Déan tusa mise a tháinseamh agus déanfaidh mise tusa a tháinseamh!

Is mór an seans go mbeidh Joe Biden ar an gceathrú hUachtarán a tháinseofar i SAM agus an tríú duine ó thús an chéid seo

Déan tusa mise a tháinseamh agus déanfaidh mise tusa a tháinseamh!

Tá táinseamh eile ar an mbealach! Is beag a cheap bunaitheoirí na Stát Aontaithe na céadta bliain ó shin go mbeadh an fhoráil bhunreachtúil á húsáid chomh minic in imeacht roinnt bheag blianta. Go deimhin, nuair a bhí duine de na bunaitheoirí sin, Alexander Hamilton, ag scríobh sna Federalist Papers agus ag iarraidh daoine i Nua-Eabhrac a mhealladh le tacú le bunreacht na tíre, bhí tuiscint mhaith aige ar an tionchar a bheadh ag an bpolaitíocht ar an bpróiseas.

Ar mhaithe le hoifigigh rialtais a bheadh ciontach as caimiléireacht nó mírialtachtaí a cuireadh an próiseas táinsimh san áireamh sa mBunreacht, ach dúirt Hamilton gur mó seans go spreagfadh an próiseas daoine sna páirtithe polaitiúla ná an pobal trí chéile. Is mó seans freisin gurbh é neart na bpáirtithe a bheadh cinniúnach sa bpróiseas seachas ciontacht nó neamhchiontacht an Uachtaráin a bheadh ar a thriail.

Tá caint Hamilton thar a bheith tráthúil an tseachtain seo agus é ráite ag Kevin McCarthy go bhfuil ordú tugtha aige go gcuirfí tús le fiosrúchán oifigiúil ar mhaithe leis an Uachtarán Biden a tháinseamh. Tá ceannasaí na bPoblachtach i dTeach na nIonadaithe ag iarraidh go bhfiosrófaí na líomhaintí atá sa timpeall le fada anois gur bhain Joe Biden tairbhe le linn a thréimhse mar leasUachtarán as obair a mhic Hunter in áiteanna cosúil leis an Úcráin agus an tSín.

Níl amhras ar beith ach go bhfuil ceisteanna le freagairt ag Hunter Biden agus go raibh deacrachtaí go leor aige go dtí seo ina shaol, idir chúrsaí pearsanta agus ghnó. Níl aon amhras ach an oiread ach go bhfuil sé i gceist ag a athair a dhílseacht dá mhac a léiriú. An fhadhb atá ag na Poblachtaigh nach bhfuil aon fhianaise aimsithe acu go dtí seo a léiríonn go ndearna an tUachtarán Biden aon bhrabús as na gnólachtaí seo. Ná go deimhin go raibh aon bhaint aige leo.

Tá go leor den tuairim go bhfuil a chuid cúiseanna féin ag Kevin McCarthy an fiosrúchán a bhunú – tá sé faoi bhrú ón eite dheis ina pháirtí ón uair gur toghadh é agus faoi láthair tá sé sa tóir ar vótaí uathu do chainteanna buiséid. Táid ann freisin a deir go bhfuil díoltas á lorg ag a pháirtí toisc go ndearnadh an t-iarUachtarán Trump a tháinseamh faoi dhó.

Maíonn McCarthy go bhfuil fiosrúchán le déanamh mar go bhfuil caimiléireacht i gceist agus gur bhain Biden aimhleas as a ról polaitiúil. Tá an tuairim forleathan i measc polaiteoirí go raibh coimhlint leasa ag Hunter Biden ina chuid oibre thar lear nuair a bhí a athair ag cur polasaithe eachtracha na Stát Aontaithe chun cinn ina ról mar Leas-Uachtarán. Ní hionann tuairim a bheith ag daoine go raibh coimhlint leasa ann agus fianaise gur tharla a leithéid.

An cheist mhór eile atá le cur ná cén tionchar a bheidh ag an bhfiosrúchán seo ar mheon an phobail? Creideann 61% de mhuintir Mheiriceá go raibh baint ag an athair le hobair a mhic ach tá an baol ann freisin do na poblachtaigh go ngríosófar na Daonlathaigh le seasamh le Biden, tráth nach bhfuil mórán suime acu ina iarracht a bheith ina Uachtarán don dara téarma.

Caithfidh an fiosrúchán seo fianaise a aimsiú gur bhain Biden aimhleas as an gcumhacht a bhí aige agus freisin cloí le forálacha an bhunreachta – go raibh sé ciontach as tréas, breabaireacht nó mórchoireanna agus drochbhearta. Deir McCarthy nach gá go mbeadh triail táinsimh á reáchtáil mar thoradh ar an bpróiseas seo ach má chuirtear Biden ar a thriail, is beag seans go gciontófar é mar gheall ar na huimhreacha i dtithe na Comhdhála.

Teastaíonn móramh dhá dtrian sa Seanad atá faoi cheannas na nDaonlathach le táinseamh a chur i gcrích. Is mór an seans mar sin go mbeidh Joe Biden ar an gceathrú hUachtarán a tháinseofar, an tríú duine ó thús an chéid seo. Is beag an seans, mar sin féin go gciontófar Biden agus is ar an tionchar a bheidh ag an bhfiosrúchán ar phróiseas toghcháin na bliana seo chugainn a bheifear ag faire.

Fág freagra ar 'Déan tusa mise a tháinseamh agus déanfaidh mise tusa a tháinseamh!'