Daonáireamh 2022 agus an Ghaeilge – cad a dúirt siad?

Bhí go leor le rá ag polaiteoirí, ceannairí eagrais agus saineolaithe agus lucht ghluaiseacht na Gaeilge faoi thorthaí Dhaonáireamh 2022 a foilsíodh inné. Seo blaiseadh dá raibh le rá ag cuid acu...

Daonáireamh 2022 agus an Ghaeilge – cad a dúirt siad?
Seán Ó Coinn

‘An leor na polasaithe le stop a chur le meath na Gaeltachta?’

Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

Tá roinnt rudaí arbh fhiú fáilte a chur rompu sna figiúirí is déanaí a foilsíodh ó Dhaonáireamh 2022, go háirithe an t-ardú beagnach 6% ar líon na ndaoine sa stát a thug le fios go bhfuil Gaeilge acu – 1.87 milliún duine. Is ionann an líon sin agus 40% de phobal an stáit, agus is líon suntasach é.

Nuair a chuirtear san áireamh an méadú de bheagnach leathmhilliún ar dhaonra iomlán an stáit, agus na hathruithe eile atá i ndiaidh teacht ar an daonra, is dea-scéala é go bhfuil a oiread sin daoine a mhaígh go bhfuil labhairt na Gaeilge acu.

Ar ndóigh, an dá dhíol suntais eile sna figiúirí go bhfuil an treocht chéanna a bhí léirithe i bhfigiúirí 2016 á léiriú sna figiúirí seo, is é sin líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa stát, agus líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht. Cé gur titim níos lú atá i gceist ná na laghduithe a tuairiscíodh as Daonáireamh 2016, tá na figiúirí díomách, agus léiríonn sé na dúshláin atá romhainne in earnáil na Gaeilge agus roimh an Rialtas.

I dtaca leis an nGaeltacht, tá ceisteanna le plé. An leor na polasaithe agus na straitéisí atá i bhfeidhm faoi láthair le stop a chur le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht mar theanga phobail? An bhfuil na bearta radacach go leor agus an gá dúinn athbhreithniú a dhéanamh orthu agus bearta níos tréine a chur i bhfeidhm? Aithníonn Foras na Gaeilge mar sin féin, go bhfuil sé tábhachtach gan breithiúnas a thabhairt róluath ar bhearta nach bhfuil á gcur i bhfeidhm ach le líon beag blianta, mar atá An Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus an Polasaí Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Thug líon suntasach de phobal an stáit le fios go raibh Gaeilge an-mhaith acu – an chéad uair ar cuireadh an cheist sin, agus is pobal iad sin a mbeidh Foras na Gaeilge agus ár gcuid comhpháirtithe eile in earnáil na Gaeilge ag iarraidh díriú orthu sna blianta amach romhainn. Díreoidh Foras na Gaeilge ar an líon ard daoine, beagnach leathmhilliún, a thug le fios go bhfuil cumas labhartha acu, ach nach n-úsáideann an Ghaeilge in am ar bith. De réir na bhfigiúirí, tá beagnach 72,000 duine sa stát a úsáideann Gaeilge ar bhonn laethúil, agus nuair a chuirtear an líon sin leis an 40,000 ó thuaidh a thug le fios sa Daonáireamh ó thuaidh, go n-úsáideann siad Gaeilge gach lá, is líon mór daoine sin ar fud an oileáin. Thug Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge le fios gur dream iad na trí phobal seo a mbeidh Foras na Gaeilge ag iarraidh díriú orthu sna blianta atá amach romhainn.

Tugann figiúirí daonáirimh lón machnaimh dúinn uilig atá ag plé le polasaithe Rialtais, agus beidh anailís dhomhain le déanamh ar na figiúirí is déanaí seo, i gcomhar lenár gcomhghleacaithe sa Rialtas, sa phobal féin, sna Ceanneagraíochtaí agus sna páirtithe leasmhara eile in earnáil na Gaeilge.

 

Pádraig Ó Duibhir, Cláraitheoir Choláiste Phádraig, ag an oscailt

‘Tá a rás rite ag an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge’ 

An tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Stiúrthóir, SEALBHÚ, DCU

Tá ardú beag ar líon iomlán na gcainteoirí Gaeilge go 1.874 milliún nó 40.4% den phobal. Is feabhas é sin ar 2016 (39.8%), cé nach bhfuil sé chomh maith le 2011 (41.4%). Ach i gcomhthéacs daonra atá ag fás agus daoine ag teacht chun na tíre nach bhfuair deis an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil, tá sé dearfach.

