DARA Ó CINNÉIDE: Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht…

Bhí an fhoighne, an smacht agus an taithí go mór sa treis i gcúrsaí caide an deireadh seachtaine seo caite

Is mór é luach na foighne

Sean Cavanagh. INPHO/Lorraine O'Sullivan
Sean Cavanagh. INPHO/Lorraine O’Sullivan

Déarfaidh muintir Thír Eoghain leat gur bheag acu craobh Uladh a bhuachtaint nuair go deireanach a bhíodar ina máistrí sa chúige ó thuaidh. Craobh na hÉireann a bhíodh mar sprioc an uair úd acu agus cé nach amhlaidh go mbíodh seanbhlas acu ar Chorn an Anglo Celt, ba shearbh gach gnáth nuair a bhíodh sé eatarthu féin agus Ard Mhacha sna chéad deich mbliana den mhílaois nua. Thuig Seán Cavanagh thar aon duine eile i gCluain Eois inné gur mhór é luach na foighne agus é ag glacadh leis an gcorn thar ceann fhoireann nua Thír Eoghain don gcéad uair ó 2010. Bhí an fhoighne chéanna ag teastáil amuigh ar pháirc na h-imeartha chomh maith. I gcluiche calcaithe, coimeádach, bhí Dún na nGall pointe chun tosaigh ag déanamh ar an gcéad nóimeat den sé nóimeataí a bhí le cur leis an imirt nuair a d’aimsigh Cavanagh an scór ba thábhachtaí sa chluiche. Ainneoin iarrachtaí triúr cosantóirí, Ryan McHugh, Anthony Thompson agus Paddy McGrath, agus dáréag eile idir é agus na cuaillí, stiúraigh sé an chaid go h-ard agus go h-ealaíonta thairis an trasnáin. Spreag san a chomhghleacaithe chun gnímh agus n’fheadar an mbeadh an dá shárphointe eile ó Peter Harte agus Kieran McGeary aimsithe murach an sampla bheith fachta ó Cavanagh acu? Tar éis cúig bliana déag i ngeansaí sinsir Thír Eoghain, tá deis ag Cavanagh ar bhonn Uile Éireann eile a bhuachtaint – deis a cheap scata a bhí éalaithe uaidh le blianta beaga anuas.

Críonnacht Cinnteacht

Bernard Brogan. INPHO/Ryan Byrne
Bernard Brogan. INPHO/Ryan Byrne

Níorbh é Cavanagh amháin i measc sheanfhondúirí na caide a bhí sa treis an deireadh seachtaine seo caite. Léirigh Bernard Brogan babhta amháin eile i gcoinne na hIarmhí canathaobh go n-áirítear é ar an dtosaí is géire agus is glice amuigh. Bhí Brogan sé bliana fichead sara mbláthaigh sé i gceart i ngeansaí Áth Cliath ach b’fhéidir gur mar sin is fearr dó inniu é. Toisc a chríne is atá sé, tuigeann sé luach an uile dheis a thagann ina threo. An bua is mó atá aige, gan aon agó, ná a chumas achar agus spás a thomhas ina n-orlaí. Dob é Marc Ó Sé Chiarraí a chur ar mo shúile don gcéad uair é – líon na gcosantóirí a cheapann gur féidir leo cic Brogan a bhlocáil ach a thuigeann nuair a bhíonn sé ródhéanach nach mar a síltear bítear. Faid agus leithead ionga a bhíonn de ghnáth idir cúilíní Brogan agus sárchosaint, ach tá cúis an-mhaith go n-éiríonn leis i gcónaí.

Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht

Danny Cummins. INPHO/James Crombie
Danny Cummins. INPHO/James Crombie

An dá fhocal is coitianta a thagann as bhéal Jim Gavin sna hagallaimh sin a dheineann sé tar éis dá fhoireann smísteáil eile a thabhairt do chréatúir bhochta éigin ná ‘próiseas’ agus ‘smacht’. Cé nach i gcónaí a bhíonn smacht i réim i ngach imreoir, bíonn smacht iomlán ar an bpróiseas ag Áth Cliath agus iad ag déanamh ar dheireadh na h-imeartha. Tuigeann bainisteoir na Gaillimhe, Kevin Walsh, an tábhacht atá le smacht, leis, is léir. Tá struchtúr daingean ag an nGaillimh sna cúil agus is beag a thugann siad uatha ó thaobh ciceanna saora. Bhí bua an lae inné, áfach, bunaithe ar an gcinneadh a deineadh fiach a dhéanamh ar chic amach Ros Comáin. Chun misneach an bháideora, Darren O’Malley, a bhriseadh bhí gá le féin-smacht ó gach uile dhuine ó uimhir 8 go dtí 15 i ngeansaithe na Gaillimhe. Theip ar mhisneach O’Malley luath go maith agus bhí rath ar iarrachtaí na Gaillimhe as san amach.

Is fuirist don leathfhonn leithscéal a fháil

Cathal Cregg agus Ciarán Murtagh. INPHO/Tommy Dickson
Cathal Cregg agus Ciarán Murtagh. INPHO/Tommy Dickson

Babhta amháin i stair na gcluichí cáilithe a d’éirigh le foireann cluiche cáilithe a bhuachtaint laistigh de sheachtain tar éis a gcluiche ceannais cúige a chailliúint. Tharla san cúig bliana déag ó shin (an chéad bhliain de na babhtaí cáilithe) nuair a bhuaigh Áth Cliath ar Shligeach tar éis do chontae na Mí craobh Laighean a bhuachtaint. Chun a gceart féin a thabhairt d’údaráis CLG, tá iarrachtaí fónta déanta chun go seachnófaí cluichí cáilithe chomh luath sin tar éis cluiche ceannais cúige a chailliúint ach ní raibh leigheas ar an scéal i gcás Ros Comáin an tseachtain seo. Toisc go raibh orthu tabhairt faoi athimirt in aghaidh na Gaillimhe (agus toisc nár glacadh le moltaí an Ard-Stiúrthóra, Páraic Duffy, i gcás cluichí athimeartha ag Comhdháil 2016) beidh ar Ros Comáin aghaidh a thabhairt ar an gClár an deireadh seachtaine seo chugainn. Beidh obair mhór le déanamh ag Kevin McStay agus ag Feargal O’ Donnell más áil leo a gcuid imreoirí a ghríosadh chun catha arís agus is féidir tobar doimhin na leithscéalta a shniogadh an tseachtain seo más mian leo. Má chloiseann tú aon ní faoi thuirse, tnáitheadh nó faoi tharrac na gcos ó Ros Comáin an tseachtain seo, cuir do chuid airgid ar an gClár.

Ní ceacht ach ceist

Cárta dubh á bhronnadh ar Dzvid Keenan. INPHO/Tommy Dickson
Cárta dubh á bhronnadh ar Dzvid Keenan. INPHO/Tommy Dickson

An bhfuil sé in am bheith ag smaoineamh arís ar bhosca na bpeacaí a thabhairt ar ais? Is léir ós na cártaí dubha a nochtadh i gCluain Eois agus in áiteanna eile i gcaitheamh an deireadh seachtaine go bhfuil sé in am na cártaí dubha a chaitheamh i dtraipisí. Nuair a baineadh triail as bosca na bpeacaí go deireanach sa bhliain 2005, ní dóigh liom go raibh pobal CLG ullamh dó. Ar ndóigh, níorbh aon chabhair ach an oiread go raibh bainisteoirí móra le rá na linne glan ina choinne. B’fhéidir anois agus éiginnteacht maidir le feidhm agus ról an chárta dubh go mba chóir féachaint in athuair ar bhosca na bpeacaí mar réiteach.

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht…'