Dea-mhéin an Uachtaráin do Tuairisc.ie

A dhea-mhéin curtha in iúl ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn do Tuairisc.ie i dteachtaireacht speisialta ar ócaid seolta an tsuímh nua

Pictiúr Photocall Ireland

Tá a dhea-mhéin curtha in iúl ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn do Tuairisc.ie i dteachtaireacht speisialta ar ócáid seolta an tsuímh nua nuachta i nGaeilge i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath tráthnóna.

Seirbhís “thábhachtach” ar líne a thug an tUachtarán ar Tuairisc.ie.

Thagair sé chomh maith don mhéid a bhí le rá ag chéad Uachtarán na tíre, Dubhghlas de hÍde, faoi thábhacht na teanga.

Dúirt an Craoibhín aoibhinn gur “deargnáire go deo” a bheadh ann dá ndéanfaimis “ceann de na teangacha is breátha agus is saibhre san Eoraip a ligean le sruth gan an fód a sheasamh”.

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go raibh an Ghaeilge ina cuid lárnach dár “gcomhoidhreacht shaibhir” agus go gcaithfí í a chothú agus a chaomhnú ar mhaithe leis na glúnta atá le teacht.

Dúirt sé chomh maith gur den riachtanas é go bhfanfadh an Ghaeilge ina lárchuid “de chultúr na hÉireann” sa lá inniu, agus go mbeadh sí “ábhartha” i gcónaí i dtreo is go bhfaighimis tuiscint cheart ar gach rud fiúntach a bhaineann lenár stair.

Teachtaireacht an Uachtaráin


Litir ón Uachtarán