Tá deimhnithe ag Rannóg an Aistriúcháin do Tuairisc.ie go seolfar an t-eagrán is deireanaí den Chaighdeán Oifigiúil Dé Céadaoin, an 13 Iúil, i mBaile Átha Cliath.
Ba í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh agus a d’fhoilsigh sa bhliain 1958 é. Sa bhliain 2012, d’fhoilsigh an Rannóg leagan athbhreithnithe den Chaighdeán agus gealladh sa réamhrá leis an eagrán sin go ndéanfaí athbhreithniú air i gceann trí bliana.
Bhí an leagan nua le foilsiú mí Márta 2015 ach fógraíodh anuraidh go raibh moill ar chúrsaí agus go mbeadh sé réitithe roimh dheireadh na bliana. I mí na Samhna, cuireadh an spriocdháta siar go dtí an Márta, ach cuireadh siar arís é ina dhiaidh sin.
Ceann de na gnéithe is mó a mbeidh spéis ag lucht teanga ann ná cé chomh dílis dá chéile is a bheidh an Caighdeán nua agus an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge agus cén réiteach a bheidh ar aon neamhréir.
Dúradh sa leagan den Chaighdeán a foilsíodh in 2012, nó an Caighdeán ‘Corcra’ mar a thugtar mar ainm ceana air, go ndearnadh iarracht ‘na claochluithe atá ag titim amach ó thaobh struchtúir ghramadaí na teanga a aithint’ ach srian a choinneáil leis an ró-Bhéarlachas agus gan struchtúir dhúchasacha na Gaeilge ‘a chur as a riocht’.
Chuige sin d’fhéach údair Chaighdeán 2012 le foirmeacha agus leaganacha canúnacha atá sa chaint a chur san áireamh ar mhaithe le haitheantas a thabhairt do ghnáthchaint na ndaoine.
padraig
Más maith is rímhithid, beidh le feiscint/le feiceáil an ngéilltear don ngnáthchaint/don ghnáthchaint…..
Seán Mór
Iomrá ar bith air seo inniu?