DARA Ó CINNÉIDE: An mbeidh an Lámh Dhearg in uachtar arís ag Tír Eoghain?

Ainneoin na cainte go léir atá déanta faoi theacht aniar agus athnuachan Dhún na nGall, níl tuairim fós againn an foireann cheart chraoibhe iad

DARA Ó CINNÉIDE: An mbeidh an Lámh Dhearg in uachtar arís ag Tír Eoghain?

B’fhéidir gur chuaigh sé i ngan fhios do scata ag an am ach ba cheart breis suntais bheith tugtha do bhua sraithe Dhún na nGall ar Thír Eoghain sa Mhárta.

Toisc go raibh Ciarraí ar a gcroí díchill ag iarraidh na Dubs a chloí an deireadh seachtaine céanna agus toisc go raibh foireann rugair na hÉireann ag cur fáisc an bháis ar Shasana, ba bheag a dúradh ná a scríobhadh faoin mbearna sé phointe a bhí idir na Conallaigh agus contae Uí Néill. Ach is fiú labhairt arís faoi i gcomhthéacs an deireadh seachtaine seo.

Ag faire dom ar an dteilifís roinnt laethanta ina dhiaidh, taibhsíodh dom gur beag imreoir sa tír atá chomh h-éadrom ar na cosa is atá Ryan McHugh. Giorria Márta má bhí a leithéid riamh ann. Taibhsíodh dom chomh maith gur ag dul i bhfeabhas a bheadh McHugh agus scata eile ar fhoireann Dhún na nGall nuair a chruafadh an fód isteach sa tsamhradh.

Fós féin, agus a gcoimhlint chraoibhe le Tír Eoghain ar lic a’ dorais againn, n’fheadar canathaobh é ach taibhsítear dom go mó de chuma na maitheasa atá ar fhoireann Mickey Harte.

Aithním, gan dabht gur tháinig claochló ar bhiaiste sraithe Thír Eoghain tar éis a dteip in aghaidh Dhún na nGall – iad ag cailliúint aige baile i gcoinne Mhaigh Eo agus i gCill Airne in aghaidh Chiarraí – ach ba é an bua a bhí ag Maigh Eo sa tsraith in aghaidh na gConallach atá ag cur síol an amhrais im aigne maidir le foireann Rory Gallagher.

Sa leath uair a chloig deireanach den gcluiche sin, d’éirigh le Maigh Eo greim daingean a fháil ar an imirt. Ní fhéadfadh Dún na nGall aon scór a aimsiú le cóir na gaoithe sa tréimhse chéanna agus ba gheall le dailtíní gan tréith cuid mhaith de shíthe gaoithe na gConallach an lá úd i gCaisleán an Bharraigh.

Ainneoin na cainte go léir atá déanta fé theacht aniar agus athnuachan Dhún na nGall mar fhoireann chaide agus beag beann ar a mbua neafaiseach in aghaidh Aontroma an mhí seo caite, níl tuairim fós againn an foireann cheart chraoibhe iad.

Tá a fhios againn go bhfuil coisíocht iontu. Tá a fhios againn gur beag foireann atá inchurtha leo nuair a aimsíonn siad a mbuille agus tá a fhios againn chomh maith nach mór na foirne a bhfuil oiread machnaimh déanta acu ar stíl agus ar chur chuige Thír Eoghain.

Ach an leor é sin?

Bunaithe ar a raibh le feiscint i gcluiche ceannais Chúige Uladh idir an dá chontae anuraidh, b’fhéidir nach leor.

Ní fhéadfá an cluiche ceannais sin a thuar ná a léamh mar chluiche.

Caid ana-aisteach ar fad a himríodh le rithim ana-neamhghnáthach ar fad. Ní raibh aon ghaol aige leis an bpeil a d’aithnímis mar chluiche tamall agus ba bheag a bhí sa chluiche chun tú a spreagadh seachas na sé nóimeat a cuireadh leis an imirt i ndeireadh chun gortuithe agus a leithéid a chúiteamh leis an gclog.

B’ansan a thug Tír Eoghain na buillí marfacha uatha le pointí breátha ó Sheán Cavanagh, Peter Harte agus Kieran McGeary.

