Ón gcéad lá a d’imir sé le sinsir Chiarraí i gcluiche leathcheannais na sraithe i gcoinne Laoise sa bhliain 2002, d’fhág Colm Cooper pobal na caide fé gheasa. Ba dheacra pobal na caide i gCiarraí a shásamh ná aon dream eile ach fós féin, bhí lé ar leith acu le draoi Ard Sean Bhuaile.
Nuair ba mhó a bhí an taoide ag casadh ina gcoinne i gcluichí móra in aghaidh leithéidí Ard Mhacha agus Thír Eoghain, bhí an Gooch i gcónaí ag coimeád a cheann os cionn uisce.
Ní fhaca riamh duine le oiread aclaíocht intinne agus toisc gur chuma leis deas nó clé, ní fhaca riamh duine a raibh ar a chumas oiread spáis a chruthú dó féin ar an ngort.
Le blianta beaga anuas, agus é d’aidhm ag gach aon chosantóir ar gach aon fhoireann an spás sin a cheilt air, léirigh sé a intleacht caide le taispeántais míorúilteacha ar an daichead slat – ní lú ina measc an taispeántas a thug sé sa chéad leath in aghaidh Átha Cliath i gcluiche leath cheannais iomráiteach na bliana 2013.
Imreoir as an ngnáth ab ea é toisc a dhánaíochta agus a theanntáis. San áit a bhogfadh an gnáth-thosaí, d’fhanfadh Gooch ina staic, ag feitheamh is ag feitheamh nó go dtiocfadh an chaoi cheart. Bhí gliceas an mhadra rua ann agus bhí fuarchúis an mhadra rua céanna ann nuair a fuair sé boladh na fola.
Ba shop in áit na scuaibe aige an pointe i gcónaí.
Báidí a bhíodh uaidh an neomat a bheadh an chaid ina sheilbh agus ní ghéillfeadh sé don bpointe nó go gcaithfeadh sé géilleadh nach raibh aon ní eile i ndán don ngluaiseacht. Ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil sé i gceann an tslua agus na staire ó thaobh na n-imreoirí go léir a d’aimsigh scóranna do Chiarraí. Bhíos i láthair i bPáirc na nGael, Luimneach, nuair a sháraigh sé curiarracht Mhikey Sheehy i 2012 agus ba léir ón liú molta nuair a d’aimsigh sé an pointe neafaiseach sin sna babhtaí cáilithe i gcoinne an Chláir, an cion, an stádas agus an urraim a bhí ag pobal Chiarraí dó.
Bhí cruas as an ngnáth, leis, ann.
B’fhéidir ná raibh ann ach deich gcloch meáchain nuair a d’imir sé i gcluiche ceannais na hÉireann don gcéad uair i 2002 ach aon uair a fuair sé buille, bíodh san dlisteanach nó a mhalairt, sháfadh sé a ghob amach, d’éireodh ina sheasamh agus thabharfadh sé féna thuilleadh.
D’fhoghlaim sé mórán ar shráideanna Chill Airne agus é ina gharsún óg ag imirt chaide nó cispheile in Ard Sean Bhuaile. Ba chuma beag nó mór, bog nó cruaidh, bhí áit don uile dhuine sna cluichí sin ar an bplásóg ar aghaidh a thí amach. Níor chuir sé aon iontas ar éinne i gCiarraí nuair a bhuaigh sé a chéad chraobh leis na Crócaigh in aois a seacht mbliana déag. Bhí a cháil amuigh le blianta agus cé gur deacair é a shamhlú inniu, ba rud ana-nádúrtha ar fad é go n-imreodh sé ina chéad chluiche ceannais uile-Éireann in aois a naoi mbliana déag.
B’shin é an chéad uair go dtógas ceann den ngráin a bhí aige ar chliseadh, ar chailliúint agus ar chloíteacht. Fuaireas amach ó chomhráití déanach istoíche leis i ndeireadh na bliana 2002, gur thug sé a shaol caide go léir fé aois ag cailliúint cluichí leis an mbuíon imreoirí a tháinig aníos ina theannta i gcumann na gCrócach.
Is deacair é sin a shamhlú agus na Crócaigh i mbarra cruaiche i gCiarraí agus lasmuigh de le tamall, ach níl aon amhras orm ná gurb iad na blianta sin go raibh sé ag teacht chun coinlíochta mar imreoir a mhúnlaigh an sprid agus an ghoimh dhiamhair atá ann.
Ní hionann agus laochra eile, a d’imigh roimis i ngeansaí Chiarraí, más áil leat slat tomhais d’fháil ar a chumas, níl le déanamh, buíochas le Dia agus leis an dteicneolaíocht nua aimseartha ach a ainm a chur isteach i gcuardach Youtube agus chífear go bhfuil sé breac le h-ealaíon an Gooch.
Tá sé ar fad ann: an gliocas, an ghluaiseacht agus an guairneán neamhghnáthach a chuir an t-iliomad cosantóir de dhroim seoil. Agus na báidí.
An báide sa cheann i gcónaí.
Ag féachaint ar na míreanna sin ó chluichí éagsúla aréir b’fhuraist duit dearmad a dhéanamh ar cé chomh h-iontach is a bhí sé mar imreoir. Ba gheall le gnás é bheith ag féachaint ar Cooper ag aimsiú báidí agus pointí míorúilteacha i ngeansaí Chiarraí le cúig bliana déag anuas. B’fhéidir go raibh an iomarca taithí againn i gCiarraí air, ach ba sheoid é a chuaigh i bhfeidhm ar mhórán daoine go náisiúnta.
N’fheadar an mó babhta le deich mbliana ó chríochnaíos féin ag imirt go gcuireas an cheist ar dhuine éigin ar m’aithne an raghaidis go Cill Airne nó Trá Lí im theannta ag faire ar Chiarraí i gcluichí sraithe.
“Seo leat! Ná caithfidh sé an lá dúinn?”
“Ní raghad in aon áit inniu ag féachaint ar an sórt san caide”.
“Ah, seo leat, ná beidh an Gooch ag imirt!”
Ba leor san chun iad a mhealladh, agus deinim amach go raibh ar a laghad míle duine i bpóirsí difriúla sa chontae go mbíodh an comhrá céanna acu.
Is boichte saol na caide dá éagmais ach nárbh aoibhinn bheith ag baint lán na súl as máistir na gceard i mbun a chuid cleasaíochta?
Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Is boichte saol na caide d’éagmais Gooch, ach nárbh aoibhinn bheith ag baint lán na súl as?'