Dán do mo dheartháir ar a Lá Mór Breithe, an 15 Bealtaine 2020

Is cúis mhór ríméid dúinn dán nua glan as an bpíosa leis an sárfhile Aifric Mac Aodha a fhoilsiú ar ócáid bhreithlá a dearthár

Dán do mo dheartháir ar a Lá Mór Breithe, an 15 Bealtaine 2020

Just Add Potato

do Dhónall ar a Lá Mór Breithe, 15 Bealtaine 2020

Nuair a d’inis sí dó go pusach
go raibh a sáith aici faoin tráth seo
den iora glas is dá eireaball dosach
ar an staighre éalaithe
sa ghairdín cúil i gCúil-na-Greina
agus go dtabharfadh sí a dhá súil
ar sceallóga Aprile ar maos in anlann

Is iomaí fear eile ann
a chuirfeadh in iúl dá dheirfiúr
de rois nárbh aon chabhair dó
an cineál sin criongáin
agus é seasta sa scuaine,
ag feitheamh ar a sheal san ollmhargadh,
an turas breithlae go Meiriceá curtha ar ceal
agus an chloch mhíle ag dul sa mhuileann air.

Ní hamháin gur fhan an mac lár báire,
soirbhíoch an teaghlaigh, ina thost,
ach chuir sé Knorr’s Medium Curry Sauce,
riar a cáis, chuici sa phost.

Fág freagra ar 'Dán do mo dheartháir ar a Lá Mór Breithe, an 15 Bealtaine 2020'