DARA Ó CINNÉIDE: Na Dubs ag bóithreoireacht ach fios acu cá bhfuil a dtriall…

Déanfar iarracht eile tráthnóna inniu i bPáirc Uí Nualláin easnamh éigin a aimsiú i bhfoireann Átha Cliath

Tá amhras an mbeidh Cian O'Sullivan in ann imirt Dé Domhnaigh. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá breis is cúig bliana ó bhuaigh Corcaigh ar Áth Cliath i gcluiche ceannais na sraithe 2011 nuair a dheineadar teacht aniar déanach sa chluiche a d’fhág fir na hardchathrach cloíte agus cráite tar éis dóibh bheith ocht bpointe chun cinn.

Thosnaigh an leagadh agus caitheamh anuas láithreach bonn.

Chuir san conach ar Pat Gilroy, bainisteoir Átha Cliath ag an am agus fear a bheadh i bhfeighil sa bhfómhar nuair a bheadh sé i ndán don bhfoireann teacht aniar dá gcuid féin a dhéanamh chun buachtaint ar Chiarraí i gcluiche ceannais craoibhe na hÉireann.

An cheist ba mhó a chuir isteach ar Gilroy an tráthnóna earraigh sin ná an ceann a bhain leis an laige a bhí, dar le scata ag an am, in airde staighre san aigne ag a chuid imreoirí.

Bhí freagra ag Gilroy orthu.

“Beidh agus bíodh a rud féin le rá ag daoine faoi sin agus caithfimid dul i ngleic leis an dtuairim sin. Caithfimid dul i ngleic leis toisc gurb é sin ár gcúram, is sinne Áth Cliath agus caithfimid éisteacht leis an gcaint sin. Agus nuair a bheidh Craobh na hÉireann buaite lá breá éigin againn, stadfaidh an chabaireacht sin agus ní gá dúinn bheith ag éisteacht leis a thuilleadh.”

Tá a sheolta ardaithe ag Gilroy agus slán fágtha aige le cúram an bhainisteora le tamall ach tá trí cinn den gcúig Chraobh Uile Éireann a bhí le buachtaint tugtha leo ag na Dubs ó chuir sé an méid sin de i racht an Aibreáin 2011. Tabhair faoi ndeara, áfach,  nach bhfuil aon chomhartha ceiste na laethanta seo faoi ghoilliúnacht intinne na n-imreoirí cois Life.

B’fhéidir, anois is arís, inár n-iarrachtaí smál nó máchail bheag éigin a nochtadh, go ndéarfaimis nach bhfuil Áth Cliath gan cháim.

Níl ná baol air, ach nílid i bhfad ón bhfoirfeacht ach an oiread.

Dá ghile an t-éadach is ea is fusa é a shalú a deirtear.

Déanfar iarracht eile tráthnóna inniu i bPáirc Uí Nualláin easnamh éigin a aimsiú nó fírinne éigin a cheangal leis an dtuairim go bhfuil buntáiste ollmhór ag Áth Cliath toisc go bhfuil a gcluichí craoibhe go léir á n-imirt le deich mbliana anuas i bPáirc a’ Chrócaigh acu. Measann scata go mbronnann seo buntáiste áirithe orthu de réir mar a théann biaiste an tsamhraidh ar aghaidh.

Níl aon amhras ná go dtugann a dtaithí ag ceannáras CLG rud éigin d’fhoirne Átha Cliath ach ná déanaimis dearmad ar na buanna a bhí acu sa tsraith i mbliana i gCaisleán an Bharraigh agus i gCora Droma Rúisc nuair ba mheasa a bhí an aimsir agus nuair ba ghlóraí a bhí muintir na háite. Ná déanaimis dearmad ach an oiread ar an méid a bhíodh le rá ag daoine nuair a bhíodh Ciarraí, Tír Eoghain agus Ard Mhacha ag buachtaint ar a dtoil ar Áth Cliath deich mbliana ó shin. Deirtí coitianta an uair úd gur bac agus bró mhuilinn dóibh é bheith ag imirt sa bhaile toisc go n-éiríodh a lucht leanúna ar Chnoc 16 ana-chiúin agus ana-chráite nuair a chasadh an taoide ina gcoinne.

Cuir ceist ar aon imreoir sa lá atá inniu ann agus déarfaidh siad leat nach mór atá inchurtha le bheith ag iarraidh Áth Cliath a chloí ar a bpaiste féin os comhair a lucht leanúna féin. Ní fhéadfadh sé bheith ina ghruth is ina mheadhg ag na himreoirí céanna nuair a thagann foireann mhaith chun cinn mar atá i láthair na huaire ag Áth Cliath.

Pé scéal é, beidh na Dubs i mbun bóithreoireachta tráthnóna agus, cé nach bhfuil sé ceart ná cóir gur ar Pháirc Uí Nualláin a bheidh a dtriall don gcluiche in aghaidh Laoise, beidh muintir Chill Chainnigh buíoch don rabharta atá ag gabháil chucu.

Níl aon amhras orm ná go bhfreagróidh Áth Cliath pé ceisteanna a chuirfear orthu faoina gcumas taistil agus faona bhfonn bóthair. Buafaidh siad ar Laois ach ná stadfadh san tú ó bheith ag iarraidh laige éigin eile a aimsiú.

Dhá ghné den imirt go mbeadsa ag faire orthu agus dhá cheist dá réir le freagairt – an féidir le Laois aon ní a dhéanamh nó aon tsampla a thabhairt don gcuid eile againn maidir le conas Cian O’Sullivan a chur dá bhuille? Agus an mbainfidh Donie Kingston, cnapán mór de pheileadóir, aon searradh as líne lánchúil Átha Cliath?

Ba dheas liomsa sara dtagann Áth Cliath amach as Cúige Laighean arís i mbliana go léireodh duine éigin dom conas is féidir Cian O’Sullivan a chur ag obair i gceart. De bharr a chumais agus a luais níl ach éachtaintí beaga fachta againn ar conas é a shuathadh agus tá tamall ó chonac buille saothair ar an bhfear céanna. N’fheadar an é John O’Loughlin is fearr a dhéanfaidh an tástáil atá riachtanach?

B’fhéidir, leis, go dtabharfaidh Donie Kingston lán a phípe do Philly McMahon sa ghráscar istigh i mbéal an bháide ach má dheineann féin, ní fada a mhairfidh an suathadh.

Ach sin a bhfuil uainn ag an bpointe seo – léasanna beaga tuisceana agus gráinníní beaga dóchais a chothódh sinn ar feadh seal eile isteach sa bhiaiste.

Ba leor san do chuid againn ach ná bímis ag súil le míorúiltí ag an bpointe seo.

 

 

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Na Dubs ag bóithreoireacht ach fios acu cá bhfuil a dtriall…'