Dán físe scanrúil ar chailliúint thubaisteach

Seoid gurbh fhiú go mór a fheiceáil é an scannán nua, 'Still Alice'. Bhásaigh an comhsitúrthóir Richard Glatzner le laethanta anuas

Still Alice Julianne Moore
Julianne Moore

‘Still Alice’, le Richard Glatzner agus Wash Westmoreland.

‘I find myself learning the art of losing every day’…..Dr. Alice Howland

Ní haon ruathar aonair a thug a céad Oscar di.

Is físdán ar chailliúint thubaisteach é ‘Still Alice’. Dán scanrúil, más ea. Gadaíocht ar an dínit dhaonna is ea an Alzheimer luath-thosaithe. Bratacha beaga na féiniúlachta, gafa agus curtha chun báis, ceann i ndiaidh a chéile, ag galar cealgach. Corrfhocal ar dtús, b’fhéidir. Aithint na timpeallachta agus cuimhintí ar ball. Ionannas an duine féin, agus gach a mbaineann leis, ar deireadh.

Is maith a thuigfeadh Richard Glatzner agus Wash Westmorland a leithéid sin cailliúna. Bhain ALS a chumas cainte agus siúil ó Glatzner cúpla bliain ó shin. As iomar domhain na haimiléise sin thóg Glatzner is a chéile Westmorland an scafal ónar chroch siad áilleacht sceimhliúil ‘Still Alice’. Scafal na fírinne.

Is Ollamh le Teangeolaíocht in Ollscoil Columbia Nua Eabhrach í an Dr. Alice Howland (Julianne Moore). Bean mhór tuisceana focal – préamhacha, brí, comhthéacs – an t-iomlán dearg díobh, agus gach a mbaineann leo. Eolaí a thuigeann gur bríce beag gach focal in ailtireacht mhínithe an duine. Bean tharraingteach i mbarr a maitheasa, pósta go sona ar leic an leathchéid, grá a fear is a clann mac is iníon aici.

‘Sea go deimhin, tá Alice Howland ar muin na muice meánaicmí.

Í faoi lanseol ansin le linn léachta i mBerkeley California, teipeann focal glan uirthi. ‘Lexicon’. Nath bunúsach – bríce beag brí – imithe ar fad uaithi. Tite i míchuimhne ar bhandraoi seo na bhfocal. Nach iontach an rogha sin focal le sleamhnú uaithi i gcomhthéacs an ábhair – ‘lexicon’ – ‘foclóir’.

Go gairid ina dhiaidh sin tá Alice amuigh ag sodar timpeall ar champas na hollscoile, baile Columbia. Tagann mearbhall uirthi. Ní aithníonn sí soir thar siar. Tá slómó a titime fada thar aill, físdán a cailliúna tubaistí – di féin, dá muintir is don tsaol mór fairsing – tosaithe.

Nílim chun chuile cor agus casadh sa mhórscéal a scagadh. Is fearr ligint don scannán féin an jab sin a dhéanamh. Is fearr freisin a léiríonn taibhiú Julianne Moore an fáth gur thug ‘Still Alice’ a céad Oscar di ná slám de bhriathra meala uaimse.

Dírím ar bhuanna eile an scannáin, buanna fírinneacha a chuireann ríméad orm, a theirce is atáid i Hollywood na saolta seo.

Kristen Stewart
Kristen Stewart

Tugann raon na miontuiscintí beaga ar nádúr an duine saibhreas as an ngnáth don scannán. Tá Alice is a comhleapach John, comhalta taighde sa Leigheas (Alec Baldwin) ar bharr bhiashlabhra acadúil Cholumbia. Na páistí socartha go maith, is cosúil, seachas Lydia, an iníon is óige (Kristen Stewart). Stiúsaí dána girsí a lean galar na haisteoireachta go California. Is ábhar buartha d’Alice éadaingne na ceirde aici, gan compord na céime ollscoile sa chúlphóca cheana.

Nach grinn, géar-roscach na bocannaí iad Glatzner agus Westmorland…..

Tá an-mheas ag Ollscoil Columbia ar Alice – go dtí go dtosaíonn na gearráin ag teacht isteach faoina cúrsa. ‘Confused’, ‘disorganised’, agus araile. Tá Ceann na Roinne an-tuisceineach. Ach, mar is béas don uile Chorporáid – tá an tacaíocht di ag trá cheana féin. Arís eile, fírinní searbha an tsaoil – aitheanta.

Agus sláinte á ghairm ag John dá bhean sa chéad mír, ‘the most beautiful, the most intelligent woman I have ever known,’ is léir go bhfuilid beirt i ngrá lena chéile. Séanann sé a ghalar ar dtús, go dtí nach bhfuil aon ealú ón fhianaise. Tá ócáid a ghéillte ar cheann de mhórléargais an scannáin. Feictear sceon agus uafás na cailliúna di, agus dó, ina shúile.

Ach, fírinne na bhfirinní, nochtann na súile céanna an chéad chomhartha go mb’fhéidir go mbeidh John Howland an-ghar dó féin de réir mar a dhruideann cruachás Alice chun críche. Ná bagair ar uaillmhianta gairmiúla an dochtúra léannta fir!

Ar ball agus Alice ag titim as aithint agus tuiscint, mealltar John as baile le tairiscint gairmiúil rathúil. Ba cheart dó imeacht dó féin. Ba cheart dó fanacht di siúd. Is é is mó a thaithníonn liom le Glatzner agus Westmoreland ná nach dtugann siad an deis d’éinne in ‘Strictly Alice’ an rogha shimplí a ghlacadh.

Agus cad faoi Kristen Stewart, an iníon óg aisteora? Má rinne sí an rogha eipiciúil ceart, ag teacht abhaile ó California chun aire a thabhairt don mháthar – beart a scaoil ‘an fear chéile dílis’ ó ualach a mhnaoi bhreoite (agus a thug cead a chosa gairmiúla dó, dála an scéil) thug an mhír chinniúnach idir í fein agus Alice ceann de mhórócáidí aisteoireachta don mbeirt acu. Agus níorbh í Julianne Moore amháin a tháinig slán tré fhaghairt na foirnéise sin. Bullaí girsí, a Kristen, is iontach an rud nach éasca.   

Dhá fhocal scoir. Ná caill an scannán seo sa cinema. Bíonn cosaint sa chomhluadar. Agus ceiliúraimis Glatzner agus Westmorland, scannánóirí nár thóg bealach éasca an mhaoithneachais.

Fág freagra ar 'Dán físe scanrúil ar chailliúint thubaisteach'