhul thar fóir, níl ann ach féile.

10. Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Ba é 1997 agus an tOireachtas i mBéal Feirste, mar bhí sin díreach i ndiaidh an dara sos cogaidh. Bhí pobal Bhéal Feirste iontach dóchasach agus bhí sé iontach deas an pobal sin a fheiceáil agus borradh mór faoi. Chuir muid aithne ar phobal Ghaeltacht Bhéal Feirste agus ba mhór an oscailt súl é sin.

Fág freagra ar '‘Déanann sé rud iontach corparáideach den Ghaeilge. Ní trekkies atá ionainn’'