Tá caint cloiste an tseachtain seo agam ó iarimreoirí Dhún na nGall a thabharfadh le tuiscint gur dhóigh leo go bhfág na Conallaigh craobh na bliana seo caite ina ndiaidh seachas Tír Eoghain bheith á buachtaint. Tá sé ráite chomh maith go mb’fhéidir ná beadh an aimsir chomh meirbh amáeach is a bhí le linn cluiche na bliana seo caite. Dhéanfadh san difríocht éigin agus breis imreoirí óga á gcur chun páirce ag na Conallaigh ach níl sé baileach chomh simplí sin.

Má chaitheann tú súil ar chluiche ceannais na bliana seo caite in athuair, chífir nach tuirse agus tnáitheadh ba bhun le teip Dhún na nGall. Is dóigh liomsa gur meon coimeádach, cosantach a chnag sa deireadh iad. I gcluiche ar bheagán scórála, bhí Dún na nGall gafa ceithre phointe chun cinn, 0-8 le 0-4, i bhfíorthús an dara leatha. Buadh 0-9 le 0-3 orthu sa tréimhse a lean.

Má tá oiread is ceacht amháin foghlamtha ag Rory Gallagher agus a chriú bainistíochta ó 2016,’sé sin go gcaithfear breis tacaíochta a thabhairt don té atá i seilbh na caide. Bhí an tacaíocht sin go léir ag teacht ó imreoirí a bhí laistiar de ghluaiseacht na h-imeartha anuraidh. Tá éachtaint i mbliana ann gur cliathánach leis an imirt nó chun cinn ar an imirt atá Dún na nGall ag cur na tacaíochta sin ar fáil i mbliana agus tá toradh fónta á bhaint amach acu dá réir. 

Anois agus é déanta sa tsraith i gcoinne Thír Eoghain acu, tabharfaidh sé misneach dóibh. Ach ar cheart go mbeifí ag súil go bhféadfadh imreoirí nua ar nós Eoghan Bán Gallagher, Ciarán Thompson, Cian Mulligan, Jamie Brennan, Jason McGee, Michael Carroll agus Caolan Ward an gaisce a dhéanamh sa chraobh?

An dtaca seo anuraidh, b’iad Tír Eoghain a bhí ag iarraidh an Tír Tairngire a bhaint amach le buíon ógánach agus ba bheag acu é sin mar dhúshlán. B’fhéidir go mbeimis ag súil leis an iomarca i mbliana uatha an cúram a dhéanamh le peil oscailte ealaíonta ach tá sé iontu a leithéid a dhéanamh más áil leo.

Má bhuann siad mar a dheineadar anuraidh, gan aon fhorbairt a theacht orthu, beidh thiar orthu ar theacht go Páirc a’ Chrócaigh dóibh. Caithfidh siad a léiriú go bhfuil éabhlóid éigin tagtha ar a gcur chuige.

Ní féidir neamhaird a dhéanamh de ról an réiteora David Coldrick i gcluiche ar nós chluiche an lae amáirigh ach an oiread. Is é seo an tríú cluiche idir na foirne in imeacht bliana ag fear na Mí i mbun na feadóige agus tá aithne mhaith á chur aige ar lúbaireacht agus ar chleasaíocht na n-imreoirí. Ní róbhuíoch a bhí Tír Eoghain anuraidh dó as an dá chárta dubh a nocht sé do Mattie Donnelly agus Cathal McShane ach bhí cúis ghearáin, leis, ag Frank McGlynn agus Dún na nGall nuair nár bronnadh cic saor air siúd agus an choimhlint ina theas.

B’fhearr leis an uile dhuine againn ná beimis ag caint in aon chor ar an réiteoir tráthnóna amárach ach is deacair san a sheachaint má bhíonn imreoirí meáite ar dhiabhlaíocht agus ar dhúire.

An ghné dheireanach ar fiú a lua ná neart na n-ionadaithe ón dá thaobh, agus i gcluiche a bheidh go mór idir dhá cheann na meá go deireadh, b’fhéidir gur anseo a bheidh an ionga bheag bhreise sin ag ceann scríbe.

B’iad Rory Brennan, Darren McCurry agus Kieran McGeary a dhein an cúram ón mbinse anuraidh do Thír Eoghain agus taibhsítear dom arís gur acu agus gur anseo atá agus a bheidh an láimh in uachtar arís ag Láimh Dhearg Uladh

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: An mbeidh an Lámh Dhearg in uachtar arís ag Tír Eoghain?'