Is rud dearfach é freisin go dtuairiscíonn 63% de dhaoine idir 15 agus 19 bliain d’aois agus 61% díobh siúd idir 10 agus 14 bliain d’aois go bhfuil siad is ann an Ghaeilge a labhairt go maith nó go han-mhaith. Léiríonn sé sin go bhfuil ag éirí leis an gcóras oideachais líon áirithe cainteoirí cumasacha Gaeilge a sholáthar.

Is cúis mhór díomá é go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais ag titim go leanúnach ó 77,185 in 2011, go 73,803 in 2016, go 71,968 in 2022. I gcomhthéacs daonra atá ag fás, bheifeá ag súil le fás ar an uimhir sin. Fágann sé nach raibh ach tuairim is 1.4% de dhaoine os cionn trí bliana d’aois ina gcainteoirí laethúla Gaeilge in 2022 i gcomparáid le 1.8% in 2011. Tá a rás rite ag Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Tá sé in am againn foghlaim ó mhuintir na Breataine Bige agus Thír na mBascach má theastaíonn uainn go mbeidh an Ghaeilge á labhairt ar bhonn níos forleithne. Ní fheictear dom go bhfuil an toil nó na hacmhainní sa státchóras le go dtarlódh sé sin. Áitím go nglaofaí Tionól Saoránach le dlús a chur faoin athrú ó bhonn a theastaíonn ar chúrsaí polasaí i leith na Gaeilge. Mura dtarlaíonn a leithéid de bheartas, dar liom, leanfaidh an laghdú leanúnach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge.

 

Príomhfheidhmeannach Úndarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin. Pic: Seán Ó Mainnín

‘Scagadh le déanamh aon áit a raibh laghdú agus aon áit a raibh ardú’

Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil na figiúirí atá foilsithe inniu ar fáil dúinn agus go bhfuil níos mó eolais againn anois faoi labhairt na Gaeilge sa nGaeltacht ná mar a bhí ag aon am roimhe seo. Cé go bhfuil titim bheag, ar an iomlán ar líon na gcainteoirí Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht, 1.6%, tá sé suntasach gur laghdú é sin ón titim de 11% in 2016. Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i ndeich gcinn de na Limistéir Phleanála Teanga.

Is léir, in áiteanna ina bhfuil titim iontu go bhfuil géarghá lena thuilleadh scagadh agus cíoradh ar fhigiúirí daonáirimh, obair a gcuirfear tús léi láithreach, ach an oiread leis na ceantair sin ina bhfuil ardú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla.

Is léir ón eolas a foilsíodh ar maidin go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú i roinnt limistéar pleanála teanga Gaeltachta. Tá sé suas anois do na heagraíochtaí stáit agus do na pobail Ghaeltachta, ag obair i gcomhpháirt lena chéile, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, agus muid ag iarraidh go neartófar an Ghaeilge agus go méadófar an líon daoine a labhraíonn an teanga go laethúil. Is léir go mbeidh obair mhór dhúshlánach romhainn, ach tá muid faoi réir chuige.

Ag an am céanna, tá sé tábhachtach go dtabharfaí aitheantas do na comharthaí dóchais go bhfuil ardú le feiceáil i ndeich gcinn de na limistéir. Le níos mó ná bliain anuas, tá lorg na hoibre atá á déanamh ag Oifigigh Pleanála Teanga le feiceáil go follasach sa Ghaeltacht. Is fiú a thabhairt san áireamh, de bharr cúinsí áirithe, an phaindéim ina measc, go raibh muid i lár 2021 sular tháinig dlús suntasach ar ghníomhaíochtaí a bhí ag tarlú sna pobail de bharr feidhmiú an phróisis.

Ach tá an próiseas pleanála teanga faoi lán seoil anois i 26 Limistéar Pleanála Teanga agus in dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Tá pleananna teanga á bhfeidhmiú ag 29 ceanneagraíocht pleanála teanga ar fud na Gaeltachta agus buiséad iomlán bliantúil de €3.2m ceangailte leis na pleananna teanga sin.

