DARA Ó CINNÉIDE: Tá cultúr an ionaid aclaíochta go rábach i gCLG agus tá sé thar am stad a chur leis

Tá ceacht fachta ag lucht leanta na gcluichí an tseachtain seo maidir le cluiche idirchontae an lae inniu. Mura raibh a fhios againn roimis seo é, is léir go bhfuil an t-ullmhúchán agus an phrapáil a deintear dulta thar fóir

DARA Ó CINNÉIDE: Tá cultúr an ionaid aclaíochta go rábach i gCLG agus tá sé thar am stad a chur leis

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Ba leasc liom aon ní a rá fé chás an imreora ó Chiarraí, Brendan O’Sullivan, nó go mbeadh a dtuairisc mheasta foilsithe ag Spórt Éireann agus go mbeadh fios fátha an scéil ina iomláine againn.

Foilsíodh an tuairisc sin tráthnóna inné agus cé gur mó rud a léirítear agus a deirtear inti, b’é líon na bhforlíonta cothaithe a bhí á dtógaint ag an Súilleabhánach ba mhó a chuir iontas agus alltacht ormsa.

Pé tréith a luafá le fear Dhairbhre i bhfianaise a raibh le léamh sa tuairisc – idir shaontacht, urchóid, aineolas, dúire agus b’fhéidir mí-ádh – fhéadfadh éinne gan ceann a thógaint den liosta fada, naoi gcinn d’ábhair, a bhí tógtha ar bord aige sa choicíos roimis na tástála a deineadh air tar éis chluiche ceannais na sraithe anuraidh.

Nuair a lorgaíodh sampla múin nó fola air an tráthnóna úd in Aibreán na bliana seo caite, thug an Súilleabhánach le fios go raibh cógas leighis amháin agus ocht bhforlíon cothaithe slogtha siar aige sa tréimhse áirithe sin roimis an chluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh.

Cuimhnigh air sin! Ocht gcinn d’ábhair anuas ar an ngnáth aiste bídh a bhí ag an bhfear chun é féin a chothú chun catha, gan trácht ar an bhfrithbheathach, Augmentin, chun slaghdán a chur fé chois.

Glacfad leis aon lá go bhfuil cluiche na caide athraithe ó bhonn ón uair go rabhas féin ag imirt ag leibhéal eadarchontae ach i gcuntais Dé – ocht gcinn d’ábhair chun lúthchleasaí a fhágaint i mbarr a mhaitheasa do chluiche caide an lae inniu!

Ar mhaithe na críochnúlachta, seo leanas liosta de na hocht n-ábhar a bhí á dtógaint –

Meadhg, Pharmaton (vitimíní), Pre-fuel (vitimíní, aimíní agus caiféin), taibléadaí caiféine, glóthach chaiféine, vitimín C, Ola Krill agus Maignéisiam.

Glacaim leis go bhfuil agus go raibh cúis mhaith ag an imreoir leis an uile cheann acu seo a thógaint agus glacaim leis nár tógadh na haon cheann acu in aon rabharta amháin ná go deimhin in aon lá amháin. Glacaim leis, chomh maith, go bhfuil comhairle á fháil ag imreoirí Chiarraí ó shaineolaí cothaithe agus ó dhochtúir leighis (agus ar mhaithe na críochnúlachta agus na trédhearcachta arís, bhíodh aithne agam orthu i bhfad siar) ach taibhsítear dom mar sin féin go bhfuilimid imithe ón gcairt ar fad más mar sin atá ár gcuid imreoirí á gcothú féin sa lá atá inniu ann.

Bhí tamall ann (agus déarfad arís é – glacaim leis go bhfuil an cluiche athraithe ó bhonn ó shoin) agus ba leor an méid a bhí ar an bpláta agat chun tú a chothú  d’uair an taispeántais ar pháirc na himeartha. Ní hamhlaidh atá a thuilleadh, dar ndóigh, agus imreoirí fuaid faid na tíre de shíor sa tóir ar an mbuntáiste is lú a chinnteoidh go mbeidh siad oiread na fríde chun cinn ar a gcéilí comhraic i ndeireadh na himeartha.

B’iad na taibléadaí caiféine, dála an scéil, a dhein an diabhal ar Brendan O’Sullivan. Cheannaigh sé bosca darb ainm Falcon Labs Oxyburn Pro le linn na seachtaine roimis an chluiche ceannais i siopa vitimíní i gCorcaigh, cheistigh an té a bhí á ndíol, dhein cuardach idirlín ar an uile ní a bhí iontu agus thóg ceann roimis an chluiche agus ceann eile ag leath-am anuas ar an nglóthach chaiféine agus an stuif ar a dtugtar pre-fuel. Arís, ní ag iarraidh bheith seoigh ná míchuí atáim ach uisce, oráistí, milseáin nó cístí jaffa a bhíodh ag leatham sa tseomra feistis lem’ linnse. Scéal tharais, b’fhéidir.   

D’fhéadfainn ceacht ceimice a thabhairt duit tar éis tuairisc mheasta Spórt Éireann a léamh inné. Léireodh an ceacht an difríocht nó go deimhin an chosúlacht idir MHA (an tsubstaint a thruailligh taibléadaí an tSúilleabhánaigh), DMBA agus DMAA – an comhábhar atá luaite le dó blonaige agus forlíonta cothaithe a tógtar roimh sheisiún traenála. Léireodh sé chomh maith gur cuireadh MHA ar liosta na substaintí fé chosc sa bhliain 2009, go bhforbraíodh é mar chomhábhar chun múchadh sa tsrón a ghlanadh agus go bhfuil sé ar fáil i mórán forlíonta cothaithe anois. 

