Dátheangachas á éileamh ag Teachta Dála de chuid Fhine Gael

Ba mhaith leis an Teachta Dála Seán Kyne go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar phacáistí ar tháirgí Éireannacha

Ceistneoir-Sean Kyne

Ba cheart gur dátheangach a bheadh an t-eolas ar tháirgí Éireannacha a chuirtear ar an margadh anseo, dar le cúlbhinseoir de chuid Fhine Gael. Teastaíonn ó Theachta Dála Ghaillimh Thiar, Seán Kyne (FG) an méid is mó eolas i nGaeilge agus is féidir a chur ar phacáistíocht a chuireann comhlachtaí Éireannacha ar a gcuid ábhar.

Tá an cur chuige seo coitianta go maith i ndlínsí dátheangacha eile ach dúirt an Teachta Kyne le Tuairisc.ie nár chreid sé gur theastaigh reachtaíocht chuige seo.

“B’fhearr liom dá mbeadh chuile dhuine sásta agus nach mbeadh orainn é sin a dhéanamh. Caithfidh muid fanacht  go bfeicfidh muid an bhfuil grúpaí Éireannach sásta é a dhéanamh,” a dúirt sé.

Tharraing sé an t-ábhar anuas sa Dáil nuair a cheistigh sé an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh le linn tráth na gceist.

Dúirt an tAire Stáit mar fhreagra ar cheist an Teachta Kyne go bhfuil ríomhleabhar á chur le chéile ag Foras na Gaeilge ar an ábhar dar teideal “Pacáistíocht Dhátheangach – Treoir ar an gCleachtas is Fearr” a bunaíodh ar thaighde a rinne Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath thar ceann an Fhorais.

Dúirt sé freisin go mbíonn riachtanais teanga ar chomhlachtaí a fhaigheann deontas ó Údarás na Gaeltachta i leith úsáid na Gaeilge.

“Aontaíonn Údarás na Gaeltachta plean cuimsitheach teanga lena gcliantchomhlachtaí ar fad, ina gcuirtear isteach pacáistíocht agus lipéadú dátheangach. Tá treoir gnó, dar teideal ‘Gnó le Gaeilge/Business in Irish,’ curtha le chéile ag Údarás na Gaeltachta le comhlachtaí a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus cúnamh a thabhairt dóibh an teanga a bhuanú san áit oibre agus pleananna teanga a chur i bhfeidhm,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

Dúirt sé freisin nár mhór a lua gur croíchuid de straitéis mhargaíochta roinnt mhaith cliarchomhlachtaí an Údaráis í an phacáistíocht dhátheangach cheana féin.

Fág freagra ar 'Dátheangachas á éileamh ag Teachta Dála de chuid Fhine Gael'

  • Páid Ó Donnchú

    Is ea, is ea, ba cheart an dream seo an Ghaeilge a úsáid, agus ba cheart an dream siúd an Ghaeilge a úsáid.

    Ach ar a shuíomh féin…

    https://seankyne.ie/

  • Breathnóir

    Tá an ceart aige, dhéanfadh sé an teanga níos feiceálaí sa ghnáthshaol.
    Ba chóir a leithéid a dhéanamh i bhfad ó shin, dáiríre, ach is fearr go mall ná go brách.