Damien Ó Dónaill ceaptha ina Bhainisteoir ar Raidió na Gaeltachta i nDún na nGall

Fógraíodh an scéal ar maidin go bhfuil Damien Ó Dónail le teacht i gcomharbas ar Edel Ní Chuireáin, atá ag éirí as a post

Damien Ó Dónaill ceaptha ina Bhainisteoir ar Raidió na Gaeltachta i nDún na nGall

Is é Damien Ó Dónaill atá ceaptha ina Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fógraíodh an scéal ar maidin go bhfuil Ó Dónaill, arb as Rann na Feirste ó dhúchas dó, le teacht i gcomharbas ar Edel Ní Chuireáin, atá ag éirí as a post.

Ba leis an tráchtaireacht ar chluichí a thosaigh Ó Dónaill i mbun a ghairme mar chraoltóir le Raidió na Gaeltachta tar éis dó comórtas tráchtaireachta an stáisiúin a bhaint sa bhliain 2013.

Fuair sé post lán-aimseartha mar Chlár-Reachtaire sa bhliain 2014, agus sna blianta ó shin d’oibrigh sé i rannóga éagsúla na seirbhíse – sa seomra nuachta agus mar léiritheoir ar an gclár Rónán Beo agus ar an gclár Bladhaire. Bhí sé mar láithreoir agus léiritheoir ar chláracha agus ar shraitheanna faisnéise, chomh maith le bheith ag obair i rannóg an spóirt.

Dúirt Ó Dónaill gur mór an onóir dó é a bheith ceaptha ina Bhainisteoir Réigiúin ag RnaG.

“Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le foireann thar a bheith cumasach, díograiseach agus nuálach sna Doirí Beaga, i gcomhar leis an fhoireann náisiúnta, leis an chuid is fearr a bhaint amach don stáisiún. Is é mo mhian tógáil ar an obair mhór a rinneadh go dtí seo i RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a bheith dílis do chuspóirí agus d’fhís ár mbunaitheoirí, chomh maith le dul i ngleic leis na dúshláin úra agus na hathruithe i saol an raidió a bheas romhainn sna blianta atá le theacht.

“Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Edel Ní Chuireáin agus í ag dul ar scor agus smaointím go cumhúil fosta ar Shéamus Mac Géidigh a bhí mar bhainisteoir orm i dtús ama sa raidió.  Bhí tionchar ollmhór ag Séamus agus ag Edel ar mo chuid oibre ón chéad lá a thosaigh mé le RTÉ Raidió na Gaeltachta.”

Chuir Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, fáilte roimh cheapachán Uí Dhónaill. Dúirt Mac Donncha go bhfuil a lorg fágtha ag Ó Dónaill ar sceideal an stáisiún ar bhealaí go leor ó thosaigh sé ag obair le RnaG.

“Tá tuiscint ghrinn aige ar an ról atá ag RTÉ RnaG agus ar an bhfreastal atá le déanamh ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus tá mé cinnte go mbeidh sé sin le feiceáil go láidir ina chuid oibre mar Bhainisteoir Réigiún an Tuaiscirt.  Guím gach rath air ina ról nua.”

Cuirfidh Ó Dónaill tús lena phost nua go luath agus Edel Ní Chuireáin ag dul ar scor tar éis beagnach dhá scór bliain a chaitheamh ag obair le Raidió na Gaeltachta. Tá tréimhsí caite ag Ní Chuireáin, arb as Gort an Choirce ó dhúchas í, mar Cheannaire, mar Leas-Cheannaire agus mar Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt ar an stáisiún.

Fág freagra ar 'Damien Ó Dónaill ceaptha ina Bhainisteoir ar Raidió na Gaeltachta i nDún na nGall'