‘Déanaimid ár machnamh ar gach a ndeirtear linn’ a deir McDonald’s faoi easpa seirbhíse i nGaeilge

Tá sé theanga ar fáil ar bhothanna nua McDonald’s ó thuaidh, an Bhreatnais ina measc, ach níl rogha Ghaeilge ann. Béarla amháin atá ar fáil ó dheas

mcdonalds-ceo-resigns-752x501

Cuireadh ‘olc’ ar dhream óg i mBéal Feirste Dé Céadaoin seo caite nuair a bhain siad úsáid den chéad uair as both nua orduithe i mbialann McDonald ar Bhóthar Boucher sa chathair.

Tá sé theanga mar rogha ar na bothanna (kiosks) nua a ligeann don chustaiméir a chuid beatha a ordú go leictreonach. Anuas ar an mBéarla, tá mórtheangacha na hEorpa, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus an Pholannais ar fáil do dhuine, chomh le mionteanga amháin, an Bhreatnais.

Bhí Conchúir Ó Muadaigh ón eagraíocht Glór na Móna in éineacht leis an dream óg a bhí páirteach i ngrúpa forbartha sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál, nuair a thóg an grúpa sos ón obair a bhí ar bun acu chun greim bia a fháil ó McDonald’s.

“Bhí comhrá beag eadrainn agus d’aontaigh muid go raibh an Béarla agus an Pholainnis ar an dá theanga ba cheart a bheith ann agus ina ndiaidh sin, an Ghaeilge. Bhí muid iontach sásta go raibh Breatnais ar fáil agus mionteangacha ar fáil ach, ar an drochuair, bhí muid díreach leathmhíle ón gCeathrú Ghaeltachta agus ní raibh Gaeilge le fáil,” a dúirt Ó Muadaigh le Tuairisc.ie.

Mhínigh McDonald’s i ráiteas a d’eisigh an bhialann inniu go bhfuil na teangacha céanna ar fáil ar na bothanna fud fad na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann agus nach bhfuil an Ghaeilge le fáil ar bhothanna na Poblachta ach an oiread.

“Is trínár gcuid oibre le Rialtas na Breataine Bige agus a gCoimisinéir Teanga atá an Bhreatnais ar fáil, mar a bhíonn ó ghnólachtaí eile sa Bhreatain Bheag. Tá an-mheas againn ar thuairimí ár gcustaiméirí agus na bpobal ina mbíonn muid ag feidhmiú agus déanfaimid ár machnamh ar gach a ndeirtear linn,” a dúradh sa ráiteas.

Thug McDonald’s Ireland le fios do Tuairisc.ie gurbh é an Béarla an t-aon teanga atá ar fáil ar bhothanna na Poblachta ó tugadh an tseirbhís isteach sa bhliain 2014.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge, go mba cheart do chomhlachtaí móra idirnáisiúnta breathnú ar an nGaeilge mar bhuntáiste gnó mar atá déanta ag leithéidí Twitter, Facebook agus Google.

“Mholfaimis do chomhlacht ar bith atá ag iarraidh daoine a mhealladh anseo, go háirithe daoine óga, smaoineamh ar an nGaeilge mar uirlis mhargaíochta. Tá sé cruthaithe ag comhlachtaí móra eile gur maith le go leor daoine an Ghaeilge a fheiceáil ar tháirgí,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar '‘Déanaimid ár machnamh ar gach a ndeirtear linn’ a deir McDonald’s faoi easpa seirbhíse i nGaeilge'

  • Darragh Ó Náraigh

    Ba chóir go mbeadh Gàidhlig na hAlba le fáil sa ríocht aontaithe (nó in Albain ar a laghad) chomh maith

  • Pól Réamainn

    An é seo an choir is tromchúisí atá déanta ag McDonalds?

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Is náireach an rud é go bhfuil riachtanais teanga ar chomhlachtaí príobháideacha sa mBreatain Bheag ach go bhfuil drogall fós ar rialtas na hÉireann a leithéid a iarraidh ar chomhlacht ar bith sa tír seo.