FÍSEÁN – Mícheál Ó Ruairc faoi agallamh

An scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc faoi agallamh ag Tuairisc.ie

Mícheál Ó Ruairc faoi agallamh ag Tuairisc.ie agus blaisín dá shaothar á léamh aige as a chnuasach filíochta ‘Dambatheanga’, a bhuaigh an chéad duais i gCómórtas Filíochta an Oireachtais 2014. Cnuasach dátheangach atá sa bhailiúchán dánta ‘Dambatheanga’, foilsithe ag Arlen House, a dhíríonn ar staid na teangan sa lá atá inniu, chomh maith le dánta pearsanta. Seo an chéad chnuasach ag an fhile, gearrscéalaí agus úrscéalaí ó cheantar an Leitriúigh i gCiarraí ó bhí 2001 ann.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN – Mícheál Ó Ruairc faoi agallamh'