Solas an mhisnigh
-dán do Vicky Phelan agus í ag dul
go Meiriceá, Eanáir 2021.
Nuair a thiteann ár mbrionglóidí
uainn le breacadh maidine
is go dtránn ina dtromshuan
dúisíonn dán is doirteann
é féin ar phár.
Éiríonn maorlathas na hÉireann
is tosnaíonn ag ullmhú
d’obair an lae. Lasadh
an tséidtóirse táthú
doirse. Tosnaíonn na damháin
alla ag sníomh a gcuid líonta
chun na rúin is na botúin go léir
a chlutharú i gcúinní dorcha.
Aithnímid ar mbail is ár mbaol
nuair a fheicfimid iad ar lasadh
trí sholas do mhisnigh
a dheirfiúr na páirte. Féach
táimid ag fáisceadh do láimhe
barróga dóchais á mbreith againn ort
fallaing cheana á feistiú umat
don turas, ár ngéaga
nasctha le chéile ina
scealbholg cosanta
thimpeall ort.
Go dtuga tú an samhradh
thar n-ais leat
i do ghnúis
is beidh ár mbratacha
geala ar foluain
ag fáiltiú romhat
abhaile.
Áine Uí Fhoghlú
Fág freagra ar 'DÁN DO VICKY PHELAN: ‘Solas an mhisnigh…’'