David Drumm ciontach i gcomhcheilg chun calaois a dhéanamh agus i gcuntasaíocht bhréagach

Cinneadh d’aon ghuth ón ghiúiré i gceann de na trialacha coiriúla ab fhaide riamh sa stát seo

David Drumm ciontach i gcomhcheilg chun calaois a dhéanamh agus i gcuntasaíocht bhréagach

Sa Chúirt Choiriúil Chuarda i mBaile Átha Cliath tráthnóna inniu, fuarthas David Drumm, an t-iarPhríomhfheidhmeannach ar an mBanc Angla-Éireannach ciontach i gcomhcheilg chun calaois a dhéanamh agus i gcuntasaíocht bhréagach.

Chuir giúiré naonúr fear agus triúr ban tús lena gcuid machnaimh Dé Máirt seo caite i dtriail David Drumm, a bhí ar cheann de na trialacha coiriúla ab fhaide riamh sa stát seo.

Ar an 86ú lá den triail, tar éis deich n-uaire an chloig ag scrúdú na fianaise, tháinig siad ar fhíorasc ciontachta d’aon ghuth in dhá chúis in aghaidh an bhaincéara.

Cúisíodh é i gcomhcheilg chun calaois a dhéanamh ar thaisceoirí agus infheisteoirí Bhanc Angla-Éireannach trína thabhairt le fios go mí-ionraic go raibh na taiscí sa mbanc in 2008 €7.2 billiún níos mó ná mar a bhí i ndáiríre. Cúisíodh é chomh maith i gcuntasaíocht bhréagach trí eolas a chur ar fáil don mhargadh airgeadais go raibh €7.2 níos mó i dtaisce sa bhanc ná mar a bhí.

Phléadáil Drumm, as na Sceirí i mBaile Átha Cliath, neamhchiontach sa dá chúis.

Dúirt a chuid dlíodóirí gur ghlac Drumm leis gur tharla na hidirbhearta sin, arbh fhiú na billiúin euro iad, idir Anglo agus Irish Life and Permanent in 2008, ach níor ghlac sé leis go raibh siad mí-ionraic ná gur caimiléireacht a bhí ar siúl.

Fuair an giúiré go raibh Drumm ciontach i gcomhcheilg le Willie McAteer, iarStiúrthóir Airgeadais Anglo agus le John Bowe, Ceannasaí na Margaí Caipitil agus le Denis Casey, a bhí ina Phríomhfheidhmeannach ar Irish Life and Permanent ag an am sin, chomh maith le daoine eile. Gearradh téarma príosúin ar an triúr fear sin in 2016 as comhcheilg chun calaois a dhéanamh.

D’iarr dlíodóirí Drumm go gcuirfí ar bhannaí é ar bhonn ‘daonnúlachta’ toisc nach raibh a bhean ná a chlann ina gcónaí sa tír seo faoi láthair. Cé gur tháinig a bhean anall as Bostún le linn an chás cúirte, b’éigean di filleadh ar Mheiriceá le freastal ar bhronnadh céime duine den chlann.

Dúirt a dhlíodóirí go raibh Drumm ar ais sa tír seo anois le dhá bhliain agus nár sháraigh sé aon choinníoll a bhain lena chuid bannaí i rith an ama sin.

Chuir an Garda Síochána in aghaidh na mbannaí agus dúirt gur chreid siad go raibh an baol ann go bhfágfadh sé an tír gan chead.

D’athchuir an Breitheamh Karen O’Connor Drumm ar bhannaí go dtí go ngearrfar pianbhreith air níos déanaí sa mhí.

Fág freagra ar 'David Drumm ciontach i gcomhcheilg chun calaois a dhéanamh agus i gcuntasaíocht bhréagach'