Dealbh ar bith do ‘An Cailín Ciúin’, ach údar mór mórtais ag an nGaeilge ar oíche stairiúil in Hollywood

Ba é 'All Quiet on The Western Front 'a bhuaigh an gradam don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr. Dhá ghradam as 14 ainmniúchán a bhuaigh na saothair as Éirinn

Dealbh ar bith do ‘An Cailín Ciúin’, ach údar mór mórtais ag an nGaeilge ar oíche stairiúil in Hollywood

Pictiúr: @TG4TV/Twitter

Níor éirigh leis an scannán An Cailín Ciúin Oscar a fháil oíche stairiúil don Ghaeilge in Hollywood Los Angeles.

Bhí An Cailín Ciúin ar an gcéad scannán Gaeilge a fuair ainmniúchán Oscar agus é sa Táin cheana féin mar an scannán Gaeilge is mó rath riamh.

14 ainmniúchán a bhí ag saothair as Éirinn ach dhá ghradam a buadh. Chualathas an Ghaeilge nuair a bronnadh ceann acu, don mhaisíocht físe, ar Richard Baneham as a chuid oibre ar Avatar: The Way of Water.

“Go raibh maith agat,” a dúirt Baneham, arb as Tamhlacht dó, ag tús a óráide agus é ag gabháil buíochais le stiúrthóir an scannáin, James Cameron.

Bhuaigh an scannán An Irish Goodbye an Oscar don ghearrscannán is fearr.

Ba é All Quiet on The Western Front, a bhuaigh an gradam don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr, an rannóg ina raibh An Cailín Ciúin ainmnithe. Bhí an scannán cogaidh ón nGearmáin, a bhí ainmnithe don ghradam don scannán is fearr chomh maith, mar rogha mhór na coitiantachta agus 1/40 an praghas a bhí ag na geallghlacadóirí air.

Bhí Colm Bairéad, stiúrthóir An Cailín Ciúin, a bhean, Cleona Ní Chrualaoí, a léirigh an scannán agus na haisteoirí Catherine Clinch, agus Carrie Crowley, i measc na gcainteoirí Gaeilge a bhí i láthair ag searmanas na hoíche aréir sa Dolby Theatre. Ba léir gur bhain meitheal an scannáin agus a lucht tacaíochta an-taitneamh as an ócáid ar fad. Chuir TG4 físeán amach díobh ag canadh ‘Ó Ró Sé Do Bheatha Abhaile’ agus iad ag fágáil an óstáin chun freastal ar an ócáid mhór.

Agus iad faoi agallamh ar an gcairpéad dearg roimh thús an tsearmanais, labhair lucht An Cailín Ciúin faoin a thábhachtaí agus a stairiúla is a bhí an oíche ó thaobh na Gaeilge de. Dúirt Catherine Clinch, an t-aisteoir óg i bpríomhpháirt an scannáin, go raibh sí “an-bhródúil” as an nGaeilge agus as an aitheantas a bhí á fháil ag an teanga.

Naoi n-ainmniúchán Oscar a fuair The Banshees of Inisherin, a deineadh ar Inis Mór agus Acaill, ach níor éirigh leis aon cheann a bhuachan.

Bhí Martin McDonagh, ar de bhunadh Chonamara é, ainmnithe don ghradam don Stiúrthóir is Fearr agus don Bhunscript is fearr. Bhí Colin Farrell, Kerry Condon, Brendan Gleeson, cainteoir líofa Gaeilge eile, agus Barry Keoghan ainmnithe do ghradaim aisteoireachta.

Seacht gcinn de ghradaim a bhuaigh Everything Everywhere All At Once, an scannán a bhuaigh an Oscar don scannán is fearr.

 

Fág freagra ar 'Dealbh ar bith do ‘An Cailín Ciúin’, ach údar mór mórtais ag an nGaeilge ar oíche stairiúil in Hollywood'