Daoine i mbaol báis ag éigeandáil an gheimhridh, splanc uchtaigh ar bith ó Stormont

Tá an ghéarchéim costas maireachtála ag éirí níos measa sa Tuaisceart ach leanann an phairilis pholaitiúil in Stormont

Daoine i mbaol báis ag éigeandáil an gheimhridh, splanc uchtaigh ar bith ó Stormont

Ó dheas beidh go leor ag clamhsán faoin mbuiséad sna laethanta amach romhainn agus údar ag cuid acu, seans.

Ach, tá buiséad acu; ní beag sin. Ní hionann agus Tuaisceart Éireann áit nach bhfuil aon amharc ar a leithéid ná splanc uchtaigh le fáil ó Stormont do dhaoine atá ar an bhfaraor géar.

Bhí lear mór daoine ag brath ar bhancanna bia agus cabhair airgid ó charthanachtaí sular thug buiséad Kwasi Kwarteng féiríní don saibhir agus fríd don daibhir. I bhfianaise an chroitheadh a baineadh as an bpunt sterling agus an ghuagacht a chothaigh plean an tSeansailéara nua ní hiontas iad na foláirimh go bhféadfadh daoine a bheith i mbaol báis an geimhreadh seo d’uireasa teasa agus bia.

Ní hiad feachtasóirí na heite clé amháin atá ag maíomh nach géarchéim a bheidh ann ach éigeandáil. Sin é an tuar ó na heaspaig Chaitliceacha a d’eisigh ráiteas ag iarraidh ar dhaoine a bheith ag faire amach dóibh sin nach mbeidh riachtanais na beatha acu. Níor fhógair an cliarlathas aon chabhair ach d’iarr siad ar chomhairlí paróiste smaoineamh faoi hallaí a oscailt ina mbeadh an teas ar siúl agus bia le fáil.

Ina theannta sin d’achainigh siad ar pholaiteoirí achrann faoin bprótacal iarBhreatimeachta a chur i leataobh ionas go bhféadfadh Stormont a dhul i ngleic le riachtanais an phobail. Glór eile sna sluaite atá ag tathant ar an DUP éirí as an mbaghcat ar Stormont.

Bhí sé fánach ag daoine a bheith ag screadaíl ar an DUP go dtí seo. Is léir go bhfuil brú á chur orthu ag an Státrúnaí nua, Chris Heaton-Harris, ag an Lucht Oibre ag a gcomhdháil i Learpholl, ag na páirtithe eile abhus agus ag go leor i measc an phobail. Ba é freagra an DUP go dtí seo nach mbeadh Stormont in ann déileáil leis an méadú as cuimse ar an gcostas maireachtála dá mba ann dó agus gur Westminster amháin atá in inmhe maoin a sholáthar. Tá sé fíor-aisteach mar leagan amach ag páirtí a mhaíonn gurb é páirtí na déabhlóide é ach is comhartha sóirt é ar na deacrachtaí a chothaíonn an baghcat dóibh.

Tá a fhios ag cait an bhaile gur ó Westminster/Whitehall a thagann maoiniú Thuaisceart Éireann. Ba í an argóint i bhfabhar dílárú cumhachta gur polaiteoirí a dtig leis an bpobal anseo iad a thoghadh nó diúltú dóibh ab fhearr a thuigfeadh riachtanais logánta agus a dhéanfadh bainistiú dá réir ar an mbuiséad.

Léiriú ar easpa tuisceana Whitehall ar dhálaí abhus ab ea an fógra go bhfaigheadh daoine a úsáideann ola le haghaidh teasa £100 murab ionann agus úsáideoirí gáis a gheobhaidh i bhfad níos mó. Ola is mó atá in úsáid abhus agus leis an bpraghas reatha ní choinneodh £100 teas le teaghlach ar feadh míosa. Is measa fós an scéal nuair atá an punt sterling lag in aghaidh an dollar, ina n-áirítear praghas ola. Beidh £400 le fáil ón mBreatain le haghaidh an leictreachais i mí na Samhna agus is maith ann é. Níl ann ach céim amháin, áfach.

Tá roinnt gnólachtaí beaga druidte cheana féin mar gheall ar an méadú ar chostais, idir leictreachas agus bhia. Deir na comhlachtaí beaga abhus nár chabhair dóibhsean an pota óir a bhronn Seansailéir an Státchiste ar lucht rachmais. Is measa an scéal anois ó tá an ráta úis méadaithe cheana féin. Níl sé ar chumas Stormont cuidiú leo mar nach féidir leis na hairí san ‘meath-fheidhmeannas’ aon chinneadh nua a dhéanamh.

Ina theannta sin níl ach mí fágtha idir seo agus an spriocdháta le haghaidh titim Stormont. Beidh dualgas reachtúil ar an Státrúnaí toghchán nua a ghairm ansin (mura mbeidh dul chun cinn suntasach á dhéanamh i gcainteanna faoin bprótacal, de réir ráflaí). Cuireadh toghcháin ar méar fhada cheana nuair a d’fheil sé do phlean Shráid Downing ach ní léir cén cur chuige a bheidh ag rialtas Liz Truss. Is é an rud atá soiléir nach mbeidh buiséad ar bith ag Tuaisceart Éireann faoin am sin. De réir dlí, más státseirbhísigh a bheidh i gceannas laghdófar an buiséad reatha; ní bhíonn cead an t-iomlán a chaitheamh sa chás sin.

Ní fiú a bheith ag rá go mbeadh an fhaillí sin do-mhaite – is minic a sháraigh dílseacht ciall i mbothanna vótála. Ní féidir a shéanadh áfach go mbeidh sé fíorchontúirteach agus gurb iad an aicme is boichte agus is laige is mó atá i mbaol.

Fág freagra ar 'Daoine i mbaol báis ag éigeandáil an gheimhridh, splanc uchtaigh ar bith ó Stormont'