DARA Ó CINNÉIDE: Ciceanna fada, caighdeán na páirce agus póilíní na postúlachta

A raibh le foghlaim againn ó bhabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo caite

DARA Ó CINNÉIDE: Ciceanna fada, caighdeán na páirce agus póilíní na postúlachta

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ní hé lá na báistí lá na bpáistí

Tá a fhios ag an saol go raibh bainisteoirí ar nós Jim Gavin agus Kevin McStay ag cnáimhseán mar gheall ar chaighdeán na páirce agus iad ag fáil locht ar an ndromchla tar éis na gceolchoirmeacha a bhí le déanaí i bPáirc an Chrócaigh, ach b’fhéidir go bhfuil níos mó ná san i gceist. Nuair a fhliuchann sé, mar a dhein ag na cluichí i gcaitheamh an deireadh seachtaine, tá sé geall le dodhéanta do ghreim a choimeád ar an bhfód sciorrach. Is cuma an iad na seanabhróga caide traidisiúnta nó na cinn nua-aimseartha atá á gcaitheamh, ní mór do dhuine rud ar leith bheith ins na cosa aige gan sleamhnú agus é ag iarraidh cor tapaidh a thabhairt. Anuas air sin, is minic a úsáidtear liathróidí caide nua ghlan, amach as an bpaca do chluichí craoibhe ag ceannáras CLG. Cruthaíonn sé sin a dheacrachtaí féin chomh maith. Ní haon iontas dá réir sin gurb iad na himreoirí ba mhó taithí nár sciorr puinn i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus gurb iad na himreoirí óga a bhí ag cur chun páirce don gcéad uair i bPáirc an Chrócaigh a shleamhnaigh níos minice. Gné bheag neafaiseach den imirt ach gné ar fiú a lua mar sin féin. Le dea-aimsir agus triomach, tiocfaidh feabhas.

Cá bhfuil lucht na gciceanna saora fada?

N’fheadar an mó babhta i gcaitheamh an deireadh seachtaine ar bronnadh ciceanna saora ar fhoirne díreach ar an líne 50 slat nó ábhar beag lasmuigh de ach taibhsítear dom gur cuireadh scata des na ciceanna céanna amú. Tuigim go mb’fhéidir go raibh an chaid fliuch, ach, mar sin féin, ba chóir go mbeadh ar a laghad duine amháin ar gach aon fhoireann a bheadh inniúil ar chic saor 50-55 slat a thógaint agus a aimsiú gan puinn dua. Táimid ag caint an tráth seo den mbliain ar phlúr an bhfoirne agus ar phlúr na n-imreoirí dá réir. Is fiú Conor McManus, Kevin Feely, Donie Smith agus fiú Shane Walsh a mholadh as ciceanna saora ealaíonta a aimsiú ach bhí ualach eile nár aimsíodh toisc a fhaid amach is a bhíodar. As seo amach sa chraobh, beidh na cosantóirí is fearr amuigh ag géilleadh na gciceanna saora lasmuigh den líne 50 slat. Tuigeann siad go bhfuilid slán go maith ansan amuigh. Ach ar cheart é bheith amhlaidh? Agus ná habair liom gurb iad na báideoirí is fearr a thógfadh a leithéid de chic!

Is fiú aon rud binse láidir i ndeireadh an tsamhraidh

D’aimsigh ionadaithe Mhuineacháin, Comor McCarthy, Jack McCarron agus Owen Duffy seacht bpointe Dé Sathairn. Fuair Stephen O’ Brien, Barry John Keane agus Jack Savage cúig phointe do Chiarraí. Ní bheadh Ros Comáin tagtha ar chomhtharrac murach Donie Smith agus beidh Maigh Eo buíoch go raibh ar chumas Tom Parsons rud éigin a thabhairt dóibh ar theacht chun páirce dó siúd agus beagán le cois na huaire caite. Is léir de réir mar a théimid isteach sa tsamhradh go bhfuil cur chuige an-difriúil ag bainisteoirí éagsúla i leith a bhfearaibh ionaid. Thóg Cian O’Neill leithéidí Niall Kelly agus Daniel Flynn den bpáirc agus an lasair sa bharrach. Dhein Stephen Rochford amhlaidh le leithéidí Colm Boyle agus Andy Moran nuair nárbh léir go raibh an té a bhí ag teacht chun páirce chun feabhas a chur ar an scéal. Ar fhág na deartháireacha  Compton aon rian fónta ar iarrachtaí Ros Comáin? Uaireanta caitear neamhaird a dhéanamh den méid a deir an GPS agus na heolaithe spóirt linn agus muinín a bheith againn i dtréithe ar nós sprid, croí, diongbháilteacht agus taithí, tréithe nach bhfuil aon tomhas ag aon eolaí orthu.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Agus ós ag caint ar na tréithe sin mé, cad déarfá le taispeántas Kieran Donaghy Dé Domhnaigh? Bhí sé fógartha go maith roimis an gcluiche in aghaidh na Gaillimhe go bhféadfadh seanphlanda Chiarraí deacrachtaí mínádúrtha a chruthú do líne lánchúil a bhí leochaileach cheana. Ba dhóigh leat ó bheith ag féachaint ar Donaghy sa dara leath gur chaill sé spéis in imeachtaí luath go maith ar atosnú na himeartha. Tá lucht leanta na caide i gCiarraí ag súil go bhfuil tuilleadh den stuif a thug sé uaidh sa chéad leath le teacht ón bhfear mór…’sé sin má scaoileann póilíní na postúlachta ar an Sunday Game leis.

Is gearr uainn fios. 

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Ciceanna fada, caighdeán na páirce agus póilíní na postúlachta'

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    go deas

  • maitiu

    Chugam aniar thu a Dhara!