De Valera, de Loughry agus Henry Shefflin

Gheobhaidh tú éachtaint ar stair na hiomána agus stair na tíre i gcathair an mharmair

De Valera, de Loughry agus Henry Shefflin

“You’re for the Nowlan so tomorrow?” a deir fear liom agus mé ag ól pionta i nead sheascair i lár na cathrach i gCill Chainnigh oíche Shathairn na seachtaine seo caite. Bhí freagra tugtha roimhe agam ar an gceist ba thúisce a chuir sé orm – cárbh as mé?

Thug mé faoi deara nárbh é an fuaimniú céanna a thug sé ar ainm na páirce agus a thabharfadh tusa ná mise. ‘Nouw-lanna dúirt seisean, ag teacht leis an gcanúint lenar tógadh é.

An glacadh a bhí le Henry Shefflin mar bhainisteoir ar iománaithe mo chontae dúchais féin an chéad rud eile a bhí ag déanamh imní dó. Thar a bheith sásta a chloisteáil go raibh a oiread d’fháilte roimh Henry agus a bhí roimh de Valera nuair a d’éalaigh sé as Príosún Lincoln.

Bhí ceangal idir Cill Chainnigh agus an eachtra sin freisin, a dúirt mo chompánach. Ba as an gcathair Peter de Loughry a mhúnlaigh an eochair a thug cead éalaithe do Dev.

Poblachtánach a bhí i bPríosún Lincoln é féin i 1919 ab ea de Loughry. Le linn dó a bheith ansiúd toghadh é ina mhéara ar Chathair an Mharmair, áit a raibh garáiste agus ceárta aige.

Mar chuid den phlean éalaithe, cuireadh cáca chuig de Valera ina raibh crotán eochrach agus líomhán i bhfolach ina lár. Ar chúis éicint níor bhac na húdaráis leis an gcáca a scrúdú. D’fhág a chuid scileanna gaibhneoireachta go raibh de Loughry in ann an cruth ceart a chur ar an eochair rud a thug deis éalaithe do de Valera agus beirt eile. Ní raibh déantóir na heochrach ar dhuine acu mar go raibh a théarma i ngar do bheith istigh ar aon nós.

Ar bhealach éicint, b’fhacthas dom go mba mhó de shuim a bhí ag mo chara sa tábhairne ina raibh le tarlú lá arna mhárach ná a bhí aige sna heachtraí staire a tharla os cionn 100 bliain ó shin, mar nuair a bhíodh giota eolais tugtha aige ina thaobh siúd, théadh sé ar ais ag caint ar Shefflin de léim.

Ní fhaca tú a shamhail ariamh ach feilméara a mbeadh an-chion aige ar ainmhí ab éigean dó a dhíol agus a bheadh ag cur a thuairisce ina dhiaidh sin chuile uair a gcasfadh an ceannaitheoir dó.

Tá chuile sheans ann go raibh mo chara ag an gcluiche i ‘Nouw-lann’ lá arna mhárach. Má bhí, ba shásta é ná Henry agus mise tráth a raibh Cill Chainnigh leathdhosaen cúilíní chun cinn ar Ghaillimh go domhain isteach sa dara leath san imirt eatarthu i gCraobh Iomána Laighean.

Ach, níorbh iontas dó a cheapadh as sin go deireadh gur tugadh cáca de chineál éicint i seomra feistis na Gaillimhe ag leath ama ina raibh teaicticí na gCat i bhfolach ann. Diaidh ar ndiaidh laghdaigh fir an iarthair an bhearna go bhfuair an t-ionadaí Declan McLoughlin an cúilín comhscóir agus 6 nóiméad am breise caite.

