Déan coinne le A Date for Mad Mary, scannán gruama, greannmhar

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Is saothar gruama, greannmhar é A Date for Mad Mary agus sárthaispeántas cumhachtach agus caolchúiseach ann ó Seána Kerslake

Déan coinne le A Date for Mad Mary, scannán gruama, greannmhar

A Date for Mad Mary
Stiúrthóir: Darren Thornton
Cliar: Seán Kerslake, Tara Lee, Charleigh Bailey, Denise McCormack.

Beirt deartháireacha, Darren agus Colin Thornton, a d’fhreastail ar Scoil Aonghusa, Gaelscoil i nDroichead Átha, a scríobh agus a stiúraigh A Date for Mad Mary agus is dea-theist a saothar ar fhiúntas an luath-ghaeloideachais!

Duine inti féin í Mad Mary an teidil. Cailín ar leithligh atá lán le drochmhianach, maslaí agus searbhas mar aon le bheith goilliúnach agus éiginnte inti féin. Cailín nár thug aghaidh ar a gnéasacht féin nó, nach bhfuil tuairim fén spéir aici faoi cá bhfuil a triall. Cailín a bhfuil leisce uirthi baois an déagóra a fhágáil ina diaidh. Cailín a chuir Seána Kerslake ina steillbheatha os ár gcomhair sa saothar gruama, greannmhar seo. 

Déanann sí é sin le haisteoireacht atá cumhachtach agus caolchúiseach ar a seal.

Ag tús an scannáin chonaiceamar Mary ag bailiú a cip is a meanaí ar a chéile le Príosún Mhuinseo a fhágaint ina diaidh tar éis sé mhí a chur isteach ann. Cuireadh in iúl dúinn ina dhiaidh sin gur eachtra fhoréigneach i gclub oíche ba chúis lena braighdeanas.

Ar an gcéad luí súl tuigeadh dúinn nach bhfuil a gaol lena máthair thar mholadh beirte; gur mó an dúil ag a máthair sna fearaibh ná aon ní eile. Trí ghlúin ban sa teach sraithe i nDroichead Átha.

An tseanbhean caite sa chathaoir ag diúgadh ar a suaimhneas. ‘A sniper would not take you out,’ an carúl seanchaite a chaith sí lena hiníon féin agus máthair Mary. Bhí na radharcanna leis an triúr ar fheabhas ar fad agus b’ábhar díomá gur fágadh an bheirt bhan is sine ar an trá fholamh tar éis scaithimh.

Bhí  na slaiseanna ag teacht tiubh te tapa ó Mháire féin. ‘Fat c!@+t’ a thugann sí ar an gcailín coimhdeachta eile atá ag seasamh lena dlúthchara Charlene (Bailey). Deir sí leis an mbrídeog féin nach bhfuil aon oidhre ar phíosa éadaigh dá cuid ach éadach boird. Ní mealltacht go dtí é.

Is é an gaol idir Mary agus Charlene an bhunchloch is mó atá ag an scannán. Mary gafa leis an ngaol ach Charlene, a bhfuil éirí in airde inti, ag iarraidh an bhean mhire a choimeád ó dhoras. Is suarach an bhean í Charlene, lena cuid cainte ar ranganna deaslabhra agus óráidí moltacha, bréagacha óna peann féin.

I gcaitheamh an scannáin eascraíonn gaol idir Mary agus an físghrafadóir Jess (Lee), caidreamh a chuireann pip ar an mbrídeog agus a chuireann iachall ar Mary aghaidh a thabhairt ar a gnéasacht, a cairdeas déagóra agus an saol atá roimpi amach.

Faoi mar a luas thuas, is í Kerslake a dhéanann an scannán a iompar, cé go bhfuil cabhair mhaith aici ó chliar cumasach. Is mó radharc beagfhoclach a sholáthraítear agus fágtar an lucht féachana i dtaobh le seatanna teanna d’aoibh Kerlsake le hiad a threorú.  Éiríonn léi carachtar atá bagrach agus leochaileach ag an am céanna a léiriú. Tá gealladh faoin aisteoir óg seo a bheidh le feiscint go luath sa tsraith ghrinn nua ó RTÉ Can’t Cope, Won’t Cope.

Tá athmhuintearas de shaghas idir í féin, a máthair agus Charlene, ach tá a fhios againn go bhfuil uair na cinniúna ina saol curtha di aici agus go ndéanfaidh sí saol nua a cruthú di féin.

Fág freagra ar 'Déan coinne le A Date for Mad Mary, scannán gruama, greannmhar'