Anuas air sin, tá an Polasaí Oideachais Gaeltachta á fheidhmiú sna scoileanna Gaeltachta; tá faisnéis ar fáil cheana féin a léiríonn go bhfuil tionchar dearfach an an bPolasaí sin agus ag an mbéim atá ar an tumoideachas trí Ghaeilge sna naíonáin, ar nósmhaireachtaí teanga sna scoileanna Gaeltachta.

Beidh tuilleadh iniúchta le déanamh ar na figiúirí seo, chun pictiúir níos iomláine a fháil ar phatrúin teanga sna ceantair Ghaeltachta agus ar chomhthéacs na n-athruithe atá tagtha ó 2016. Tá muid tosaithe i mbun na hoibre sin cheana féin in Údarás na Gaeltachta agus beidh an t-eolas ó Dhaonáireamh 2022 lárnach sna polasaithe a bheas á leagan amach againn amach anseo.

 

‘Tá muid ag dul ar aghaidh ó rialtas go rialtas gan an fhadhb seo a aithint’

Catherine Connolly, Teachta Dála neamhspleách

Is rud dearfach é an méadú atá tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa stát ach údar imní iad an dá fhigiúr a léiríonn go bhfuil titim tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa stát. Léiríonn na figiúirí go mbíonn deacrachtaí móra ag daoine an Ghaeilge a labhairt sa Ghaeltacht agus sa stát agus go bhfuil easpa seirbhísí ann i nGaeilge.

Déarfaidh an rialtas gur údar dóchais atá sa mhéadú atá tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge ach ní thugann sé mórán dóchais domsa i gcomhthéacs an méid a a léirítear faoin nGaeltacht. Ní chuireann na figiúirí aon iontas orm, creimeadh ag teacht ar an nGaeilge sa Ghaeltacht.

Tá muid ag dul ar aghaidh ó rialtas go rialtas gan an fhadhb seo a aithint agus sin an teachtaireacht is mó ón Daonáireamh seo i gcás na Gaeilge. Beidh mé ag moladh go ndéanfaí na figiúirí agus a bhfuil sa Daonáireamh ó thaobh na Gaeilge de a scagadh ag an Choiste Gaeilge.

 

Muireann Ní Mhóráin, cathaoirleach ar an ócáid

‘Ábhar dóchais ach tuilleadh tacaíochta de dhíth’

Muireann Ní Mhóráin, IarPhríomhfheidhmeannach COGG

Ábhar dóchais é go bhfuil méadú 6% go beagnach 2 mhilliún tagtha ar líon na ndaoine a thuairisc go bhfuil ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt. Is ionann seo agus 40% den daonra os cionn 3 bliana d’aois agus seo é an figiúr atá luaite mar sprioc i Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006. Astu sin, thuairisc 42% go raibh caighdeán Gaeilge an-mhaith nó maith acu.

Tá fianaise sna torthaí go bhfuil tionchar na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta ag leathadh agus, ainneoin tionchar na Paindéime agus eile, go bhfuil na figiúirí fós socair go leor.

An gnáthphort a bhíonn ag dreamanna áirithe in Éirinn (go minic lucht na meán) ná nach labhraíonn aon duine Gaeilge agus nach bhfuil focal Gaeilge ag formhór na scoláirí iar-bhunscoile ar fhágáil na scoile dóibh, ach tuairiscíodh go bhfuil Gaeilge an-mhaith nó Gaeilge mhaith ag 63% de dhaoine idir 15-19 bliana d’aois. Tuar dóchais eile.

Thuairisc beagnach 72,000 duine go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais. Nuair a foilsíodh An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, 83,000 duine a tuairiscíodh agus é mar sprioc (fós) an figiúr seo a mhéadú go 250,000 faoin mbliain 2030.

Níl aon dóchas agam go dtarlóidh sé seo, go háirithe nuair a thugtar san áireamh leithéid an easpa tacaíochta stáit don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag gach leibhéal; nach bhfuil Coimisinéir Teanga in oifig; nach bhfuil feabhas tagtha ar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge agus neart eile. Mair a chapaill…

 

‘Ábhar ceiliúrtha agus ábhar díomá’

Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin

Tá ábhar ceiliúrtha le sonrú sna figiúirí a foilsíodh inniu. Tá 100,000 cainteoir nua Gaeilge sa Stát sa bhreis ar cad a bhí ann in 2016, ag leigheas an titim a bhí ann ó 2011 go 2016 agus ag dul chun tosaigh air sin.

