David Beckham le feiceáil is gan air ach a dhráirín, ach radharc ar bith ag an mBonnán Buí ar Chorn Ryder

Ní féidir lenár gcolúnaí déanamh gan imirt an Domhnaigh i gCorn Ryder ach más ea bhí an cat mara air agus é sa Spáinn an deireadh seachtaine seo caite

David Beckham le feiceáil is gan air ach a dhráirín, ach radharc ar bith ag an mBonnán Buí ar Chorn Ryder

David Beckham agus Rory McIlroy

Orm féin amháin atá an milleán le leagan. Bhí a fhios agam nuair a chuir mé cúpla seachtain saoire i dTuaisceart na Spáinne in áirithe gur ag an tráth a mbeadh iomaíocht an Domhnaigh i gComórtas Chorn Ryder ina tréine a bheinn ag tabhairt m’aghaidh abhaile. Is cuma sin a cheapas. Nach bhfuil beirt Spáinneach ar an bhfoireann, John Rahm agus Sergio Garcia, agus beidh feiceáil in áit éicint san aerfort air, feiceáil na teilifíse ach sin eile a mbeadh agam sa mbaile ach an oiread.

D’ardaigh mo chroí agus mé go hard san aer ag déanamh ar cheann cúrsa agus beagnach coicís fós idir muid agus tús na hiomaíochta i bPáras. “Faoi cheann deich nóiméad beidh muid in Aerfort Seve Ballersteors i Santander,” a d’fhógair an píolóta. “Ceangail do bheilt agus coinnigh greim ar do chuid uisce go mbeidh tú ar talamh” nó rud éicint dá leithéid.

Aerfort Seve Ballersteros! I mo chuid fuadair bhí dearmad déanta agam go mba i mbaile beag Pedreña i bhfoisceacht cúpla míle den áit a raibh muid le tuirlingt a rugadh duine de na laochra spóirt is gaire de mo chroí, fear atá luaite go láidir le Corn Ryder, a d’imir ann 8 ngeábh tráth ar bhailigh sé 22.5 pointe agus a bhí ina chaptaen i 1997.

Ní raibh Seve mórán le bliain básaithe nuair a thiomnaigh a chomrádaí mór José Maria Olazábal bua na hEorpa i Medinah in 2012 do Seve, tar éis dá fhoireann a bheith 6-10 chun deiridh ar thosú na himeartha Dé Domhnaigh.

“Ní taobh le scáileán mór amháin a bheas an t-aerfort seo lá m’imeachta” a deirimse liom féin agus den chéad uair riamh i mo shaol is mé a bheadh sásta an ‘seiceáil isteach’ a bheith déanta agam cúig uaire roimh fhágáil dom.

Thug mé faoi cheantar na mBascach, faoin gCatalóin agus faoin Astúir chomh sásta le cat an dá eireaball.

Bhí na comharthaí sóirt le feiceáil is dóigh ach iad a aithneachtáil. Ní fhaca mé ach aon chúrsa amháin sa stráice fada den chósta a thaistil mé – ceann álainn poiblí in aice le baile a raibh Llanes air idir Bilbao agus Gijón. €12.50 a bhí ar chead imeartha ar chúrsa a bhí chomh cóirithe agus a d’iarrfá agus a d’fhág cathú orm nach raibh na bataí liom.

Creidim nach taobh le Golf Municipal de Llanes atá an ceantar ina raibh mé, ach níl cúrsaí baol ar chomh fairsing ar an gcósta thuaidh agus atá ar chósta thoir agus theas na Spáinne – buíochas le Dia a déarfadh go leor, mo chompánach taistil ar dhuine acu!

Is é an sacar príomhchluiche Thuaisceart na Spáinne – ceithre fhoireann de chuid La Liga sa gcúinne thoir thuaidh, Athletico Bilbao, Real Sociedad, SD Eibar, agus Deportivo Alavés. Sa La Liga 2 atá foirne eile an cheantair, Deportivo la Coruna, Sporting Gijón agus Osasuna.

Ós rud é nach dtosaíonn an iomaíocht i gceart i gCorn Ryder go dtagann an Domhnach níor chuir sé an oiread sin d’imní orm go mba é an sacar ba mhó a bhí le feiceáil ar theilifís agus mé i mbun mo chuid spaisteoireachta Déardaoin agus Aoine na gcluichí ceathrair a d’fhág an Eoraip 10-6 chun cinn, mar a bhí na Poncánaigh i Medinah.

Ar aon dath bhí mo ríomhairín glúine liom agus anois agus arís thapaigh mé an deis air sin le cuid den imirt a fheiceáil más go ‘bradach’ féin é.

Ach ní féidir déanamh gan imirt an Domhnaigh agus go gairid tar éis an mheán lae bhí mo ghluaisteán ar ais ag an gcomhlacht cíosa, rilleán déanta de mo mháilín ag meaisíní x-ghathanna agus mo straois ar an liosta grianghrafanna atá ag údaráis slándála na Spáinne.

Sheas mé go tnúthánach sa halla imeachta in Aerfort Sevi Ballesteros ag breathnú i mo thimpeall go bhfaighinn rud atá deacair a fháil ina leithéid d’áit – suíochán compordach.

Faraor ní bhfuair mé an deis a fháil amach cén compord a bhain leo siúd a bhí go fairsing i mo thimpeall mar dá mbeinn ag airdeall fós dé ná deatach ní raibh ar aon teilifís.

Ní hé go raibh aon easpa scáileán ann. Bhíodar sin chomh fairsing le sprémhóin. Cuid acu ag inseacht na n-amanna a bhain leis na heitiltí a bhí ag teacht isteach agus tuilleadh fós leo siúd a bhí ag imeacht.

I gcoirnéal mo shúl cheap mé go bhfaca mé scáileán i bhfad uaim a raibh corraíl éicint ag baint leis. As go brách liom ag ceapadh go raibh agam. Nuair a tháinig mé chomh fada leis céard a bheadh ann ach David Beckham – gan air ach a dhráirín agus é ag moladh cumhráin nó balsam éicint a raibh buidéal de i leathláimh dá chuid. Dá mba i ngar dom a bhí an fear é féin, ní bheinnse i bhfad ag fáil áit don bhuidéal!

Ní raibh de rogha ann ach a dhul i dtuilleamaí an ríomhairín agus na bradaíola.

Chuaigh sin i m’aghaidh freisin. Oiread slándála ar WiFi an aerfoirt agus go ndearna sé blocáil ar an sruth a bhí á sheoladh chugam go mídhleathach.

Céard a bhí fágtha le déanamh ansin agam ach aghaidh a thabhairt ar an gcuntar ar fhaitíos go mba amhlaidh dom féin agus don Bhonnán Buí bocht.

Ádhúil go leor, bhí dea-thoradh ar imirt agus ar ragairne an lae, cé nach raibh a fhios sin agamsa gur bhain mé Baile Átha Cliath amach.

Fág freagra ar 'David Beckham le feiceáil is gan air ach a dhráirín, ach radharc ar bith ag an mBonnán Buí ar Chorn Ryder'