‘Déanaimis gáir mhaíte pobail’ a ligean agus leabhar Gaeilge a cheannach’ – Leabhra Feabhra

Agus ‘Leabhra Feabhra’ ar tí tosú den dara huair, labhair Tuairisc.ie le daoine éagsúla faoin leabhar a thabharfaidís uathu mar bhronntanas Lá Fhéile Bríde

Leabhair F 2016

lucht eagraithe na féile Leabhra Feabhra ag iarraidh ar chainteoirí Gaeilge ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin ‘gáir mhaíte pobail’ a ligean agus leabhar Gaeilge a cheannach roimh Lá ‘le Bríde i mbliana agus a léiriú don domhan mór “gur ann dúinn go fóill”.

Cuireadh Leabhra Feabhra ar bun an bhliain seo caite nuair a chonacthas don ghrúpa ‘Na Gaeil i gCéin’, atá lonnaithe sa Bhruiséil, go bhféadfaí aithris a dhéanamh ar fhéilte eile san Eoraip chun na Gaeil a spreagadh leabhair Ghaeilge a léamh trí leabhar a thabhairt dá chéile mar bhronntanas Lá ‘le Bríde.

Arís eile i mbliana, tá foilsitheoirí agus siopaí leabhar Gaeilge ag tabhairt lascainí do lucht léite na Gaeilge sna seachtainí roimh Lá ‘le Bríde agus ar an lá féin.

Beidh lascaine 15% ar fáil ar leabhair ón Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath ón tseachtain seo chugainn go dtí 1 Feabhra agus beidh lascaine 10% ar fáil ar leabhair Ghaeilge i siopa Charlie Byrne i nGaillimh ar Lá ‘le Bríde féin.

Ó thaobh na bhfoilsitheoirí de, cuirfidh Cló Iar-Chonnacht lascaine 20% ar fáil trí shuíomh an chomhlachta. Níl le déanamh ach ‘LF16’ a chur isteach ag an scipéad. Beidh an socrú sin ann go dtí 2 Feabhra. ‘LF16’ an cód atá in úsáid ag Futa Fata freisin le lascaine 20% a thabhairt ar na leabhair atá acu sin.

Níl Éabhlóid ag bacadh le cód ach bainfear an 20% de phraghas na leabhar atá ar an suíomh. Mar sin, an té a cheannóidh leabhair ar líne ón gcomhlacht Conallach, gheobhaidh sé an lascaine. Beidh an socrú céanna i bhfeidhm ar shuíomh Chois Life.

20% atá bainte ag Cló Mhaigh Eo óna gcuid leabhar freisin agus níl le déanamh ach glaoch ar an gcomhlacht agus Leabhra Feabhra a lua agus an t-ordú á chur isteach. Is do chustaiméirí príobháideacha amháin atá an lascaine sin á tairiscint.

Beidh ceithre theideal nua á bhfoilsiú ag Leabhar Breac in am do Lá Fhéile Bríde; trí theideal sa tsraith nua Macán Mac Tíre agus An Fuadach, aistriúchán nua Gaeilge ar an úrscéal Kidnapped le Robert Lous Stevenson. Sraith trí phictiúrleabhar don aoisghrúpa 3-6 bliana atá sa tsraith Macán. Ón bhFraincis a aistríodh na leabhair, agus sna scéilíní deasa seo, léirítear gur mar a chéile na deacrachtaí a bhíonn ag Macán Mac Tíre agus na deacrachtaí a bhíonn ag gach páiste — suí ar an bpota, dul a chodladh ina leaba féin nó a dhinnéar a ithe.

Moltaí Leabhar

Is é príomhaidhm Leabhra Feabhra daoine a spreagadh leabhar Gaeilge a bhronnadh ar chara, ar ghaol, ar chomhghleacaí ar leannán. Labhair Tuairisc.ie le roinnt daoine ó shaol na leabhar Gaeilge faoi na leabhair a thabharfaidís mar bhronntanas i mbliana.

Tadhg Mac Dhonnagáin – foilsitheoir (Futa Fata) agus scríbhneoir

Feis agus Cead Aighnis, le Nuala Ní Dhomhnaill

– “Duine de mhórealaíontóirí na hÉireann í an file Nuala Ní Dhomhnaill. Tá an dá chnuasach seo ar fáil in aon imleabhar amháin ó Chló Iar-Chonnacht. Bronntanas den scoth a bheadh ann”

Darach Ó Scolaí foisitheoir (Leabhar Breac) agus scríbhneoir

Buile Shuibhne, le Seán Ó

– “Roghnóinnse an leabhar seo mar bhronntanas na Féile Bríde mar gur thug an t-údar prós is filíocht an tseanscéil leis go seoigh sa leabhairín beag gleoite seo”


Aifric Mac Aodha – file

Promhadh Pinn, le Cathal Ó hÁinle

– “Roghnóinn an leabhar seo as an teideal féin, as an bheith istigh”


Alex Hijmans – iriseoir agus údar

Gluaiseacht, le hAlan Titley

– “Leabhar atá ar mo sheilf le cúpla bliain agus a léigh mé faoi dhó le bliain anuas. Go deimhin, dá mbeadh an t-airgead agam, cheannóinn cóip den leabhar seo do mo chairde ar fad a bhfuil Gaeilge acu. Úrscéal gairid faoi leaid óg a theitheann ón Afraic go dtí an Eoraip, ach i bhfianaise cúrsaí reatha an lae inniu, is baolach nach bhfuil saothar ficsin i nGaeilge níos tráthúla ná é. Samhlú tuisceanach tomhaiste ar shaol an teifigh nach n-éiríonn maoithneach in áit ar bith.”


Máirtín Coilféir – léachtóir agus Eagarthóir Liteartha Comhar

Litríocht agus Pobal, le Gearóid Denvir

“Bailiúchán aistí a chuimsíonn gnéithe éagsúla de litríocht agus de chultúr na Gaeilge agus iad uile ríofa go ciallmhar, tuisceanach, ealaíonta. Gheobhaidh mórán gach duine riar a cháis de lón machnaimh iontu agus eiseamláir é an leabhar den smaointeoireacht théagartha arna cur i láthair le sárstíl scríbhneoireachta”


Alan Titley – údar

Buille Marfach, le hAnna Heusaff

“Tá amuigh le tamall, ach má scéinséir agus scéal bleachtaireachta agus castaíocha sa phlota agus carachtair bharúla agus taobh tíre atá go hálainn agus corpáin ann is as, seo é an leabhar duit!”


Mícheál Ó Conghaile – údar, drámadóir agus foilsitheoir (Cló Iar-Chonnacht)

Iad Siúd nach bhFaca, le Beairtle Ó Conaire

“Ceann de na húrscéalta is fearr a tháinig as Conamara le scór blianta, ó scríbhneoir a bhfuil smacht aige air féin”


Anna Heussaff – údar

Dílis, le Réaltán Ní Leannáin

“Gearrscéalta beoga, gonta, tuisceanacha faoin ngrá agus faoin mbás, faoin saol teaghlaigh i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, a choimeádfaidh léitheoirí ag machnamh, ag casadh na leathanach agus ag gáire”

Fág freagra ar '‘Déanaimis gáir mhaíte pobail’ a ligean agus leabhar Gaeilge a cheannach’ – Leabhra Feabhra'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    “Déanaimis gáir a ligean”? Dá mbeadh Gaeilge á léamh ag daoine b’fhéidir go mbeadh a fhios acu go bhfuil bealach níos fearr le sin a rá… . . .