Dath uaithne ar chur síos, dath gorm ar chaint, dath buí ar an monalóg inmheánach…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: lá cheana, níor léir dár gcolúnaí an chloch ón gcarraig ina chuid scríbhneoireachta féin a thuilleadh. Bhain sé amach a chuid marcóirí daite…

Dath uaithne ar chur síos, dath gorm ar chaint, dath buí ar an monalóg inmheánach…

Bhí mé ag rothaíocht ar bhóthar an chósta nuair a bhuail mo ghuthán. Tháinig mé anuas den rothar, bhain an fón amach as póca mo bhríste ghearr agus chuir le mo chluas é. ‘Heileo,’ a dúirt mé.

An dúshlán is mó atá romham agus mé i mbun eagarthóireachta ar an úrscéal atá idir lámha agam faoi láthair ná caoi a chur ar shleachta den chineál thuas. Ar an gcéad radharc, níl rud ar bith mícheart. Ach bheadh a leithéid seo míle uair níos fearr:

Bhí mé ag rothaíocht ar bhóthar an chósta nuair a bhuail mo ghuthán. Stad mé.

‘Heileo.’

Síos tríd na blianta tá sé curtha i mo leith ag léitheoir nó beirt – agus idir mholadh agus cháineadh i gceist acu – gur ‘scríbhneoir don tsúil’ mé. Tá bua an chur síos agam, dar leo, ach bainim an iomarca úsáide as: ní fhágaim dóthain spáis do shamhlaíocht an léitheora.

Roinnt mhíonna ó shin, nuair a rinne mé athléamh ó thús go deireadh ar an dréacht reatha den úrscéal atá idir lámha agam, chonaic mé go raibh an ceart ag na léitheoirí sin. Bhí oiread tagairtí do ghluaiseachtaí fisiciúla sa téacs – treoireacha stáitse, abair – gur script scannáin seachas úrscéal a mheabhródh an saothar duit.

Rinne mé iarracht an fhadhb a leigheas de réir a chéile agus mé ag treabhadh liom ó radharc go radharc ach b’fhacthas dom nach raibh ag éirí liom. Bhí an téacs breac le cur síos ar ghluaiseachtaí fisiciúla agus níor léir dom an chloch ón gcarraig a thuilleadh.

An lá faoi dheireadh, rinne mé rud nach ndearna mé riamh cheana. Bhain mé amach an marcóir leis an dath is feiceálaí agus is gáifí a bhí mé in ann a aimsiú – an ceann bándearg – agus chuir mé dath ar chuile abairt ina raibh cur síos ar ghluaiseacht fhisiciúil. (Ligfidh an chuid is mó de na bogearraí scríbhneoireachta duit é sin a dhéanamh ar scáileán do ríomhaire ach ar ndóigh d’fhéadfá seo a dhéanamh ar an seanbhealach freisin, marcóir ar pháipéar.)

Ar aghaidh liom tríd an radharc a bhí idir lámha agam, agus tríd an gcéad radharc eile. Mura mbíodh géarghá le ceann de na habairtí bándearga sin, ghearrainn amach scun scan í. Má bhíodh gá léi, choinneoinn í – ach ní sula ndéanainn iarracht í a athscríobh i bhfoirm smaoinimh (nó mar mhonalóg inmheánach, má theastaíonn téarmaíocht chasta uait.) Sa chás sin, bheadh cuma mar seo ar ár sliocht samplach:

Bhí mé ar bhóthar an chósta nuair a bhuail mo ghuthán. B’fhearr tuirlingt den rothar, is dócha. ‘Heileo,’ a dúirt mé.

An chéad rud eile, bhí dath buí á chur agam ar abairt ar bith ina raibh monalóg inmheánach; dath uaithne ar chur síos ar shuíomhanna agus ar dhaoine; dath gorm ar chaint agus dath corcra ar shliocht ar bith ar a dtabharfadh léirmheastóir Béarla ‘purple prose’.

Agus mé ag breathnú ar na leathanaigh ildaite ar scáileán mo ríomhaire, rith sé liom gur ceist choibhnis – nó cóimheá – níos mó ná rud ar bith eile a bhí san fhadhb sin agam leis na habairtí a mheabhraigh treoracha stáitse dom. Ní raibh dochar ar bith in abairt bhándearg nó dhó in aghaidh an leathanaigh, ach má bhí dath bándearg ar shliocht fada, bhí mé i dtrioblóid. An rud céanna, ar ndóigh, leis na dathanna eile: éagsúlacht, seachas sleachta fada agus an dath céanna orthu, atá uait.

Ní mise mé féin a chuimhnigh ar an tseift sin. Sa leabhar is fearr ar cheird na heagarthóireachta dá bhfuil ar m’eolas a fuair mé í, Self-Editing for Fiction Writers le Renni Browne agus Dave King. Bhí leisce orm i gcónaí úsáid a bhaint as cleas sin na marcóirí; shíl mé go raibh sé saghas páistiúil. Níl sé. Tabharfaidh sé léargas duit i bhfaiteadh na súil ar pé fadhbanna coibhnis nó cóimheá a bheas le ceartú agat.

Fág freagra ar 'Dath uaithne ar chur síos, dath gorm ar chaint, dath buí ar an monalóg inmheánach…'

  • Rónán Ó Snodaigg

    Léitheoireacht iontach beacht a bhí ansan agam . 👍