Raghadh an ceacht ceimice chun leadráin ana-thapaidh agus n’fheadar, i bhfírinne, an mbeadh aon éifeacht leis.

B’fhéidir go bhfuil ceachtanna eile, áfach, atá i bhfad níos tábhachtaí ag eascairt as an scéal seo go léir. 

Tá ceacht fachta ag lucht leanta na gcluichí maidir le cluiche eadarchontae an lae inniu. Muna raibh a fhios againn roimis seo é, is léir go bhfuil an t-ullmhúchán agus an phrapáil a deintear dulta thar fóir. Tá cultúr an ionaid aclaíochta agus aicíd an chorpfhorbartha go rábach i gCumann Lúthchleas Gael. Tá sé thar am ag duine éigin stad a chur leis – ach cé a dhéanfaidh é agus an éisteofar leis an té sin?

Tá ceacht foghlamtha ag Brendan O’ Sullivan agus imreoirí Chiarraí maidir le húsáid na bhforlíonta cothaithe. Tá sé thar am ag na saineolaithe cothaithe agus ag na dochtúirí atá ag plé le himreoirí dá leithéid a rá leo gur ar éigean gur féidir an buntáiste a bhaineann le forlíon cothaithe sa bhreis ar aiste chothrom bídh a thomhas – ach arís, an éisteofaí leo dá ndéarfaidís a leithéid?

Tá ceacht foghlamtha ins na meáin againn go mb’fhéidir nach bhfuil uisce fé thalamh ins an áit a dtaibhsítear dúinn é bheith agus go mb’fhéidir go bhfuil cúis mhaith gur coimeádadh ainm agus tréimhse fionraíochta an lúthchleasaí fé cheilt- ach arís eile, an dtagann aon ní fónta as ceilt eolais agus múchadh fírinne?

B’fhéidir gurb é an ceacht is mó atá foghlamtha againn i gCumann Lúthchleas Gael, áfach, ná go bhfuil dualgas níos tábhachtaí ná riamh orainn ár gcluichí a choimeád gan smál, gan cháim agus gan scáth an amhrais. Ní leor an bhrilléis ná an bhaothchaint seo fé ‘stádas amaitéarach na gcluichí agus na n-imreoirí’ a thuilleadh. Bréagnaíodh an chaint sin nuair a ghlac CLG le €75m ó rialtas Bhertie Ahern sé bliana déag ó shoin chun athfhorbairt Pháirc a’ Chrócaigh a thabhairt chun críche agus deineadh spior spear ar fad de nuair a ghlac Cumann na nImreoirí (an GPA) le deontais blianta beaga ina dhiaidh sin.

Tá sé ráite sa Bhíobla (Lúcás 12:48) “an té ar tugadh mórán dó, beifear ag súil le mórán uaidh, agus an té ar taobhaíodh mórán leis, iarrfar níos mó air.”

Is cosúil go bhfuil an lá san tagtha agus tuar Lúcáis tagtha faoin dtairngreacht.

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Tá cultúr an ionaid aclaíochta go rábach i gCLG agus tá sé thar am stad a chur leis'

  • Áine

    bhain mé an-sult as do phíosa a Dhara. Is trua liom arís nach mbeidh deis againn a bheith ag éisteacht leis an ábhar seo a phlé go mion ar an gClár Seó Spóirt…. tá díospóireachtaí mar seo i nGaeilge ag teastáil, go háirithe agus duine chomh ábalta le Dara ag stiúradh na cainte… é meáite, féaráilte, fírinneach i gcónaí agus ní ag cur dhó nó ag tabhairt amach ar mhaithe le ‘ratings amháin a bhíonn sé …..b’fhéidir go dtiocfaidh ciall ag lucht TG4 go fóill agus go gcloisfidh muid i mbun anailíse go luath arís thú….. sin mura mbeidh sé sciobtha stáisiún eile…..Is maith ann Tuairisc.ie don léamh agus is mór an trua go bhfuil an plé oscailte seo á cheilt feasta ar an teilifís.

  • Frainc

    Ná bhí ceist ann chomh maith céanna maidir le drugaí agus an Mathúnach ? An múchadh ag gabháil dó sin leis de dheáraimh! Is iontach go deo an méid imreoirí atá ann a bhfuil múchadh orthu. Deinim amach go bhfuil an dópáil seo forleathan sa chaid agus sa rugar go háirithe. Ní gá ach féachaint ar chuid acu….ní fhéadfadh gur le traenáil agus le bia a cuireadh sa riocht sin iad ! Anchúinsí, a dhuine. N’fheadraís cad a bhí sna Jaffas sin a bhíodh á n-ithe ag Dara ach chomh beag. Bhí speach mhínádúrtha aige! Á tá cúrsaí imithe thar meon agus as riocht ar fad, neamh-mheabhair chun buachtainte ar an uile dhuine. É sin a dhéanamh ar ais nó ar éigean. Béarfaidh an saol orthu, mhuise. Féach Flo Jo agus an chrích a bheir uirthi sin. Bhí féasóig uirthi thiar i ndeireadh (a saoil). Meigeall gabhair uirthi chomh fada lena gabhal. Bhí sé d’uain ag Ben Johnson féachaint thairis a ghualainn ar na ‘tairamáraigh’ eile a bhí ina dheabhaidh aniar sa rás agus é sna feiriglinntí ag teannadh leis an líne. Leath a dhá shúil air le hiontas [agus le dóp]. ‘Níor thuigeas, ar sé, go raibh sé ionam rith chomh tapa sin’! A now…mar a dúirt an fear’