‘De rapper om sex og narkotika’ – Kneecap ar theilifís na hIorua 

Bhí Moglaí Bap agus Mo Chara ar chlár nuachta NRK agus iad ag trácht ar a gcuid ceoil agus ceist na teanga

‘De rapper om sex og narkotika’ – Kneecap ar theilifís na hIorua 

Cuireadh an bheirt rapairí Feirsteacha ón ghrúpa Kneecap faoi agallamh ar nuacht náisiúnta na hIorua, NRK Nyheter le déanaí. 

Craoladh an mhír le Moglaí Bap agus Mo Chara ar chlár nuachta NRK, a mbíonn suas le milliún duine ag breathnú air. 

Ag labhairt dó ar an gclár, dúirt Moglaí Bap nach bhfuil aon chur i gcéill i gceist le Kneecap. 

“Canann muid mar a labhraíonn muid agus sin an rud a ba mhaith linn a dhéanamh leis na hamhráin. 

“Is léir go bhfuil tuin chainte Bhéal Feirste againn i nGaeilge. Agus ní hí sin an tuin chainte thraidisiúnta a bheadh agat sa Ghaeilge ach coinníonn muid léi agus déanann muid an rud atá fíor, mar a thuigtear dúinne é.”

Labhraíonn an bheirt san fhíseán faoina n-amhrán C.E.A.R.T.A, a tharraing aird mhór agus roinnt conspóide anuraidh mar gheall ar eascainí agus tagairtí d’úsáid drugaí a bheith ann.

Cuireann siad síos ar an “athchúrsáil” atá á déanamh sa Ghaeilge ar fhocail ar nós ‘dúidín’, focal eile ar phíopa cailce a ghlactar leis go coitianta anois mar chur síos ar dhúidín raithní. 

Dúirt Moglaí Bap le Tuairisc.ie gur tháinig an criú chomh fada le hiarthar Bhéal Feirste coicís ó shin chun an mhír a thaifeadadh. 

“Sílim go raibh siad ag tuairisciú faoin Ghaeilge agus faoin tuaisceart agus gur tháinig siad orainne. 

“Bhí spéis acu ár gcuid tuairimí a chluinstin maidir le hacht na Gaeilge agus gluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh.” 

Dúirt Moglaí Bap gur bhreá an rud é go bhfuil Kneecap á chur in aithne do mhuintir na hIorua agus go gcuirfidís “fáilte mhór” roimh ghig a dhéanamh thall dá bhfaighidís cuireadh. 

 

Fág freagra ar '‘De rapper om sex og narkotika’ – Kneecap ar theilifís na hIorua '