DARA Ó CINNÉIDE: Ciarraí réidh do chath crua cealgánta

CLUICHE LEATHCHEANNAIS PEILE NA hÉIREANN: Ní mustar gan ghustal atá ag Maigh Eo agus ní gan dua a chuirfear de dhroim seoil iad

DARA Ó CINNÉIDE: Ciarraí réidh do chath crua cealgánta

Peter Crowley agus Fionn Fitzgerald ó Chiarraí agus Aidan O'Shea Mhaigh Eo. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Pé neameabhair a bhuail cuid againn coicíos ó shin agus sinn ag ceapadh go raibh rás Mhaigh Eo rite, fuaireamar ár bhfreagra go pras is go paiteanta ina dtaispeántas san athimirt in aghaidh Ros Comáin.

Mar is gnách caithfear scrúdú a dhéanamh ar theirce spioraid Ros Comáin ach caithfear aitheantas, chomh maith, a thabhairt don athbheochan atá déanta ag Maigh Eo nuair a taibhsíodh. domsa ach go háirithe, go raibh sniogadh déanta ar thobar a ndúthrachta agus a ndiongbháilteachta.

Ba gheall le giorraithe Márta scaoilte chun siúil leithéidí Keith Higgins, Paddy Durcan agus Donal Vaughan in aghaidh Ros Comáin. Bhí an ghoimh, an t-ocras agus an scamhadh chun caide a thug ann an chéad lá iad le feiscint go rábach arís. Tús maith leath na hoibre, a deirtear agus nuair a deintear scagadh ar an gcéad sé phointe a d’aimsigh Maigh Eo an lá deireanach, tá scéal an chluiche ansan féin.

Trí cinn de chiceanna saora ó Chillian O’Connor tar éis calaois a bheith déanta ar Aidan O’Shea fé dhó agus ar Andy Moran. Nach oiriúnach mar a tháinig na trí chúilín eile ón dtriúr ba mhó a bhí ina ngátar – Donal Vaughan, Diarmuid O’Connor agus Jason Doherty? Ansan an tonnbhriseadh – trí bháide in imeacht cúig nóimeataí, cic amach Ros Comáin creachta agus mianach Mhaigh Eo, a bhí fé cheilt i gcaitheamh an tsamhraidh, nochtaithe arís.

B’fhéidir gurbh fhearr le Maigh Eo nach nochtfaí an mianach úd agus iad ag tabhairt fé Chiarraí aon bhabhta amháin eile amárach, ach cá bhfios ná fuil tuilleadh den mhianach céanna iontu? Ar a laghad anois, is féidir Maigh Eo a áireamh i measc phlúr na bhfoirne arís agus sinn ag déanamh ar chlabhsúr craoibhe.

Tá tuairim mhaith ag Ciarraí chomh maith nach mustar gan ghustal atá ag Maigh Eo an uair seo agus ní gan dua a chuirfear de dhroim seoil iad. Tá gnéithe áirithe den imirt nár mhór súil a choimeád amárach orthu mar nuair a bheidh deireadh déanta, ráite, scríte is léite fé Kieran Donaghy agus Aidan O’Shea, fé líne leaththosaigh Chiarraí agus a gcomhrac le leathchúlaithe Mhaigh Eo agus fén stair chaide atá idir an dá chontae, is sna gnéithe seo a bheidh an difríocht idir bris is bua.

Cé gur leasc liom a leithéid i gcónaí, ní mór aird a dhíriú ar dtús ar an réiteoir, Maurice Deegan. Tá caint fós i Maigh Eo fé thaispeántas an réiteora, Cormac Reilly, a bhí i mbun na feadóige don athimirt i bPáirc na nGael trí bliana ó shin. Tuigeann imreoirí agus lucht leanúna Chiarraí go raibh níos mó ná sciorta den ádh orthu an lá úd agus beidh dianstaidéar á dhéanamh ar chinntí Deegan amárach. Tá sé de bhéas ag réiteoirí i gcluichí leathcheannais scaoileadh leis an imirt toisc go bhfuilid ag déanamh talamh slán de nach iad  a bheidh i mbun na feadóige don gcluiche ceannais. Bí ag súil le cath crua cealgánta dá réir sin agus má leanann an aimsir an múnla, beidh cuileachta againn!

Is fiú réamhbhreith a thabhairt chomh maith ar na ciceanna saora agus orthu siúd atá ina mbun. Tá Cillian O’Connor tar éis ocht gcinn acu a chur amú go dtí seo sa chraobh agus cé go bhfuil trí cinn is tríocha aimsithe aige, is mó de luach a chuirfeadh a chomhghleacaithe ar an obair a dheineann an Conchúrach nuair nach mbíonn an chaid ina sheilbh. Níl Ciarraí baileach istigh leo féin ach an oiread lena gciceanna saora. Is féidir brath ar Geaney agus O’Donoghue chun ciceanna saora a aimsiú ón dá thaobh de na cuaillí ach ó stadadh ag roghnú Bryan Sheehan, níl éinne ar fhoireann Chiarraí inniúil ar chic fada breis is 50 slat a chur thairis an trasnán ar bhonn rialta.

Ar an dtaobh eile den bpáirc, is fiú labhairt ar chiceanna amach – gné ríthábhachtach den imirt agus tabhair fé ndeara nach ag Stephen Cluxton amháin atá máistreacht ar an gceard le blianta beaga anuas. Tá an chuma ar Brian Kelly i mbáide Chiarraí go bhfuil sé i bhfad níos mó istigh leis féin ó tuigeadh dó go bhfuil buanaíocht éigin aige ar an ngeansaí. Tá sé dulta i muinín ciceanna amach an samhradh seo ná téadh sé sa tseans orthu roimis seo. Beidh na ciceanna céanna ag teastáil amárach mar is léir go bhfuil Maigh Eo luite amach orthu féin anois ag iarraidh teacht i dtír ar chiceanna amach ón bhfreasúra. Is beag foireann atá inchurtha leo sa chúram.

Ar an dtaobh eile den scéal, níl na deacrachtaí lena gcúl báire féin a bhí ag deireadh na bliana anuraidh ag Maigh Eo réitithe i gceart go fóill. Ceileann sár-imirt David Clarke easnamh bunúsach i dteilgeadh a chic amach féin agus chuirfeadh sé an-iontas amárach orm mura raghadh Ciarraí ag fiach.

An ghné dheireanach den imirt arbh fhiú a lua ná na roghanna atá ar an dtaobhlíne ag an dá bhuíon. Glactar leis coitianta go mbeidh iomaíocht ghéar idir na foirne agus go mbeidh siad gob ar ghob ag déanamh ar na nóimeataí deireanacha. Sa chás san, is mór an faoiseamh i gcónaí é nuair a bhíonn roghanna éagsúla le solúbthacht phaiteanta ag bainisteoirí. I gcás Mhaigh Eo, beidh ar a gcumas glaoch ar leithéidí Conor Loftus, Stephen Coen, David Drake, agus Evan Regan. Tá a gcion féin déanta ag an gceathrar sin agus ag daoine eile nach iad i gcaitheamh an tsamhraidh do Mhaigh Eo. Tá binse na bhfear ionad ag Ciarraí breac le himreoirí le taithí na mblianta, áfach. Imreoirí a dhéanfaidh difríocht fhónta nuair is mó a bheidh an lasair sa bharrach. B’fhéidir gur amárach an lá acu chun an taithí sin a thaispeáint.

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Ciarraí réidh do chath crua cealgánta'