‘Damáiste uafásach’ á dhéanamh ag Steip do ‘Ghaelachas an Oireachtais’

Tá 'imní mhór' léirithe ag cumann Gaeltachta de chuid Shinn Féin faoin méid Béarlóirí atá meallta ag Oireachtas na Samhna ag an gcomórtas damhsa

Steip

Tá cáineadh déanta ag Cumann Gaeltachta de chuid Shinn Féin faoin méid Béarla a bhí á labhairt ag Oireachtas na Samhna 2016 i gCill Airne ag deireadh na míosa seo caite.

Ba ar an gcomórtas damhsa ‘Steip’ a leag Cumann Mháirtín Uí Chadhain de Shinn Féin an chuid is mó den mhilleán as lucht labhartha an Bhéarla a mhealladh chuig mórfhéile na nGael i mbliana.

Dúradh i ráiteas a d’eisigh an Cumann inniu gur mealladh iomaitheoirí nach raibh Gaeilge acu chuig an gcomórtas agus go raibh tionchar aige sin ar an méid Béarla a bhí le cloisteáil, ní hamháin ag Steip na bliana seo, ach ag imeachtaí eile de chuid an Oireachtais, Club na Féile ina measc.

Pléadh imeachtaí an Oireachtais ag cruinniú de chuid Chumann Uí Chadhain, atá lonnaithe i gCois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe, i ndiaidh na féile an tseachtain seo caite.

Glacadh leis an rún go molfaí imeachtaí an Oireachtais, go háirithe na comórtais do na healaíona béil; amhránaíocht, agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht agus eile, ach “léiríodh imní mhór” faoin méid Béarla a bhí le cloisteáil timpeall óstán an Gleneagle agus i measc lucht freastail an Oireachtais agus maíodh go bhfuil “damáiste uafásach” á dhéanamh don fhéile.

Freisin, tugtha moladh mór ag an gcruinniú do Thuismitheoirí na Gaeltachta agus don dea-obair, a dúradh, atá ar siúl acusan chun páistí a ullmhú do chomórtais ardáin an Oireachtais.

“Ceapann an Cumann gur chóir do Choiste an Oireachtas athbhreithniú a dhéanamh ar an gComórtas Steip dá bharr, ar mhaithe le todhchaí na Gaeilge agus fiúntas an Oireachtais go deimhin,” a dúirt Máirín Mhic Lochlainn ó Chumann Mháirtín Uí Chadhain Shinn Féin.

Ní raibh Uachtarán Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha, ar fáil agus an t-alt seo á scríobh.

Fág freagra ar '‘Damáiste uafásach’ á dhéanamh ag Steip do ‘Ghaelachas an Oireachtais’'

  • Liamo

    Cúpla rogha mar réiteach ar seo 1 Steip a eagrú ar an Déardaoin ionas go mbeidh na Béarlóirí imithe ar an Aoine 2 Deireadh a chur le Steip mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge nó 3 Cead d’Iomaitheoirí le Gaeilge amháin a bheith páirteach nó réamhbabhtaí cúpla seachtain roimhe sin agus deich iomaitheoir i ngach aoisghrúpa ann don Oireachtas

    Faraor táim i bhfábhar uimhir a dó agus é a chur ón gclár mar tá athrú suntasach ar líon na n-iomaitheoirí anois tá muintir na Gaeltachta is Gaeilge ina mhionlach agus trí cheathrú dóibh a bhíonn ag glacadh páirt ann is Béarlóirí iad. Tá cinneadh le déanamh ag lucht eagraithe Oireachtas na Gaeilge!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is cuimhin liom cúpla bliain ó shin fógra ón ardán as Béarla maidir le sábháilteacht agus tine ag comórtas rince ar an sean-nós ag an Oireachtas.
    Rinne mé gearán ar ndóigh.
    Caithfear a bheith san airdeall nó ní bheidh ann ach athleagan den Fhleadh Cheoil [sic].
    Murar féidir le lucht eagraithe an Oireachtais an scéal a leigheas b’fhearr deireadh a chur le Steip.
    Tá níos mó i gceist le hOireachtas na Gaeilge ná tóineanna ar chathaoireacha nó ba cheart go mbeadh .i. tearmann do lucht labhartha na Gaeilge inar féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an Ghaeilge ag 99% den chomhluadar. Áit gur féidir braith normálta ar feadh cúpla lá. An tír mar ba chóir don tír a bheith.

  • Stilla

    Nach bhféadfadh an saor-Steipeadóireacht “ar an sean-nós” bheith mar chuid den chomórtas treabhadóireachta, den bhfleá cheoil, d’fhéile na n-oisrí, de seó na gcapall, nó d’Ardfheis Fhine Gael chomh maith? Ceist eile í ceist labhairt na Gaeilge. Ba cheart duaiseanna don seanchas, don agallamh beirte, don óráidíocht agus do chuile ghné de na healaíona béil i nGaeilge a mhéadú oiread is ab fhéidir ag an Oireachtas, Féile Teanga na nGael B’fhiú dé-atlan a dhéanamh de gach comórtas nach bhfuil ag brath ar an teanga i gcaoi is go gcaithfeadh na hiomaitheoirí sin scéal a insint, dán a aithrís, nó amhrán a chasadh i nGaeilge nó rud éigin a léireodh go raibh an teanga saothraithe acu. Chuirfeadh sé sin na steipeadóirí is lucht seinnte na n-uirlisí ceoil ag foghlaim na teanga chomh maith.

  • Mánus

    Ní le Conradh na Gaeilge an tOireachtas níos mó agus tá an rian sin air. Ní dheachaigh go leor Gaeil ann i mbliana toisc go bhfuil comórtas rinnce do Bhéarlóirí ag milleadhh an an t-aon teacht le chéile mór bliaintúil a’tá ag na Gaeil.

  • Austin Keegan

    Cuireann é sin masmas orm. Cheapas go raibh rud amháin fagtha ina raibh an lámh in úachtar ag an Ghaeilge. Tá an cuma ar an scéal nach bhfuil sé sin fíor a thuilleadh.

  • Liamo

    Moladh iontach Stílla maidir le Steip a bheith mar chuid den Chomórtas Treabhadóireachta -réiteach maith. Molaim in áit Steip gurbh fhéidir Comórtas na gCór a reachtáil ina áit. Mheallfaidh sé slua ollmhór.

  • Breandán

    Níl Shinn Féin ach ag déanamh ceap milleán de Steip. Aontaím go bhfuil Béarla le cluinstin i measc cuid de na h-iomaitheoirí agus lucht tacaíochta de Steip, ach tá go leor dreamanna eile a mbíonn ag spalpadh i mBéarla ag an Oireachtas. Má tá Sinn Féin ag moladh athbhreithniú a dhéanamh ar Steip, tá sé comh maith acu, dul i dteangmháil le hAontas na Mic-léinn maidir le “cód teanga” na mic léinn ag club na féile agus ar deireadh tríd a chuid chumann áitiúil féin fháil amach na daoine ón nGaeltacht a bhí ag caint leath i nGaeilge agsu leath i mBéarla…Bye now tá tú alright slán a mhac !!!!

  • Éamonn Ó Dónaill

    Scrúdú gramadaí: an t-aon leigheas ar an scéal.

  • Breandán

    Go bhfóire Dia orainn, a Éamoinn, tú féin amháin a bheidh in ann freastal ar an Oireachtas i 2017 má tá muid le tabhairt faoi scrúdú gramadaí?