Más fíor mo thuiscint ar chúrsaí, is é seo an chéad uair ó ré an Ghorta Mhóir gur féidir a rá go bhfuil 2 mhilliún duine le Gaeilge in Éirinn, idir an 1.87 milliúin sna 26 Contae dar leis an Daonáireamh seo, agus an 228,600 aitheanta sna sé chontae i nDaonáireamh 2021.

É sin ráite, cé go bhfuil ardú ar líon iomlán na gcainteoirí, níl mórán dul chun cinn le sonrú sa chéatadán iomlán – 40% de dhaonra an Stáit – agus tá titim le feiceáil ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais.

Seo é an dara Daonáireamh i ndiaidh a chéile ina bhfuil titim ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht, agus tá titim le feiceáil i ngach Gaeltacht seachas Ciarraí agus na Déise. Ar a laghad tá an ráta creimthe i bhfad níos lú ná mar a bhí in 2016, rud a léiríonn go bhfuil ag éirí go pointe leis an bpleanáil teanga agus gur gá níos mó tacaíochta a thabhairt di.

Caithfidh an rialtas tabhairt faoin 40% a bhfuil Gaeilge acu a spreagadh chun í a labhairt. Duine as gach ceathrar acu a deir nach labhraíonn siad riamh í.

Seo an chéad Daonáireamh inar cuireadh ceist faoi chumas na gcainteoirí Gaeilge, agus is ábhar spéise dúinn na torthaí a d’eascair as sin.

As an 40% iomlán a bhfuil Gaeilge acu, deir 42% go bhfuil Gaeilge mhaith nó an-mhaith acu, figiúr atá os cionn 60% i measc an aoisghrúpa 10-19. Léiríonn sé seo an fiúntas a bhaineann le ham a chaitheamh go rialta le Gaeilge ar scoil mar ábhar éigeantach, agus go dteastaíonn iarracht ar leith chun daoine óga a choimeád ag úsáid na Gaeilge tar éis dóibh an scoil a fhágáil más mian linn stop a chur leis an dtitim ó aois 20 ar aghaidh.

Seans go bhfuil léiriú ar thábhacht an Ghaeloideachais le sonrú sa bhriseadh síos de réir contae, áit a bhfuil Muineachán in éindí le Gaillimh, Dún na nGall agus Ciarraí i measc na gcontaetha ina bhfuil cumas maith nó an-mhaith ag na Gaeilgeoirí ann. Is i gcontae Mhuineacháin atá an céatadán is airde sa stát de dhaltaí a bhíonn ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar ghaelcholáistí, agus dea-shampla atá ann gur féidir go n-éireodh leis an athbheochan teanga fiú i gcontaetha Béarlaithe gan Ghaeltacht.

Tá sé suimiúil freisin go dtagann ardú arís ar mhuinín na ndaoine ina gcuid Gaeilge ar bhonn chéimiúil agus iad ag dul in aois ó 55 ar aghaidh. Teastaíonn anailís ar an athrú meoin seo.

Deir 55% díobh siúd a bhfuil Gaeilge acu nach bhfuil Gaeilge mhaith acu, rud a léiríonn go bhfuil siad den tuairim go bhféadfadh siad feabhas a chur uirthi. Seans go dtabharfadh ranganna Gaeilge saor in aisce do dhaoine fásta, mar a aontaíodh ag Ardfheis Shinn Féin anuraidh, deis dóibh tabhairt faoin nGaeilge a fheabhsú agus a úsáid ó lá go lá.

Teastaíonn cur chuige uaillmhianach chun dul i ngleic leis an titim ar úsáid laethúil na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht, agus chun tógáil ar an méid atá bainte amach sa Daonáireamh seo.

 

‘Toil agus tiomantas atá ag teastáil’

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Tá scéal dearfach anseo sa mhéid is go bhfuil ardú trasna an bhoird ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu ach, ag an am céanna, is léir go bhfuil an pobal a labhraíonn Gaeilge ag titim. Is fadhb í sin atá thar a bheith tromchúiseach agus dáiríre. Caithfidh muid tacú le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta an teanga a úsáid, mar theanga tí, mar theanga teaghlaigh agus mar theanga phobail. Chun an cheist seo a réiteach, tá géarghá le tacaíocht láidir, leanúnach agus uaillmhianach ón Stát gan mhoill leis an taoide a chasadh agus borradh suntasach a bhaint amach maidir le húsáid na Gaeilge.

