Dea-scéal le REIC ó Áras na Scríbhneoirí

LÉIRMHEAS: Bhí Áras na Scríbhneoirí ar crith is ag borradh leis an bhfuinneamh a fáisceadh as an bhfocal beo ag an ócáid REIC

hqdefault-1
Séamus Barra Ó Súilleabháin

Bhailigh slua óg bríomhar isteach in Áras na Scríbhneoirí Déardaoin seo caite le freastal ar REIC, ócáid filíochta a bhí mar chuid d’Fhéile Ealaíona na gCúig Lampa.

Is í Ciara Ní Éanacháin a d’eagraigh REIC agus is í freisin a bhí ina haíochtóir (focal breá atá ag de Bhaldraithe ar compère, a cheadaíonn dúinn an nath seanchaite mí-oiriúnach sin ‘bean a’ tí’ a sheachaint agus sinn ag cur síos ar Chiara).

Bhí meascán cumhachtach d’fhilí is d’oirfidigh ann ag reic a gcuid dánta Gaeilge agus Béarla. Bím i dtólamh amhrasach faoi ócáidí dátheangacha mar is minic an Ghaeilge in áit na leathphingine, ach níorbh amhlaidh anseo. Rinne siad siúd gan mórán Gaeilge tréaniarracht a gcuid a chur i láthair as Gaeilge sular chromadar ar leaganacha Béarla dá ndánta a thabhairt. Níor mhothaigh na filí le Gaeilge gur ghá dóibh gach a raibh le rá acu a rá as Béarla; chuaigh siad i muinín a nguthanna chun a dteachtaireachtaí a chur in iúl dóibh siúd nár thuig a bhfocail.

Buíon fhuinniúil, éagsúil filí cumasacha a bhí i láthair. Ciara Ní Éanacháin féin a chuir tús leis na himeachtaí lena dán ‘Deirfiúr’ – dán a phléigh an grá idir deartháireacha is deirfiúracha agus a thionchar ar a saol sise. Mhaígh Eoin P Ó Murchú nárbh fhile eisean, ach bhréagnaigh sé a ráiteas féin lena chur i láthair. Rinne Eva O’Connor dhá dhán chumhactacha Béarla a chur i láthair dúinn inar cíoradh ceist an ghinmhillte is an ghrá éagmaisigh. Dánta ab ea iad seo a chuaigh i bhfeidhm go mór orm cé nach n-aontóinn ar dhóigh ar bith leis na tátail a bhain sí astu!

Bhí Marcus Mac Conghail ann, leis, é ag nascadh focail nua agus focail ársa le ceol comhaimseartha agus é á thionlacan ag Cian Mac Cárthaigh. Bhronn John Cummins orainn duan ómóis Duibhlinneach do Phil Lynott, Béarla Bhaile Átha Cliath leis an nGaeilge ina horlaí tríd. Dub agus filíocht Dub á reic aige i lár Duibhlinne is a gceart á thabhairt aige don dá theanga atá á labhairt anseo leis na cianta. Ba cheolmhar guth aniar MC Muipéad agus é ag cantaireacht filíochta ár linne, filíocht atá uilíoch freisin.

Rad Temper-Mental Miss Elayneous dúinn filíocht spreagúil chréúil, fuinte as clocha is canúint Bhéarla Átha Cliath, agus mheall Séamus Barra Ó Súilleabháin sinn lena shaothar buafhoclach, ceolmhar, cumhachtach, Muimhneach a raibh idir chaint, chanadh agus cheol leictreonach ann. Clabhsúr spleodrach ar ócáid thaibhsiúil.

Bhí Áras na Scríbhneoirí ar crith is ag borradh leis an bhfuinneamh a fáisceadh as an bhfocal beo i gcanúintí Gaeilge agus Béarla na tíre. Filíocht ag tarraingt as Grá agus Gruaim, stair agus dóchas an chine dhaonna, filíocht na freacnairce ach í fréamhaithe sa taithí uilíoch.

B’ardú croí dom an ócáid agus tuar dóchais. Tuar dóchais toisc gur léir go bhfuil daoine inár measc i gcónaí a bhfuil máistreacht acu ar ár dteangacha, agus iad ag fuineadh filíochta agus á reic i bhfoirmeacha na linne ach gan oiread is fridín den chúl le cine ná den sodar i ndiaidh na n-uasal eachtrannach ag baint leo. Le bheith ionraic, ardú meanman is údar dóchais a bhí ann cionn is gur slua óg a bhí i láthair – ní baol don éigse agus glúin úr ag déanamh a gcuid féin di.

Tá sé i gceist go mbeidh REIC ina ócáid mhíosúil; beidh mise ag tnúth le tuilleadh!

Fág freagra ar 'Dea-scéal le REIC ó Áras na Scríbhneoirí'

  • Andy Ó F

    Cur síos an-mhaith ar oíche den chéad scoth. Ag tnúth go mór leis an gcéad Reic eile!

  • Ciara

    Iontach ar fad, grma.

    Mar eolas, tá Reic ar Twitter: https://www.twitter.com/reic
    agus ar Facebook https://www.facebook.com/reic.eire

    Feicfidh mé ag an gcéad cheann eile sibh!