Daoine idir 60 agus 85 bliain d’aois á lorg ag ÓÉ Gaillimh – chun éisteacht le ceol

Tá foireann taighde in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag lorg daoine atá idir 60 agus 85 bliain d'aois chun páirt a ghlacadh i staidéar nua faoin tionchar a bhíonn ag an gceol ar inchinn an duine

Old man Headphones

Tá rannpháirtithe á lorg ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh do staidéar eolaíochta atá ar bun san ollscoil. Tosaíodh ar an obair dhá bhliain ó shin agus táthar ag fiosrú an tionchair a bhíonn ag an gceol ar intinn an duine aosta a bhíonn ag éisteacht leis.

Déanfar measúnú, i saotharlann, ar ghníomhaíocht intinne na rannpháirtithe agus iad i mbun tascanna briathartha agus uimheartha a fhad is a bhíonn siad ag éisteacht le ceol.

Baileofar eolas chomh maith lena fháil amach an dtaitníonn cineálacha ceoil ar leith le cineálacha daoine ar leith, agus beifear ag súil le fáil amach an ndéanann an cineál úsáide a bhaintear as ceol cur isteach ar fholláine an éisteora.

Dúirt Jenny Groarke, ceoltóir agus ábhar PhD i scoil na haigneolaíochta in Óllscoil na hÉireann, Gaillimh, go bhfiosrófar cé acu an bhfeabhsaíonn nó nach bhfeabhsaíonn an ceol an feidhmiú mothúchánach, sóisialta agus cognaíoch. Rachaidh torthaí an taighde chun tairbhe seandaoine amach anseo, a dúirt an taighdeoir.

Go dtí seo, ba i measc déagóirí nó daoine óga is mó a rinne lucht léinn staidéar ar thionchar an cheoil, agus ba é an ceol clasaiceach a úsáideadh go príomha. Tá taighdeoirí na Gaillimhe tar éis an chéad chéim den taighde, a bhain le daoine idir 18 agus 30 bliain d’aois, a chur i gcrích cheana agus tugadh faoi deara difríochtaí sa rogha ceoil idir na haoisghrúpaí.

“Tá muid ag déanamh iarrachta an taithí a bhíonn ag an éisteoir san fhíorshaol a chruthú sa tsaotharlann trína rogha féin a thabhairt do na rannpháirtithe.

“Níor roghnaigh ach duine amháin den dá scór mac léinn píosa clasaiceach, ach tá ceol clasaiceach roghnaithe ag nach mór gach duine atá níos sine go dtí seo,” a dúirt Groarke.

Ba é a seanathair, nach maireann, a spreag Groarke chun an nasc idir an ceol agus an folláine a iniúchadh.

Chanadh a seanathair, Jimmy Dooley, i gcór Aibhistíneach ar feadh 65 bliain agus chasadh sé na drumaí sa ‘Galway Bay Jazz Band’ uair sa tseachtain sa teach tábhairne Busker Browne’s i lár na cathrach.

Tá a gnólacht féin ag Groarke a chuireann ceardlanna ceoil ar bun i dtithe altranais chun cur le cumas cuimhne seandaoine agus chun an saol a dhéanamh níos sona dóibh.

Go dtí seo, iarradh ar rannpháirithe an taighde ceol a roghnú do shuíomhanna éagsúla – ceol don obair nó ceol a d’oirfeadh dóibh agus iad i measc cairde, mar shampla. Is minic a roghnaítear Ed Sheeran, is cuma cén suíomh atá i gceist, dar leis na taighdeoirí. Roghnaigh 25% de na daoine óga a ghlac páirt sa staidéar ar a laghad móramhrán amháin dá chuid.

Is cosúil go n-éisteann daoine óga leis an gceol is fearr leo, beag beann ar an suíomh ina bhfuil siad, ach go mbíonn éagsúlacht níos mó ann i measc na seandaoine ag brath ar cá bhfuil siad agus céard atá ar siúl acu.

De réir an taighde atá déanta go dtí seo, éisteann daoine óga le ceol ar ghléasanna pearsanta nó ar sheirbhísí sruthaithe ach is minice a bheadh seanduine ag éisteacht leis an raidió nó lena mbailiúchán féin de cheirníní.

Tá an fhoireann taighde ag súil go líonfaidh 200 duine eile os cionn an trí scór an ceistneoir taighde atá acu agus go nglacfaidh 25 duine eile páirt sa taighde sa tsaotharlann. Cúiteoidh an fhoireann taighde costais taistil agus eile le rannpháirtithe.

Beidh an taighde ar bun go dtí an Nollaig agus ní mór dóibh siúd ar spéis leo páirt a ghlacadh ann an ceistneoir seo a chomhlíonadh.

Fág freagra ar 'Daoine idir 60 agus 85 bliain d’aois á lorg ag ÓÉ Gaillimh – chun éisteacht le ceol'