Deacair a bheith dóchasach faoi thír ina dtugann móramh dá hionadaithe parlaiminte cúl do shaothar rialtais

Neamhghéilleadh... Neamhthoil...Céard a theastaíonn ón móramh, in aon fhocal amháin? Neamhrialtas.

Sam Boal/RollingNews.ie
Sam Boal/RollingNews.ie

Thug an t-iriseoir Alison O’Connor freagra searbh nuair a fiafraíodh di ar an raidió Dé hAoine cé hiad na Teachtaí Dála neamhspleácha a thabharfaidh tacaíocht dar léi do rialtas mionlaigh. Is é sin le rá, dá mbeadh Fine Gael agus Fianna Fáil ábalta teacht ar aon tuairim faoi bhunú rialtais dá leithéid.

“I’m sick of it,” arsa Alison, tar éis di a rá nach raibh a fhios aici. Fearacht go leor daoine eile sa tír, dúirt sí go raibh sí tinn tuirseach den tsáraíocht pholaitiúil, den bhuaileam sciath, den tsíorchaint ar chainteanna, agus den tsíorthuairimíocht faoin margadh a dhéanfar, má dhéantar.

D’admhaigh Alison freisin go bhfuil éidreoir na bpolaiteoirí ar aon dul le meon an phobail.

Ní tearc an fhianaise go bhfuil an ceart aici. Deimhníonn córas daonlathach na hÉireann comhdhéanamh Dála atá ina íomhá scáthánach ar rogha, nó neamhrogha, na vótóirí. Cén leigheas atá ar éiginnteacht dá leithéid a léirítear go cruinn i nDáil Éireann?

Leigheas ar bith, leis an fhírinne a rá. Ní féidir rialtas aontaithe éifeachtach a bhunú. Is é sin, mura mbreathnaíonn móramh éigin i nDáil Éireann ar dhualgas an Teachta Dála mar fhreagracht nach mbaineann lena dtuairimí féin amháin, ná lena ngeallúintí réamhthoghcháin amháin.

Cloistear ar chaon taobh go dteastaíonn rialtas éifeachtach, ach nil an toil a theastaíonn lena bhunú ar fáil, faoi láthair pé scéal é.

Níor roghnaigh na vótóirí rialtas ná ábhar comhrialtais. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil dualgas ar na hionadaithe a thogh siad rialtas nua a bhunú, mar a bhunaigh gach Dáil ó 1922 go dtí seo.

Tá an neamhthoil réitigh chomh láidir anois i ngach páirtí taobh amuigh d’Fhine Gael go bhfuil sé chomh maith againn aghaidh a thabhairt ar an léargas léanmhar polaitiúil mar atá sé seachas ar an gcineál margaidh a d’fhéadfaí a dhéanamh.

Tá neamhthoil na bpáirtithe dul i gcomhrialtas lena chéile chomh soiléir anois agus a bhí roimh an toghchán.

B’fhearr lena bhformhór freasúra ná comhrialtas.

Ní mian le Fianna Fáil (43 Teachta Dála), ná le Sinn Féin (23), ná le comhghuaillíocht an AAA-PBP (6), ná leis na Daonlathaigh Shóisialta (3), ná leis an Lucht Oibre (7) de réir gach cosúlachta, a bheith i gcomhrialtas de chineál indéanta ar bith. Go deimhin, ní mian le móramh Dála (81 Teachta Dála) rannpháirtíocht i gcomhrialtas ar bith a phlé fiú amháin.

Neosfaidh an aimsir cé mar a éireoidh leis na socruithe atá á bplé ag Fine Gael le Fianna Fáil chun rialtas mionlaigh a bhunú agus a choinneáil ar snámh. Ach is deacair a bheith dóchasach faoina bhfuil i ndán do thír ina dtugann móramh dá hionadaithe parlaiminte cúl do shaothar rialtais. Céard a theastaíonn ón móramh, in aon fhocal amháin? Neamhrialtas.

Sinn Féin leo féin

Beidh a leagan féin de stair ár dtíre le céad bliain á chraobhscaoileadh ag an bpáirtí poblachtach eile ar feadh an deireadh seachtaine. “Bí linn san Éirí Amach” atá ar an meirge a crochadh os cionn phríomhdhoras an Ionaid Comhdhála Náisiúnta, ina bhfuil ardfheis Shinn Féin á reachtáil ón Aoine.

Breathnaíonn Sinn Féin ar fheachtas an IRA ar cuireadh deireadh leis i 1997 mar chuid leanúnach den ‘streachailt’ a thosaigh i 1916. Cuireann poiblíocht an pháirtí comhaltaí an IRA nua-aimseartha ar chomhchéim le ceannairí an Éirí Amach, ainneoin a ndearna siad a bheith cáinte ag gach rialtas sa stát neamhspleách a bunaíodh sé bliana tar éis an Éirí Amach.

Cuirfidh an ardfheis béim freisin ar dhá thoghchán. Toghadh Chomhthionól an Tuaiscirt an mhí seo chugainn, agus olltoghchán eile ó dheas nach féidir a chur as an áireamh am ar bith.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Deacair a bheith dóchasach faoi thír ina dtugann móramh dá hionadaithe parlaiminte cúl do shaothar rialtais'