Tá neart rudaí gur gá a dhéanamh chun an fhís sin a bhaint amach agus leis an fhás atá de dhíth a bhuanú; tá gá an Plean Fáis, Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-29, atá aontaithe ag breis is 115 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú chun infheistíocht shuntasach fhadtéarmach a chinntiú; tá gá le polasaí tithíochta náisiúnta don Ghaeltacht; tá gá le polasaí oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal, agus eile.

Agus muid ag druidim isteach ar an tréimhse dheiridh den Straitéis 20 Bliain ó dheas, anois an t-am le beartais láidre a aontú agus a chur i bhfeidhm, agus na hacmhainní cuí a chur leo. Tá deis iontach againn sin a dhéanamh ach an toil agus an tiomantas bheith ann i measc polaiteoirí agus pobal ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'Daonáireamh 2022 agus an Ghaeilge – cad a dúirt siad?'

  • Siobhán

    Aríst Tuairisc, a iriseoir gan ainm, cé mhéad duine de bhunús na Gaeltachta, a chónaigh sa Ghaeltacht iad? Ba chóir daoibh ionadaíocht níos leithne a fháil i measc phobal labhairt na Gaeilge. Cá bhfuil guth phobal na Gaeltachta in obair Tuairisc.ie? Níor mhiste daoibh breathnú níos leithne ar cé hiad bhur lucht léitheoireachta. Obair le déanamh!

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    A chairde is a chomhghleacaithe in earnáil na Gaeilge is níos faide i gcéin, Tá gach deacracht fós le réiteach agus muna ndéantar an réamhobair anois roimh 2030, tá an chath caillte. Faoi gach duine againn atá sé oll-roinn reachtúil na Gaeilge a bhunú le toiliú an Oireachtais chun athbheochan na Gaeilge a dháileadh agus a bhainistiú ar leibhéal an Stáit agus ar leibhéal áitiúil feasta. Mo léan ghéar go bhfuil faillí déanta ar líon na bhfocal atá caillte seal beag. Níl dóthain taithí agaibh gan saineolaí mar mise a cheapadh mar chathaoirleach reachtúil agus mar ceann na holl-roinne. Athstruchtúr na nEagraíochtaí Gaeilge atá ag teastáil chun an scéal a chur ina cheart gan pingin a chaitheamh nó go dtí go mbeidh an obair tugtha chun críche. Ansin, beidh caitheachas i gceist ar gach leibhéal ó thaobh luach an airgid de. Ní oibreoibh na seanbhealaí le cás na Gaeilge a shainmhíniú níos mó. Tá mórchuid na hoibre gan a bheith déanta ó 1820 anonn de bharr ábhar a bheith caillte. Tá sé éasca an scéal a chur ina cheart nuair a bheas tuiscint again ar an méid a thárla is ar na bearnaí. Tá ard-mholadh tuillte ag lucht RTÉ is ag gov.ie is ag an Eaglais, a rinne éacht go dtí seo. Níl an teanga á labhairt i ngiorracht liom de bharr go bhfuil saibhreas cainte ag dul ar gcúl go mór toisc meath na Gaeilge ó 1820 in ainneoin an dul chun cinn suntasach atá déanta ag roinnt daoine. Gá le tréimhseachán míosiúil / páipéar nuachta chun an Ghaeilge a scaipeadh i bhfad is i ngearr sna siopaí áitiúla chun dul i ngleic leis na deacrachtaí úra atá ag teacht chun cinn in earnáil na Gaeilge. Cuir srianta le gob an Bhéarla as seo go dtí 2030 chun fíortheanga na Gaeilge a athbheochan ó bhonn gach cuid den lá. Mo bhuíochas le gach uile dhuine agaibh a gcreideann ionam agus sa Ghaeilge labhartha agus scríofa. Gan scíobh ní bheidh aon Ghaeilge in aon áit taobh istigh de achar an-ghearr ar fad. Fainic ré an Bhéarla. c