Dara Ó Cinnéide le cuairt a thabhairt ar Anfield agus an Azteca do shraith teilifíse nua

Tabharfaidh an tsraith ‘Na Goirt Órga’ léargas ar stair agus ar oidhreacht cuid de na staideanna is aitheanta ar domhan

Dara Ó Cinnéide le cuairt a thabhairt ar Anfield agus an Azteca do shraith teilifíse nua

Tabharfaidh an craoltóir agus an t-iarpheileadóir aitheanta Dara Ó Cinnéide cuairt ar chuid de na láithreacha spóirt is mó cáil ar domhain mar chuid de shraith nua atá le craoladh at TG4 san earrach.

Cuirfidh an Ciarraíoch, atá ina cholúnaí ag Tuairisc, an tsraith Na Goirt Órga i láthair agus é le léargas a thabhairt ar stair agus ar oidhreacht cuid de na staideanna is aitheanta ar domhan, Staid Azteca i gCathair Mheicsiceo, Anfield i Learpholl, Staid Bird’s Nest i mBéising agus Staid Oilimpeach Shúl ina measc.

Chomh maith le stair na staideanna a insint, tabharfar léargas freisin ar an atmaisféar a bhíonn iontu lá na gcluichí, ar an obair ailtireachta agus teicneolaíochta a bhaineann leo agus ar an tábhacht a bhaineann leo ó thaobh an chultúir.

Tá an tsraith ina comhléiriú idirnáisiúnta idir craoltóirí as Éirinn, as an mBreatain Bheag, as an tSín agus as Poblacht na Cóiré.

Chomh maith leis an leagan Gaeilge a bheidh á chur i láthair ag Ó Cinnéide ar TG4, beidh an craoltóir Jason Mohammad, a chuireann BBC Final Score i láthair, ag cur leagan Breatnaise den tsraith i láthair ar S4C.

Tháinig TG4, S4C agus na comhlachtaí léiriúcháin Loosehorse and Cwmni Da le chéile chun an tsraith a dhéanamh agus fuair siad tacaíocht freisin ó LIC China, Jeonju Television (JTV) agus an Korean Communications Agency (KCA).

Is é an tionscadal seo an ceann s deireanaí i sraith de chomhléirithe idir craoltóirí Ceilteacha agus Áiseacha. Sraitheanna comhléirithe a bhí i Taoide agus Báisteach, a craoladh ar TG4 le cúpla bliain anuas.

Agus é ag trácht ar Na Goirt Órga, dúirt Cormac Ó hÁrgadáin, léiritheoir sraithe le Loosehorse, go raibh súil aige go dtabharfadh an tsraith blaiseadh den tábhacht a bhaineann leis na staideanna.

“Tá i bhfad níos mó i gceist le staideanna seachas iontais ailtireachta de chruach agus cloch, is ardeaglaisí beo iad ina dtagann pobail le chéile chun caidreamh a dhéanamh, mar go dtugtar an-aird sna staideanna ar na laochra spóirt. Tá an méid sin fíor is cuma má tá tú ag cluiche ceannais contae i gCiarraí nó ag Cluiche Ceannais Chorn an Domhain i gCathair Mheicsiceo,” ar sé.

“Bhí áthas orm cuireadh a fháil páirt a ghlacadh sa tionscadal ar leith seo agus a bheith in éineacht le Dara Ó Cinnéide de réir mar a thug seisean lucht féachana na hÉireann ar fud an domhain chun ceiliúradh spreagúil a dhéanamh ar an bpaisean atá ag daoine don spórt.”

Ceithre chlár uair an chloig ar fhad a bheidh i gceist leis an tsraith nua agus beidh an chéad chlár le feiceáil ar TG4 ar an 23 Márta.

Fág freagra ar 'Dara Ó Cinnéide le cuairt a thabhairt ar Anfield agus an Azteca do shraith teilifíse nua'