Darragh Dearg le duartan is dainséar

Rabhadh dearg i bhfeidhm ar an gcósta thiar óna 10.00 anocht agus Darragh ag dul i ndéine 

Darragh Dearg le duartan is dainséar

In olcas atá tuar na haimsire ag gabháil agus Darragh, an stoirm is déanaí, ag déanamh a bealaigh faoinár ndéin. Tá an rabhadh oráiste athraithe ag Met Éireann go dtí rabhadh dearg, an fhainic is tromchúisí atá ag lucht na haimsire. Agus fógra dearg i bhfeidhm bítear ag iarraidh ar dhaoine a chinntiú go bhfuil siad féin agus a maoin sábháilte agus nach gcuirtear aon duine eile i gcontúirt ach oiread. Ní mór d’fhostóirí agus do chomhlachtaí taistil aird a thabhairt ar an rabhadh dearg lena bhfostaithe a choinneáil slán.

Tiocfaidh an rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm sna contaetha seo ar an gcósta thiar ag a 10pm anocht – i Maigh Eo, Gaillimh, an Clár, Sligeach, Liatroim agus Dún na nGall agus beidh siad amhlaidh go dtí a 3am maidin amárach. Tiocfaidh an fógra dearg i bhfeidhm do Chill Mhantáin ag 1am agus beidh sé i bhfeidhm go dtí 6am maidin Dé Sathairn. Cuirfear seirbhísí Bus Éireann ar fionraí sna ceantair ina bhfuil rabhadh dearg i bhfeidhm agus tá roinnt seirbhísí farantóireachta ar fionraí. Tá rabhadh oráiste i bhfeidhm sa gcuid eile den oileán agus beidh go dtí a 10.00 maidin amárach.

Duartan báistí agus gaoth mhór an port atá ag Darragh don tír seo inniu agus scaipfidh an bháisteach throm atá san iarthar léi soir ar fud na tíre as seo go tráthnóna. Iarrtar ar dhaoine a bheith san airdeall mar go bhféadfadh fuarlaigh a bheith in áiteanna agus aibhneacha ag sceitheadh thar bruach. Agus dearg i bhfeidhm anocht moltar do dhaoine fanacht den bhóthar má fhéadann siad mar nach fios cén chontúirt gan choinne a chuirfeadh an stoirm roimh lucht taistil. Ar na cnoic sa taobh ó thuaidh den tír d’fhéadfadh flichshneachta a bheith i mbéal na gaoithe agus tá baol toirní in áiteanna. Athróidh an ghaoth ó dheas soir ó dheas i rith an lae, neartóidh sí agus beidh siotaí tréana léi.

Anocht a thaispeánfaidh Darragh a méin i gceart agus beidh sé an-ghaofar agus ina stoirm in áiteanna i rith na hoíche. Athróidh an ropadh gaoithe siar ó thuaidh agus beidh siotaí contúirteacha ann a d’fhéadfadh an-scrios a dhéanamh. An chontúirt mhór go leagfadh an stoirm seo crainnte agus línte cumhachta agus go scriosfadh sí aon déantús, balla, bothán nó struchtúr sealadach nó go séidfeadh sí san aer aon rud a bheas ar forbhás, bíodh sin troscán, crainnte Nollag nó cuaillí. Aon rud atá fágtha ar sliobarna b’fhiú é a cheangal nó é  a chur ar chaoi shábháilte sula bhfuadófar é agus an baol ann go gcuirfeadh sé daoine i gcontúirt.

Beidh fórsa stoirme le cuid de na siotaí sin, go háirithe le cósta agus iarrtar ar dhaoine an cladach a sheachaint mar go bhfuil an-bhaol ansin go mbeadh maidhmeanna ag réabadh isteach ar an gcladach agus ar aon bhóthar le cósta. Glanfaidh an bháisteach léi soir i rith na hoíche ach beidh neart ceathanna troma againn.

Stolladh gaoithe a thabharfas Darragh chugainn arís maidin amárach agus gaoth mhór aniar aduaidh ann agus siotaí treascracha ina teannta. Beidh sé gaofar fiáin i rith an lae ach glanfaidh an bháisteach léi ón iarthuaisceart agus ón oirthear le mar a bheidh an lá á chaitheamh. Beidh múraíl ann agus d’fhéadfadh flichshneachta a bheith ar thalamh ard. Beidh an teocht idir 5 agus 10 gcéim Celsius.

Ach a bheith slán dúinn ar an Domhnach, beidh Darragh imithe léi agus faoiseamh beag á thuar sa gcuid thoir den tír ach clabhraí is múraíl a bheas sa taobh thiar.

Fág freagra ar 'Darragh Dearg le duartan is dainséar'

  • Carraig

    Tá ‘talamh ard’ agus ‘talamh crochta’ ann, is dócha gur mar a chéile iad.
    An-chur síos ar Darragh maille le comhairle ár leasa!
    Tá sé ina stoirm dhearg amuigh anois.