DARA Ó CINNÉIDE: Bíodh a fhios agat cad ’tá uait. Bíodh a fhios agat cé hé nó cé hí do thoscaire

Is í fírinne an scéil go bhfuil mórán fochumann fud fad na tíre nach mbacann le plé a dhéanamh ag a gcruinnithe míosúla ar pholasaithe agus ar bheartais CLG ar bhonn náisiúnta

DARA Ó CINNÉIDE: Bíodh a fhios agat cad ’tá uait. Bíodh a fhios agat cé hé nó cé hí do thoscaire

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Cé hé nó cé hí an toscaire atá ag do chumann go Bord an Chontae?

Cad a dheineann an té seo agus cad a deir an té seo nuair a bhíonn sé nó sí i láthair ag cruinnithe míosúla an bhoird?

Agus cén neart atá le do ghuth-sa mar ghnáthbhall de Chumann Lúthchleas Gael nuair a bhíonn cinntí móra á dtógaint mar gheall ar an gcluiche is ansa leat?

Níl ansan ach cuid des na ceisteanna is mó atá ag dó na geirbe ag pobal CLG le trí seachtaine anuas agus iad ag cogaint ar na leasuithe atá le teacht ar chraobh peile na bliana seo chugainn.

Pé acu is áin leat na leasuithe céanna nó nach áin, beidh siad i bhfeidhm ar bhonn trialach go ceann trí bliana ó 2018 agus, dála mórán leasuithe eile, is in ithe na bullóige a bheidh a tástáil.

Tá ceist níos bunúsaí, níos tábhachtaí ag eascairt as Comhdháil Bhliantúil CLG 2017, áfach.

An bhfuil an fochumann nó an club chomh lárnach is a deirtear coitianta atá in aigne lucht riartha na gcluichí Gaelacha? Nó i bhfocail eile an bhfuil Cumann Lúthchleas Gael chomh daonlathach is a deirtear linn? 

Níl aon amhras orm ná go ndéanfaidh mí Mheán Fómhair saor ó chluichí idirchontae an bhliain seo chugainn an-difríocht do chlubanna ar fuaid na tíre. Beidh buntáiste ann, leis, don gclub nuair nach mbeidh ach cluichí ceannais Cúige agus Uile-Éireann á n-athimirt i gcás comhscóir.

Ach ní chuige sin atáim.

Fiafraigh d’aon bhall laistigh de do chlub féin an mbraitheann sé nó sí go raibh a nguth le clos ag an gComhdháil Bhliantúil le gairid agus tá gach seans ann go mbeidh an port céanna le clos uathu is a bhí ar na meáin shóisialta agus i gcuid des na meáin thraidisiúnta le seachtainí anuas – go bhfuil deighilt ollmhór idir lucht riartha na gcluichí sa bhliain 2017 agus an gnáthbhall.

Ba léir, nuair a labhair sé tar éis na Comhdhála, gur chuir a leithéid de chaint olc ar Ard-Stiúrthóir CLG, Páraic Duffy. Ba léir, chomh maith, go raibh a chuid obair bhaile déanta ag Duffy agus acu siúd a sheol Rún 4 trí chlár na Comhdhála gan mórán stró ar vóta 76% ar a shon agus 24% ina choinne.

Canathaobh, dá réir sin, gur bhraith buíon shubstaintiúil laistigh den eagraíocht nach raibh an cheist pléite a dóthain nó nach raibh dóthain cainte déanta roimh ré ar an gcúram go léir?

Is í fírinne an scéil go bhfuil mórán fochumann fud fad na tíre nach mbacann le plé a dhéanamh ag a gcruinnithe míosúla ar pholasaithe agus ar bheartais CLG ar bhonn náisiúnta.

Bíonn siad i bhfad róghafa le ceisteanna ar nós, conas is féidir an teacht isteach ón lotto a mhéadú? Nó an acmhainn dúinn an dara páirc a fhorbairt chun freastal ar ár mbaill? Nó an féidir linn foireann a chur chun páirce Dé Domhnaigh nuair atá oiread imreoirí as baile? Nó conas is féidir linn freastal ar éilimh na n-imreoirí nuair nach bhfuil aon teacht isteach ag an gcumann? Nó an fada eile a mhairfidh riail an pharóiste mar tá sé ag tarrac achrainn idir sinn féin agus ár gcomharsain?

Cé go bhfuil na rudaí sin go léir ríthábhachtach, tuigeann fochumainn ar fud na tíre le roinnt seachtainí anuas go gcaithfear ceisteanna eile, atá díreach chomh cinniúnach leo a phlé chomh maith.

Dá mbeadh cuid de na rúin a bhain go díreach le himeachtaí an chlub pléite go mion ag cruinniú cinn bhliana nó cruinniú míosúil do chumann féin le leathbhliain anuas, an mbeadh dearcadh difriúil agat i leith na leasuithe atá le déanamh ar an gcraobh idirchontae an bhliain seo chugainn?

Dá mba dhóigh leat go mbeadh oiread tionchair is atá ag na leasuithe seo ar imeachtaí ó sheachtain go seachtain laistigh de do chumann féin, an mbeadh fonn ort go mbeadh do ghuth agus do thuairimí féin le clos níos tréine?

Má tá aon cheacht amháin foghlamtha againn ón ndíospóireacht iarChomhdhála i mbliana, tá go gcaithfidh pé athrú atá le teacht feasta i gCumann Lúthchleas Gael teacht ó bhonn aníos. Taibhsítear do scata gur tháinig Rún 4 a bhain le hatheagar na craoibhe idirchontae ó bharr anuas ach chun a gceart a thabhairt dos na húdaráis, ní rabhadar siúd ach ag freastal ar éileamh a taibhsíodh dóibh bheith ag teacht ón gcosmhuintir.

Daoibhse atá ag freastal ar na cluichí inniu, agus go háirithe daoibhse atá amuigh ar pháirc na himeartha, tá Cumann na nImreoirí Club, an CPA, bunaithe le tamaillín agus is ag dul i dtreise a bheidh siad nuair a thuigfidh siad go díreach cad atá uathu agus nuair a thiocfaidh siad ar sheift éigin chun a mianta a bhaint amach.

Do chuid eile againn, tá ár gclub áitiúil agus ár dtoscaire go Bord an Chontae.

Bíodh a fhios agat cad ’tá uait. Bíodh a fhios agat cé hé nó cé hí do thoscaire.

Ansan, b’fhéidir go mbeadh seans ann go mbeadh an eagraíocht atá ag teastáil uait agus na hathraithe atá de dhíth ar fáil ó Pháirc an Chrócaigh. 

– Foilsíodh an t-alt seo ar dtús ar chlár oifigiúil chluichí ceannais Chraobhchomórtas Chlubanna CLG

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Bíodh a fhios agat cad ’tá uait. Bíodh a fhios agat cé hé nó cé hí do thoscaire'