Ní raibh dream ní ba shásta ar an bpáirc ná an cúpla scór gasúr scoile as an mBeitheach i ndeisceart na Gaillimhe a bhí amach romham agus a raibh ag gcuid camán ar iompar acu. Ceantar iomána thar a bheith láidir é siúd, iad ag cur foirne chun páirce sular bunaíodh CLG beag ná mór. Bhí Micheál Cíosóg i láthair ag ceann idir iad féin agus a gcomharsana Cill Fheichín in 1870.

Is iad muintir Gantley an teaghlach iomána is cáiliúla sa bparóiste. Bhí an tAthair Paddy Gantly ar dhuine de na hiománaithe ab fhearr a d’imir do Ghaillimh ariamh (1945-1949); bhí mac a dhearthár, Finbarr ar phainéal an chontae a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1980 agus d’imir a chlann siúd, Finbarr Óg, Ruairí agus Joe, do shinsir na Gaillimhe sna 1990idí agus 2000idí.

Nuair a cheistigh mé duine de na buachaillí a bhí i m’aice faoi aon duine den sloinne sin a bheith ar an mbus leo, ach oiread le fear Chill Chainnigh, níor thréig seisean a ndúchas ach oiread. ‘A ‘hape’ of them,’ a deir sé.

Ba as Cumann Shéamuis Mhic Stiofáin i lár na cathrach i gCill Chainnigh an té a bhí ar thaobh mo láimhe deise Dé Domhnaigh. Ar an gcomhaireamh deireanach tá ag tarraingt ar 80 bonn de Chraobhacha Sinsir na hÉireann sa gclub sin, ina measc 9 gcinn atá ag Jackie Tyrrell, 8 gcinn ag Eoin Larkin, cúig cinn ag Phil ‘Fan’ Larkin, ceithre cinn ag a athair Paddy Larkin agus trí cinn ag mac ‘Fan’, Philly. Tá ceithre cinn freisin ag fear a bhfuil Brian Cody air.

Chaith ‘Fan’ ocht mbliana déag ar fhoireann shinsir Chill Chainnigh (1962 – 1980). Tá na ceithre scóir caite anois aige, ach nuair a chuir mé a thuairisc le mo chompánach an lá faoi dheireadh, séard a dúirt sé siúd liom go mbíonn ‘Fan’ thíos ar pháirceanna na Stiofánach tráthnóntaí go leor ag traenáil leads óga.

A dhath iontais níor chuir sin orm. An Domhnach ar imríodh Cluichí Ceannais na hÉireann san iománaíocht i 1995 ní raibh geataí Pháirc an Chrócaigh oscailte fiú nuair a bhain mé láthair mo chuid oibre amach. Ní i bhfad a bhí mo thóin le balla agam nuair a leaindeáil ‘Fan’ a bhí ina roghnóir ar fhoireann mionúir a chontae a bhí le Corcaigh a imirt i gcraobh na mionúr.

Tar éis dúinn scaithimhín a chaitheamh ag caint ar an gcluiche sin, d’fhiafraigh mé de cén léamh a bhí aige ar chluiche ceannais na sinsear ina n-imreodh an Clár agus Uíbh Fhailí a chéile.

“Ní beidh an deis agam fanacht go bhfeicfidh mé é,” a deir sé. “A luaithe agus a bheas na mionúir críochnaithe tá mé ag bualadh bóthair. Beidh na Stiofánaigh ag imirt in aghaidh Naomh Máirtín i mBéal Átha Ragad ag 6.15 tráthnóna i gcraobh an chontae. Is ansiúd a bheas mise.”

Sular fhágamar a chéile dúirt sé liom a bheith san airdeall ar ghasúr as Tulach Ruáin bheadh ag imirt sa gcluiche seachtar an taobh ag leath ama sa gcraobh shinsir. “Ach an oiread liom féin, níl airde dhá phionta pórtair ann, ach is mór an spórt a bheith ag breathnú air ag imirt. Tommy Walsh atá air,” a dúirt sé

Leis sin d’oscail an geata.

Fág freagra ar 'De Valera, de Loughry agus Henry Shefflin'