Dara Ó Cinnéide ceaptha ina bhainisteoir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó dheas

Tiocfaidh iarchaptaen fhoireann Chiarraí, arb as Baile na hAbha in Iarthar Duibhneach dó, i gcomharbacht ar Jeaic Ó Muircheartaigh

Dara Ó Cinnéide ceaptha ina bhainisteoir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó dheas

Tá Dara Ó Cinnéide, an craoltóir agus iarpheileadóir aitheanta, ceaptha ina Bhainisteoir Réigiúin ó dheas ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tiocfaidh an Cinnéideach, arb as Baile na hAbha in Iarthar Duibhneach dó, i gcomharbacht ar Jeaic Ó Muircheartaigh, as an gCorrghráig, atá ag dul ar luathscor an mhí seo chugainn.

Thug Ó Muircheartaigh os cionn 20 bliain ina bhainisteoir ar Raidió na Gaeltachta ó dheas agus é freagrach as soláthar an stáisiúin ó Ghaeltacht na Mumhan ar fad.

Tá Dara Ó Cinnéide ag obair leis an stáisiún ar Bhóthar na Léinsí i mBaile na nGall ó 1999.

Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann Chiarraí nuair a bhuadar Craobh Peile na hÉireann in 2004. Is mar léiritheoir ar an gclár irise An Saol Ó Dheas is mó a bhíonn sé ag obair faoi láthair agus cuireann sé an clár An tSraith Náisiúnta i láthair chomh maith. Chuireadh sé an clár Seó Spóirt i láthair ar TG4 ar feadh naoi mbliana. Tá sé ar dhuine lucht  bainistíochta foireann chaide na Gaeltachta a bhuaigh craobh idirmheánach na Mumhan anuraidh.

Tá sé ina cholúnaí rialta le Tuairisc.ie.

Tá an Cinnéideach 42 bliain d’aois agus é pósta le Jean Browne ó Chill Chuáin. Tá ceathrar iníon acu.

Thréaslaigh Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta a phost nua leis an gCinnéideach.

“Tréaslaím a phost le Dara, agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair ina theannta.  Is fear pobail go smior é, agus tá tréithe an cheannaire go nádúrtha ann.   Mar a thuigimid go léir óna chuid gaiscí ar pháirc na himeartha leis An Ghaeltacht agus le foireann Chiarraí, agus óna chuid oibre go dtí seo mar chraoltóir, níl mórán go leagann sé a lámh air nach mbíonn toradh maith air.  Tá lánmhuinín agam as a chumas an tseirbhís atá againn sa deisceart a fhorbairt agus a bhrú chun cinn, agus guím gach rath air ina ról nua.”

“Ba mhaith liom, freisin, buíochas a ghabháil le Jeaic Ó Muircheartaigh a rinne sár-obair le fiche bliain agus é mar Bhainisteoir Réigiúin i mBaile na nGall, agus guím gach rath air sa chéad chaibidil eile ina shaol.”

Ag labhairt dó ar An Saol Ó Dheas inniu, dúirt Dara Ó Cinnéide gur “pribhléid” ab ea é a bheith ceaptha ina phost nua. Dúirt sé go mbeadh sé ag tabhairt faoina chúram nua ag “tréimhse dhúshlánach go maith” do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus go raibh an “leochaileacht” céanna ag baint le cás na teanga féin. Dúirt sé gur gá, áfach, a bheith “tiarnúil agus coráistiúil” agus “ár bpaiste fhéin a chosaint”.

“is iad na héisteoirí na máistrí atá orainn,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Dara Ó Cinnéide ceaptha ina bhainisteoir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó dheas'