Dáta fógartha ag May do thús an Bhreatimeachta

Tabharfaidh Theresa May, Príomh-Aire na Breataine, feidhm d’alt 50 an tseachtain seo chugainn agus tabharfaidh sí cuairt ar Thuaisceart Éireann roimhe sin

Dáta fógartha ag May do thús an Bhreatimeachta

Theresa May, Príomh-Aire na Breataine. RollingNews.ie

Tabharfaidh Theresa May, Príomh-Aire na Breataine, feidhm d’alt 50 Dé Céadaoin an 29 Márta chun tús a chur le próiseas an Bhreatimeachta.

Thug urlabhraí thar ceann May le fios ar maidin go bhfuil sé i gceist ag an bPríomh-Aire cuairt a thabhairt ar Albain agus ar Thuaisceart Éireann roimh an dáta sin.

Cuireadh in iúl d’oifig Uachtarán Chomhairle na hEorpa ar maidin go seolfaí litir ar an 29 Márta ina bhfógrófar go hoifigiúil go bhfuil tús á chur leis an mBreatimeacht.

Thug Banríon na Breataine aontú ríoga Dé Máirt seo caite don bhille a cheadaíonn don Phríomh-Aire Theresa May tús a chur le cainteanna maidir leis an Aontas Eorpach a fhágáil.

Glacadh leis an mbille i bParlaimint Westminster agus i dTeach na dTiarnaí Dé Luain seo caite.

Ceadaítear faoi Alt 50 de Chonradh Liospóin do bhallstát an tAontas Eorpach a fhágáil.

Níor tugadh feidhm riamh cheana d’alt 50.

Tuairiscítear gur i mí na Bealtaine a chuirfear tús leis an idirbheartaíocht maidir leis an mBreatimeacht.

Fág freagra ar 'Dáta fógartha ag May do thús an Bhreatimeachta'